Iománaithe óga an Spidéil ag iarraidh briseadh croí 2014 a chúiteamh

Tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailleadh anuraidh, tá an Spidéal ar ais i bhfoisceacht 60 nóiméad de stádas Idirmheánach i nGaillimh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ard an Raithin an deireadh seachtaine seo

Páirc Uí Dhuagáin i mBaile Átha an Rí. INPHO/Lorraine O'Sullivan
Páirc Uí Dhuagáin i mBaile Átha an Rí. INPHO/Lorraine O’Sullivan

gur cuireadh siar cluiche ceannais peile Faoi-21 na Ceathrún Rua an deireadh seachtaine seo, tá foireann cluiche mór ag foireann Gaeltachta eile an Domhnach seo, ag braith ar an aimsir, ar ndóigh.

Tá iománaithe an Spidéil ag imirt i gcluiche ceannais Chraobh Sóisear A an Chontae agus iad ag iarraidh stádas Idirmheánach a bhaint amach den chéad uair le fada an lá. Ard Raithin atá ag fanacht leo sa chluiche ceannais agus an ceann is fearr faighte acu ar fhoireann ó Chois Fharraige sa chraobh roimhe seo.

Ba é ar fhoireann Mhicheál Breathnach a bhuaigh foireann dheisceart na Gaillimhe sa chluiche leathcheannais, leis an scór 3-13 in aghaidh 0-11. Agus roinnt imreoirí acu ó fhoireann Faoi-21 an chumainn a shroich babhta leathcheannais na craoibhe sa ghrád sin, is cinnte go bhfuil dúshlán mór roimh An Spidéal.

Is é seo an dara bliain as a chéile go bhfuil an cluiche ceannais sroichte ag fir an Spidéil. Ba in aghaidh Anach Cuain a chaill siad anuraidh agus ceithre phointe, 1-8 in aghaidh 0-7, a bhí idir na foirne. Beidh imreoirí an Spidéil ag iarraidh leorghníomh a dhéanamh i mbliana mar ní raibh siad i mbarr a maitheasa ar chor ar bith an lá sin.

gur shroich siad an cluiche ceannais i 2014, bhí an tuairim ann go mbeadh sé deacair an gaisce sin a dhéanamh arís, go háirithe do chumann chomh beag agus atá siad sin. Is ar éigean a tháinig fir Chois Fharraige slán as an ngrúpa i mbliana agus comhscór, in aghaidh Bhaile Átha an Rí, ina gcluiche deireanach a chinntigh áit dóibh sna babhtaí díbeartha.

Ó shin i leith, tá rudaí imithe i bhfeabhas d’fhoireann óg an Spidéil agus an bua faighte acu ar a gcomharsana, Bearna-Na Forbacha, chomh maith le Gort-Inse Guaire.

Bhí athimirt ag teastáil uathu chun an ceann is fearr a fháil ar an gCaisleán Gearr sa chluiche leathcheannais, ach d’éirigh leo an beart a dhéanamh an deireadh seachtaine seo caite gan an oiread sin dua, cé nach raibh ach trí phointe eatarthu ar deireadh, 0-13 in aghaidh 0-10.

foireann óg, chumasach ag An Spidéal agus imreoirí maithe acu ó cheann ceann na páirce ach bíonn siad ag brath go háirithe ar dheartháireacha Uí Eochaidh – Éinne sa líne lánchúil agus Cillín sa líne lántosach – chun na scóranna a fháil agus a choinneáil amach faoi seach.

Chomh maith leo sin, tugann triúr deartháireacha eile, Micheál, Seán agus Pádraig Eoin Ó Curraoin neart, fuinneamh agus cruthaitheacht dóibh i lár na páirce.

Faoi dhó a cuireadh na cluichí i gcoinne an Chaisleán Ghearr ar ceal mar gheall ar an drochbháisteach agus gan amhras níl sé iomlán cinnte go n-imreofar an ceann seo ach an oiread.

I bPáirc Uí Dhuagáin a imríodh an cluiche ceannais Dé Domhnaigh seo caite agus cé go raibh cúinne den pháirc imeartha fós faoi bheagán uisce, déanadh cinneadh dul ar aghaidh leis an gcluiche. Má thiteann múr báistí eile thar oíche, is faoin réiteoir a bheidh sé arís cinneadh a dhéanamh an cluiche a cheadú nó a mhalairt.

Fág freagra ar 'Iománaithe óga an Spidéil ag iarraidh briseadh croí 2014 a chúiteamh'