Iománaí ó chontae an Chláir ainmnithe ina Ambasadóir Gaeilge ag CLG

Bhí Paul Conroy na Gaillimhe ina Ambasadóir na Gaeilge ag CLG anuraidh, an chéad uair don ról a bheith ann

Iománaí ó chontae an Chláir ainmnithe ina Ambasadóir Gaeilge ag CLG

An t-iománaí de chuid an Chláir, Paul Flanagan, atá ainmnithe ag Cumann Lúthchleas Gael mar Ambasadóir na Gaeilge do 2023.

Fógraíodh ainmniúchán Flanagan, atá ina mhúinteoir in Ardscoil Rís i gcathair Luimnigh, ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo.

Beidh baint ag Flanagan le hiarrachtaí CLG an Ghaeilge a chur chun cinn agus in imeachtaí ar nós Lá Mór na Gaeilge agus na #GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain agus beidh ábhar leis i Cuaille, iris Ghaeilge ar líne CLG.

“Tá an Ghaeilge fite fuaite i saol oibre agus pearsanta Paul agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge de chuid an Chumainn,” a dúradh ag an seoladh.

“Tá Coiste Náisiúnta Gaeilge agus foireann Chumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Paul sa bhliain amach romhainn.”

Fuair Flanagan ainmniúchán do ghradam All Star anuraidh agus é ag imirt go rialta d’fhoireann shinsir an Chláir ó 2020. Bhí an cosantóir ina chaptaen ar fhoireann Faoi 21 an Chláir a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2013 agus bhí an-rath air lena chumann Baile Aodha.

Ba mhinic é i mbun anailíse ar chluichí iomána ar TG4 agus bhí sé ar dhuine de na haíonna ar an tsraith is déanaí de Laochra Gael.

Bhí Paul Conroy na Gaillimhe ina Ambasadóir na Gaeilge ag CLG anuraidh, an chéad uair don ról sin a bheith ann.

Fág freagra ar 'Iománaí ó chontae an Chláir ainmnithe ina Ambasadóir Gaeilge ag CLG'

  • Lurgan

    Ainmniúchán iontach. Gaeilgeóir & muinteoir eisimláireach.