Iomarbhá na vacsaíní – is fearr glas ná amhras

Tá muinín an phobail sa chóras vacsaínithe níos tábhachtaí ná bolscaireacht nó sáraíocht

Iomarbhá na vacsaíní – is fearr glas ná amhras

Tá taithí againn le bliain ar na difríochtaí idir cur chuige i leith na paindéime Covid -19 ar dhá thaobh na teorann. Ag tús na seachtaine seo bhí difríocht eile follasach, dáileadh vacsaíne ar fionraí sa Phoblacht agus méadú ar dháileadh an earra chéanna i dTuaisceart Éireann.

Ó dheas dúradh go rabhthas ríchúramach ar mhaithe leis an bpobal. Ó thuaidh dúradh gur mó dochar a dhéanfadh an cháiréis sin ná an damáiste a bhíothas ag iarraidh a sheachaint. Ní bhfuair feidhmeannaigh locht ar a gcéilí ar an taobh eile den teorainn ach sa bhfearann poiblí abhus rinneadh sciolladh ar an rialtas agus na feidhmeannaigh leighis i mBaile Átha Cliath. 

Neosfaidh an aimsir cé aige a bhfuil an ceart. Rinneadh cinntí go coinsiasach gan dabht ach is fearr glas ná amhras. Shílfeá gurbh fhearr le saoránaigh róchúram ná a mhalairt i bhfianaise na dtubaistí a bhain le Thalidomide nó fuil thruaillithe ónar tholg daoine heipitíteas C.

Bheadh trua ag éinne don 30,000 a bhí ag súil leis an gcéad instealladh de vacsaín AstraZeneca in aghaidh Covid-19 a fháil ó dheas an tseachtain seo. B’údar díomá dóibh cinneadh na n-údarás stop a chur leis an vacsaíniú go dtí go bhfiosrófaí tuairiscí faoi fho-iarmhairtí. B’údar díomá sa tuaisceart é an cinneadh sa deisceart, imní ar na húdaráis abhus go mbeadh drogall ar dhaoine anseo glacadh leis an vacsaín tráth a raibh sí á tairiscint don aoisghrúpa idir 60 agus 50.

An raibh an ceart ag na húdaráis ó dheas? Má bhí, an raibh cur chuige an Tuaiscirt meargánta? Má dhéanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach cinneadh go bhfuil vacsaín AstraZeneca sábháilte an mbeidh dochar déanta ag Éirinn, an Ísiltír, an Fhrainc an Ghearmáin, an Spáinn agus an Iodáil leis an moill ar vacsaíniú? Tuairiscí faoi théachtadh fola agus fadhb le pláitíní ag braisle othar san Iorua ba chúis leis an bhfionraíocht, ar eagla go ndéanfaí dochar do shláinte. 

Maíonn lucht ceistithe chinneadh na hÉireann agus thíortha eile san Aontas Eorpach gur mó an bhaint atá ag droch-chaidreamh poiblí AstraZeneca leis an bhfionraíocht ná ag baol do shláinte. 

Is fíor go bhfuil fadhb le soláthar ón gcomhlacht áirithe sin i dtíortha an AE ach an mbeadh sé loighciúil moill a chur ar dháileadh an bheagáin atá acu gan údar? A sonas a thabhairt ar a ndonas? Dá mbeadh bunús leis sin bheadh sé náireach, mífhreagrach. Cé a bhainfeadh buntáiste as?

Bhí blas den aighneas idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach ar an bplé agus AstraZeneca ina chnámh spairne in aighneas níos mó. ‘EU health chiefs back Boris’ a thuairisc ceann de thablóidigh Shasana.

Tagairt ab ea e sin do ráiteas ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach [EMA] gurb é a bharúil gur mó na buntáistí ó vacsaín AstraZeneca ná an baol ó fho-iarmhairtí. 

Bhí anailís á déanamh ag an EMA ar an bhfianaise faoi thrombóis/téachtadh fola féachaint an raibh baint ag an vacsaín le cásanna a chothaigh imní. Ní mór a fháil amach an raibh cásanna níos líonmhaire i measc daoine a fuair vacsaín ná mar a bhíonn de ghnáth. Deir daoine a chreideann gur botún í an fhionraíocht gur iomaí othar le Covid-19 a fuair trombóis agus go bhfuair roinnt díobh bás dá bharr. 

Táthar ag súil le torthaí na hanailíse ó choiste sábháilteachta an EMA inniu. Cibé toradh a fhógrófar tá práinn leis go gcothófar muinín an phobail sa chóras ionaclaithe; tá sé sin níos tábhachtaí ná bolscaireacht nó sáraíocht. Tá sé tábhachtach freisin aon deis cháinte a cheilt ar shéantóirí. Tá i bhfad an iomarca daoine caillte de bharr Covid-19 cheana féin agus géarghá le híocshláinte agus cosaint ar fud na cruinne. Cuid bhunúsach den leigheas í an vacsaín ach thar aon ní eile caithfear a chinntiú go bhfuil na vacsaíní sábháilte.

Fág freagra ar 'Iomarbhá na vacsaíní – is fearr glas ná amhras'