Institiúid oideachais Ghaeilge ainmnithe mar an scoil teanga is fearr sa tír

Bronnadh an duais ar Ghaelcultúr ag ócáid cheiliúrtha na nGradam Oideachais a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath aréir

Institiúid oideachais Ghaeilge ainmnithe mar an scoil teanga is fearr sa tír

Tá gradam don scoil teanga is fearr in Éirinn buaite ag eagraíocht a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil.

Bronnadh an duais ar Ghaelcultúr ag ócáid cheiliúrtha na nGradam Oideachais a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Is é Gaelchultúr an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.

“Is ábhar mór bróid é dúinn an gradam seo a bhuachan,” a deir Darren Ó Rodaigh, Cathaoirleach Feidhmiúcháin an choláiste. 

“Is léiriú iontach é seo ar an dul chun cinn atá déanta ag Gaelchultúr ó bunaíodh é in 2004 agus is mór againn gur tugadh an t-aitheantas seo do scoil teanga a chuireann foghlaim na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear.”

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain, a bhíonn á dteagasc ag saineolaithe teanga, agus cuireann suíomh ríomhfhoghlama an choláiste, ranganna.com, deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí i ngach cearn den domhan foghlaim ag a luas féin. Chomh maith leis sin, is é Gaelchultúr atá roghnaithe ag an stát chun cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine san earnáil phoiblí.

Cé go bhfuil sé lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, deir Gaelchultúr go bhfuil “pobal idirnáisiúnta cainteoirí Gaeilge” cruthaithe ag an gcoláiste trína gcuid cúrsaí ar líne. In 2021, bhí 12% d’fhoghlaimeoirí an choláiste lonnaithe i Stáit Aontais Mheiriceá, bhí cónaí ar 7% sa Ríocht Aontaithe agus bhí 6% lonnaithe i mór-roinn na hEorpa.

Chun freastal ar an éileamh ar chúrsaí ó dhaoine i Meiriceá Thuaidh, tá Gaelchultúr théis ranganna oíche a thairiscint a fheileann níos fearr do dhaoine sa chuid sin den domhan.

“Tá ríméad orainn ceangal a chruthú idir foghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge ar fud an domhain agus pobal bríomhar Gaeilge a chothú,” a deir Ellen Curtin, Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta an choláiste. “Agus tá muid ag súil go mór le tógáil ar an méid atá bainte amach againn sna blianta atá romhainn.”

Reáchtáladh ócáid bhronnta na nGradam Oideachais in Óstán Chluain Tarbh Dé Céadaoin. 

Deir lucht na nGradam Oideachais go mbronntar na duaiseanna ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar obair shármhaith san earnáil oideachais tríú leibhéal ar oileán na hÉireann.

Ba é Gaelchultúr an t-aon institiúid a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge amháin a ainmníodh don ghradam don scoil is fearr.

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a bhuaigh an phríomhdhuais, ‘an gradam sármhaitheasa’ ag an ócáid.

Fág freagra ar 'Institiúid oideachais Ghaeilge ainmnithe mar an scoil teanga is fearr sa tír'

  • An Teanga Bheo

    Maith sibh go néirí libh i gconaí

  • Antoin Daltún

    Comhghairdeas libh.