Iománaithe as Ciarraí agus Cill Dara ar thairseach na staire

Cill Mhaoile as Ciarraí agus Nás as Cill Dara atá cáilithe do chluiche ceannais idirmheánach na hÉireann

Iománaithe as Ciarraí agus Cill Dara ar thairseach na staire

Jack Sheridan agus Daniel Collins. Pictiúir: Inpho.ie

Nuair a thosnaíos ag obair le hiománaithe sinsir Luimnigh ag deireadh 2011 ceann de na chéad rudaí a thugas faoi deara ná chomh ciúin is a bhí na meáin maidir le cluichí sraithe.

Bhí Luimneach i Roinn a 2, mar a thugtaí uirthi an uair sin agus bhí i bhfad níos lú suime ag na meáin sa roinn sin i gcomparáid le Roinn 1 . Cúpla bliain roimhe sin nuair a bhíos mar bhainisteoir ar Chorcaigh, a bhí ag imirt in 1A, bhíodh tionól maith iriseoirí ag lorg agallamh i ndiaidh na gcluichí sraithe ar fad. Ach i Roinn a 2 easpa suime agus easpa sluaite a bhíodh i gceist.

Ansin i ndiaidh mo thréimhse le Luimneach chaitheas bliain ag tabhairt cabhair d’iománaithe Cheatharlach a bhí ag imirt i Roinn 2. I ndiaidh na gcluichí sraithe a bhíodh acu is iad na hiriseoirí ón nuachtán áitiúil a bhíodh ann. An scéal céanna a bhí ann leis an leantóirí. Bhíodh dream beag dílseoirí ann agus corrdhuine fánach eile. Chuir sé ionadh orm i gCeatharlach cé chomh tugtha is a bhí na himreoirí don fhoireann contae agus don traenáil agus fíorbheagán seans acu aon chorn luachmhar a bhuachaint.

Dar ndóigh tá an iomáint thar a bheith láidir i gcontaetha áirithe agus láidir go leor i bpócaí eile, ach is go fíorannamh a bhriseann aon chontae tríd. D’fhéadfainn an rud céanna a scríobh faoi iománaíocht na gclub.

Mar sin nach iontach an comhartha é na foirne a cháiligh do na babhtaí leathcheannais idirmheánacha club seachtain ó shin.  Cumann iománaíochta an Tuairín as Maigh Eo i gcoinne Nás Chill Dara agus Beannchar Dhoire i gcoinne Chill Mhaoile Chiarraí.  Agus, mar a déarfadh Brian Tyers ar TG4, gan gíocs nó míocs ó aon fhoireann as Corcaigh, Cill Chainnigh ná Gaillimh.

Roinnt blianta ó shin chonaic mé Cill Mhaoile ag imirt agus caighdeán fíor-ard acu, mar atá ag formhór  na gclubanna  iománaíochta i dtuaisceart Chiarraí.

Agus ina gcoinne bhí St Mary’s Bheannchair, foireann atá gar don taobh tíre céanna le móruaisle iomána Dhoire, Cumann Sleacht Néill. Agus amhail Sleacht Néill, tá an club láidir sa pheil agus san iomáint agus ainmneacha mar Seán Marty Lockhart, Mark Lynch agus Brian McGilligan ar liosta na n-imreoirí cáiliúla a d’imir leo. Ach bhí Cill Mhaoile níos láidre an lá úd agus beidh ar Bheannchar an turas a thosnú arís ag deireadh an tsamhraidh nuair a chuirfear tús le séasúr eile.

Is amhlaidh an cás ag foireann an Tuairín a chríochnaigh sa dara háit i gcoinne an Náis. Bhíodar lán le muinín agus iad ag tabhairt faoin gcluiche leathcheannais seo mar bhí siad ansin cheana in 2018 agus in 2020. Ach an Domhnach seo caite bhí orthu géilleadh do Nás na Rí a raibh farasbarr cúig chúilín sa deireadh acu.

Mar sin Ciarraí a bheidh i gcoinne Chill Dara sa chluiche ceannais seachtain ón lá amárach ar fhód naofa Pháirc an Crócaigh.

Agus nach iontach an rud do Chill Mhaoile agus don Nás a bheith ag imirt ansin, deis a bheith ag a leantóirí taisteal chuig Baile Átha Cliath ar an lá is mó i stair a gcumainn agus dathanna an pharóiste á gcaitheamh go bródúil  acu. Beidh an-atmaisféar, is dathanna agus gleo go leor ansin againn. Beidh ardchaighdeán iomána againn chomh maith agus cuirfidh an dá fhoireann iarracht dhiamhair isteach. Agus ag deireadh thiar, beidh buaiteoir againn nár bhuaigh an chraobh cheana. Tá na geallghlacadóirí ag ceapadh gurb iad fir Chill Dara a dhéanfaidh an t-éacht staire san.

Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Iománaithe as Ciarraí agus Cill Dara ar thairseach na staire'