Iompar Trumpúil an rialtais ag cur le míshásamh sna fórsaí cosanta

Ba chóir don Aire Stáit sa Roinn Cosanta leithscéal a ghabháil leis an gcabhlach as an fhírinne a shéanadh

Iompar Trumpúil an rialtais ag cur le míshásamh sna fórsaí cosanta

Aire Stáit sa Roinn Cosanta, Paul Kehoe. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

D’fhógair an rialtas ardú an tseachtain seo caite ar liúntais éagsúla a íoctar le comhaltaí na bhfórsaí cosanta. Má bhí súil ag an Aire Cosanta Leo Varadkar (tá dhá phost aige) go bhfáilteofaí roimh an ardú, bhí dul amú air.

Ba léir ó thús gur ar éigean a chuirfeadh an t-ardú, ar fiú €10 milliún é ina iomláine, stop le laghdú na foirne san arm, san Aerchór agus go háirithe sa chabhlach. Is suarach an t-ardú é, mar shampla, má chuirtear i gcomparáid é leis an ardú €50 milliún a tairgeadh do na Gardaí anuraidh. 

Is deacair a thuiscint mar sin cén fáth gur chuir an tAire Stáit Paul Kehoe tús le hachrann eile faoi chúrsaí cosanta. D’eisigh sé giolc Dé Sathairn inar mhaígh sé go raibh dhá long, an LÉ Eithne agus an LÉ Órla, á gceangal le cé lena gcothabháil. 

Dúirt Paul Kehoe gur phléigh sé an scéal le ceann foirne na bhFórsaí Cosanta Mark Mellett sular eisigh sé a ghiolc. Thug sé le fios chomh maith nach mar gheall ar ghanntanas foirne a socraíodh nach mbeadh an dá long ag seoladh ón bhfómhar ar aghaidh. 

Tá 934 duine ag obair sa tseirbhís chabhlaigh faoi láthair, in áit an 1,094 duine a bheadh fostaithe inti dá mbeadh an fhoireann iomlán oifigiúil ar fáil. Sular eisigh Paul Kehoe a ghiolc, bhí fógra inmheánach eisithe ag an gCeann Foirne a dúirt nach raibh aon dul as ag an gcabhlach ach an LÉ Eithne agus an LÉ Órla a choinneáil ceangailte in Inis Sionnach mar gheall ar easpa foirne. 

Ba léir don saol sula i bhfad mar sin, go raibh an t-aire stáit, atá freagrach as an Roinn Cosanta, ag cur in aghaidh a ndúirt an Ceann Foirne le foireann an chabhlaigh. Shéan Paul Kehoe go raibh contrárthacht ar bith ina ráiteas, agus mhaígh gur “tuairisceoireacht mhíchruinn” a thug ar dhaoine an chiall chontráilte a bhaint as. 

Bhí conspóid gan chiall dúisithe ag Paul Kehoe, fiú sular iarr Fianna Fáil agus Sinn Féin air an ráiteas inar shéan sé an fhírinne a bhí soiléir don saol a tharraingt siar. Níor tharraing sé siar é, ach tar éis cúpla lá rinne an Taoiseach cur síos ar ar tharla agus dheimhnigh go raibh na fíricí mínithe go macánta ag an gCeann Foirne.

D’admhaigh Leo Varadkar go soiléir sa Dáil Dé Máirt nach mbeadh an dá long ag seoladh mar gheall ar easpa foirne. Dúirt sé freisin go n-athbhreithneofaí na tuarastail a fhaigheann teicneoirí, a raibh géarghá leo sa tseirbhís chabhlaigh. Faraor, níor thug sé le fios cén uair a bheadh toradh ar an athbhreithniú.

Ní hionann agus go leor achrann a spreagann beartas nó ráiteas rialtais, níorbh aon Teachta Dála sa bhfreasúra a spreag an t-achrann seo. Paul Kehoe amháin a spreag é, agus a ghéaraigh air, toisc nach dtarraingeodh sé siar a ndúirt sé ainneoin é a bheith chomh soiléir sin nach raibh sé ag teacht le ráiteas a d’eisigh an Ceann Foirne Mark Mellett. 

Ba chóir dó leithscéal a ghabháil leis an gCeann Foirne, le ceannasaí an chabhlaigh Mick Malone, agus le gach comhalta den tseirbhís chabhlaigh. Mura ngabhann, is léir aidiacht amháin a oireann dá chur i gcéill: Trumpúil. 

Fág freagra ar 'Iompar Trumpúil an rialtais ag cur le míshásamh sna fórsaí cosanta'