Íobairtí an iascaire agus saibhreas na logainmneacha ar TG4

Is cosúil go dtuigeann lucht TG4 an dúil mhíchuíosach atá ag daoine i sraitheanna ar nós Deadliest Catch agus an dúil thar na bearta ag go leor eile i gcúrsaí logainmníochta

Logainm

Bhíos ana-thógtha anuraidh leis an gclár Béaloideas Beo, atá ag filleadh ag tús na míosa seo chugainn. Cé nach raibh aon mhúnla ceannródaíoch ná buiséad mór á leanúint, dhein sé ábhar tábhachtach suimiúil a chíoradh go cumasach, cuimsitheach agus go taitneamhach.

Comghleacaí leis an gclár sin é Logainm (TG4, Dé Máírt) agus na tréithe céanna á leanúint. Tá saibhreas dochreidte ag baint le logainmneacha na tíre seo, gan trácht ar an dinnseanchas. “Gné fíorthábhachtach dár n-oidhreacht,” iad, a deir an láithreoir Breandán Ó Beaglaoich linn ag tús an chláir.

Meascán de chloigne cainte sa stiúideó agus tuairiscí ó láithreacha difriúla, mar aon le dreasanna ceoil, an múnla atá ag Logainm. B’iad Máire Ní Fhinneadha, duine de mheitheal foclóir.ie agus Liam Ó hAisibéil, scoláire logainmneacha, na saineolaithe a bhí i mbun cainte le Breandán an tseachtain seo agus fios a gcúraim agus cur i láthair maith acu beirt. 

Thaitin sé liom an tslí gur baineadh úsáid as mapaí éagsúla i rith an phlé agus ba bhreá liom tuilleadh de seo a fheiscint agus é a shníomh le grafaicí agus acmhainní tíreolaíocha comhaimseartha.

Ba dheas mar a earcaíodh daoine áitiúla, scoláirí meánscoile ina measc, le cur síos ar logainmneacha a gceantar. Go deimhin, shamhlóinn go bhféadfadh an tsraith seo, in éineacht leis an suíomh logainm.ie, a bheith ina n-acmhainní luachmhara sa seomra ranga. Tá dúil thar na bearta ag go leor daoine i gcúrsaí logainmníochta agus déanfaidh siad craos orthu féin leis an tsraith seo.

Dúrt sa cholún seo cheana gur ábhar iontais, agus easnamh sna sceidil teilfíse é, a laghad cláracha faisnéise faoi chúrsaí talmhaíochta a thagann os ár gcomhair, go mórmhór i bhfianaise thábhacht na hearnála don gheilleagar agus cé chomh fréamhaithe is atá an tslí bheatha i sícé na hÉireann. Is amhlaidh atá le hearnáil na hiascaireachta. Déanann an clár faisnéise Íobairt an Iascaire (atá mar chuid de shraith Cogar) iarracht thaitneamhach an t-easnamh seo a chúiteamh.

N’fheadar Dia ná duine an dúil mhíchuíosach atá ag daoine sa tsraith Deadliest Catch, agus tháinig comparáidí leis an táirge sin ag ráthaíocht im’ intinn ar an bpointe.

Mac léinn agus iascaire é Micheál Ó Conghaile agus tugann sé a cheamra leis ar an trálaer Iúda Naofa is é ar thuras iascaireachta deich lá go Banc an Torcáin. Is ó Inis Mór an scipéir, Máirtín Éanna, le triúr Conamarach agus Románach mar leathbhádóirí aige.

Is de bhunadh Árann Micheál agus dá bharr sin, agus de bharr a thuisceana ar an gceird, bíonn na rannpháirtithe ar a gcompord leis, rud a chiallaíonn go soláthraítear cuntas nádúrtha, éadromchroíoch ar obair an iascaire. 

“Ní fheicfidh tú plátaí beaga suaracha ag an mbord seo,” a deir sé linn agus é ag cur síos ar na hiascairí ocracha ag suí chun boird.

Is obair chrua, dhainséarach í seo ach is léir i gcónaí grá na ndaoine seo don bhfarraige agus an chomrádaíocht atá eatarthu. Seo an bád céanna a chuaigh go tóin poill amach ó Leódhas anuraidh, i ndiaidh turas an chláir seo.

Beidh clár eile chugainn faoin eachtra sin agus beidh sé mar chompánach maith don gclár le léiriú a thabhairt ar chomrádaíocht agus contúirt na ceirde seo.

Fág freagra ar 'Íobairtí an iascaire agus saibhreas na logainmneacha ar TG4'

  • Donal Mac Gearailt.

    Liosgabhach
    Dun Bleisce
    Co Luimni
    Is as Dun Bleisce me. Beagnach caoga bliain o shin bhain Coimisiun na Logainmneacha an tainm sin den bhaile anseo , agus tugadh An Dun ina ait. Is fada siar a theann an tainm seo. Ta se le fail in Analacha Innisfallen sa bhlian 847AD.(The abbot of Dun Bleisce died on this day. Snow fell.) Is cinnte o na hAnala go raibh Dun Bleisce mar ainm ann dha chead bhliain o shin , agus i bhfad roimh aimsir na Criostaiochta is doichi. Ba naireach agus ba mhaslach an rud a duirt mo dhuine ar an gclar go raibh baint ag an tainm le striapach. Ta an miniu sin ann, dar ndoigh , tugtha ag amadain gan fianaise ar bith. Ta abhaInn bheag anseo freisin , ach An Glaise tSalainn an tainm ata ar sin. Chaitheamar bliain go leith ag troid leis an gCoimisiun chun sean ainm an bhaile a shlanu agus murach Eamonn O Cuiv Ni eireofai linn. Oscail Analacha Innisfallen agus leigh faoi bhas Naomh Fiontain anseo i nDun Bleisce san naou haois. Ach bfheidir gur fearr libh an an sceal faoi shaighdiuri gallda srl. an ceap magaidh agus an scigireacht.
    Is brea liom TG4 agus murach sibh ar an bhfod ni bheadh aon rud fiuntach againn. Go dte sibh uilig slan , agus focal ar leith do Bhreandan faoin gclar Camino na Tents. Thar barr ar fad. Traoslaim go mor libh.
    Donal Mac Gearailt.
    Dun Bleisce.