Intéirneachtaí Gaeilge nua á dtairiscint ag Parlaimint na hEorpa

Triúr aistritheoirí faoi oiliúint á lorg i Lucsamburg agus folúntas eile sa Bhruiséil

Intéirneachtaí Gaeilge nua á dtairiscint ag Parlaimint na hEorpa

Tá intéirneachtaí íoctha á dtairiscint d’fholúntais in Aonad an Aistriúcháin Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa, Lucsamburg.

Triúr aistritheoirí atá á lorg le tabhairt faoi thréimhse oiliúna cúig mhí i Lucsamburg, ó thús an Mhárta go deireadh mhí Iúil 2020.

Dheimhnigh urlabhraí ó Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Pharlaimint go bhfuil iarratas amháin faighte acu cheana féin ar na folúntais oiliúna sin.

Aistritheoir faoi oiliúint a bhfuil Gaeilge líofa “amhail cainteoir dúchais” atá á lorg, a deirtear i bhfógra an phoist.

Deirtear chomh maith gur gá go mbeadh Béarla nó Francis líofa ag an iarrthóir a cheapfar agus “cumas maith” i dteanga eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Beidh na haistritheoirí faoi oiliúint ag obair faoi stiúir meantóirí, aistritheoirí gairmiúla de chuid an aonaid Ghaeilge.

Beidh oiliúint á cur ar an té a cheapfar maidir leis na modhanna aistriúcháin reatha a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí sa Pharlaimint. Deirtear chomh maith go ndéanfar leasuithe ar shaothar an aistritheora faoi oiliúint lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiliúnaí “forbairt agus foghlaim” agus “an buntáiste a fearr a fháil ón tréimhse oiliúna”.

Táthar ag súil freisin go mbeidh iarrthóirí in ann a bheith ag obair le foireann aistritheoirí an Aonaid Ghaeilge agus go léireoidís scileanna maithe cumarsáide.

Anuas ar na folúntais sin, tá intéirneacht cúig mhí ar fáil don tréimhse chéanna don chéad uair riamh do dhuine le “sárchumas” Gaeilge le dul i mbun oibre in Aonad Cumarsáide Digití na Parlaiminte. Sa Bhruiséil a bheidh an folúntas sin.

Beidh an té a cheapfar sa ról oiliúna sin ag plé le suíomh gréasáin na Parlaiminte agus leis na láithreáin shóisialta eile. Beidh ábhar i nGaeilge agus i mBéarla le soláthar ag an duine a cheapfar do leathanach nuachta na parlaiminte agus do na meáin shóisialta, Facebook, Instagram agus Snapchat san áireamh.

Beidh deis ag an duine freastal ar sheisiún iomlánach na Parlaiminte in Strasbourg.

Íocfar ar a laghad €1,335 sa mhí le daoine faoi oiliúint i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá go dtí an 30 Samhain ag iarrthóirí le cur isteach ar na folúntais.

Fág freagra ar 'Intéirneachtaí Gaeilge nua á dtairiscint ag Parlaimint na hEorpa'