‘Iománaithe Chorcaí Ar Stailc’ – cuimhní ar an gcath

Féachann ár gcolúnaí ar an gcéad chaibidil eile de scéal iománaithe Chorcaí i dtús na mílaoise

‘Iománaithe Chorcaí Ar Stailc’ – cuimhní ar an gcath

Seán Óg Ó hAilpín agus iománaithe Chorcaí in 2002. Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger

I bhfómhar na bliana 2002 toghadh Bertie Óg Murphy mar bhainisteoir nua ar iománaithe sinsir Chorcaí Bhí an post tuillte aige. Bhí dhá chraobh faoi fiche a haon na hÉireann buaite ag Corcaigh faoina stiúir agus bhí cuid mhaith de na himreoirí sin anois ar an bhfoireann shinsir.

Agus cé nach rabhas im chuid dá fhoireann bhainistíochta, bhí a fhios agam go raibh na himreoirí lánsásta leis mar bhainisteoir. B’fhear eagraithe ábalta é agus bhí a sheans sa ‘suíochán te’ tuillte aige.

Ach bhí coinníollacha níos fearr ag teastáil ó na himreoirí – bróga peile, fearas traenála, tacaíocht leighis agus táillí taistil níos fearr, béilí cearta, ballraíocht gym, níos mó ticéad do na cluichí agus meas an Bhoird.

Faraor, ní raibh an chumhacht ag Bertie Óg cuid mhaith de na riachtanais sin a sholáthar. Thuig sé go raibh coinníollacha níos fearr riachtanach, ach ní raibh an uasaicme ar an mBord ar an téad chéanna.

Bhí an-trua agam do Bhertie Óg. Bhí sé idir dhá thine Bhealtaine agus an séasúr faoi lán seoil.

Ar pháirc na himeartha, bhí rudaí go hainnis freisin. Chaill siad sa chéad bhabhta craoibhe i gcoinne Phort Láirge. Bhí an dara seans acu mar go raibh athrú déanta ar an seanchóras agus bhuadar ar Luimneach.

Fuaireadar léasadh ón nGaillimh sa chéad bhabhta eile. Mar sin bhí an séasúr críochnaithe agus gan mí Iúil fós ann.

Ní raibh na himreoirí sásta agus i rith an tsamhraidh sin chuireadar plean i dtoll a chéile chun coinníollacha níos fearr a lorg ón mbord. An chluas bhodhar a bhí i ndán dóibh.

Idir an dá linn, thuig Bertie Óg go raibh sé i lár aighneas a bhí ag éirí níos géire agus níos dáiríre de réir an lae.

I mí Mheán Fómhair, d’éirigh sé as a chúram.

B’in beirt bhainisteoirí éirithe as taobh istigh de bhliain.

Bhí mórán cruinnithe ag na himreoirí agus, dar ndóigh, mar a bhíonn i measc aon ghrúpa daoine, ní raibh gach imreoir ar aon fhocal ag an tosach. Ach diaidh ar ndiaidh bhí an grúpa ag teacht ar aon tuairim.

De réir mar a bhí ag teip ar na cainteanna idir iad féin agus an bord, thuig na himreoirí go léir go rabhadar i gcoinne dream nach raibh sásta géilleadh mórán. Is dócha gur neartaigh sé sin an fonn troda a bhí ar an ngrúpa agus gur dhaingnigh sé an nasc eatarthu.

Bhí mórán ar na meáin an fómhar agus an geimhreadh dorcha sin faoi CLG Chorcaí. Ach bhí rud amháin thar a bheith soiléir agus sin go raibh na himreoirí an-aontaithe agus go raibh grúpa dlúth anois ag seasamh i gcoinne Bord a raibh rúnaí an-ábalta agus an-chumhachtach i bhfeighil air – Frank Murphy. De réir mar a bhí na deacrachtaí ag dul in olcas, thuig na himreoirí freisin chomh stuacach is chomh ceanndána is a bhí an rúnaí.

Bhí an séasúr nua ag teannadh leo agus na himreoirí anois ag rá nach rabhadar sásta imirt.

Ansin ar an Satharn deireanach de mhí na Samhna bhain na ceannteidil ar na nuachtáin stangadh as daoine – ‘Iománaithe Chorcaí Ar Stailc’.

Bhí gach aon imreoir ón bpainéal ar aon fhocal anois agus síniú an uile dhuine acu ag bun an liosta éileamh a chuireadar faoi bhráid an Bhoird.

Bhí liosta bunriachtanas ag na himreoirí agus de réir mar a bhí na cruinnithe ag dul ar aghaidh idir iad féin agus an Bord bhí sé fós an-soiléir nach rabhadar chun géilleadh.

Bhí na nuachtáin agus na meáin spóirt go léir lán beagnach gach lá le scéalta faoin stailc. Bhí lucht leanta CLG i gcoitinne anseo i gCorcaigh ar thaobh na n-imreoirí.

Ag an am bhí Jim Forbes, fear uasal atá imithe ar shlí na fírinne ó shin, ina chathaoirleach ar an mbord. Bhí seisean chun cinn mar idirghabhálaí agus diaidh ar ndiaidh thosaigh rudaí ag athrú agus bhí comharthaí ann go raibh an bord ar tí géilleadh.

Ansin ar an ceathrú lá déag de mhí na Nollag tháinig an tsíocháin i réim nuair a ghéill an bord do mhórchuid na n-éileamh a bhí ag na himreoirí.

Ach bhí fadhb eile ag an mBord anois. Bhíodar fágtha gan aon bainisteoir acu (arís) don fhoireann agus tús an tséasúir ag teacht.

Maidir leis na himreoirí, bhuel, bhí an cath leis an mBord buaite acu. Anois bhí orthu cúpla cluiche a bhuachan.

Sin brú duit.

Fág freagra ar '‘Iománaithe Chorcaí Ar Stailc’ – cuimhní ar an gcath'