Insítear scéal maith go stuama i Selma

Ar uairibh, áfach, táthar chomh dílis sin don scéal go bhfuil rian na faisnéise níos láidre ná rian na drámatúlachta ann

hero_Selma-2014-1

Stiúrthóir: Ana DuVernay

Cliar: David Oyelowo, Carmen Ejogo, Opray Winfrey, Tom Wilkinson, André Holland, Lorraine Toussaint, Tim Roth, Martin Sheen, Cuba Gooding Jr.

Is liosta le háireamh iad na stiúrthóirí a léirigh spéis tabhairt faoin togra seo le blianta anuas : Steven Spielberg, Stephen Frears, Paul Haggis, Spike Lee, Lee Daniels agus Michael Mann. Ina theannta sin, bhí meascán mearaí d’aisteoirí luaite le rólannna, ó Liam Neeson agus Hugh Jackman go Cedric the Entertainer agus Lenny Kravitz.

Bhí a fhios ag madraí an bhaile go dtarringeodh ábhar an scannáin aird an phobail, agus cáineadh fíochmhar dá rachfaí ar bhóléigear. Ar an taobh eile den scéal, thuig daoine chomh maith céanna gur baoite gradam a bheadh ann dá soláthrófaí táirge cumasach.

Lena chois sin ar fad, cé gur deacair é a chreidiúint, seo é an chéad mhórscannán le dealramh faoi Martin Luther King. Bhí an scannán teilifíse Boycott ann in 2001 (inar thug Carmen Ejogo faoi ról bean King den chéad uair) agus bhí Selma, Lord Selma ar an scáileán i 1999 ach ní raibh an bús céanna fúthu. Bhí dualgas, brú agus freagracht faoi leith ar an gcomhghuaillíocht seo (ina raibh stiúrthóir agus príomhaisteoir anaithnid) is iad ag treabhadh faoi scáth dia beag agus anáil sárshaothair dála Malcolm X (1992).

Ag tús an scannáin, feictear Duais Nobel na Síochána á bronnadh ar King. Tá gluaiseacht na gcearta sibhialta in airde láin agus King ina cheann feadhain. Ritheadh Acht na gCearta Sibhialta an bhliain chéanna agus bhí an chos á bhaint den bholg ábhairín. Ó dheas, áfach, bhíothas ag tarraingt na gcos agus dris chosáin institiúideach ag séanadh cearta vótála, mar a léirítear go paiteanta ag tús an scannáin le carachtar Winfrey.

Tá caidrimh chiníocha Mheiriceá in umar na haimléise ar na saolta seo ach ní choimeádfaidís coinneal le brúidiúlacht, cúngaigeantacht, cruálacht agus fuath na seascaidí le lucht na mbráillíní bána agus a lucht cumainn ag cothú mioscaise agus foréigin. Dar liom go ndéileálann an scannán go neamhbhalbh leis an toise seo den scéal gan sleamhnú i dtreo na háibhéile.

Is iad máirseálacha Selma go Montgomery (trí cinn a bhí ann ach is é an ceann deireanach a bhain ceann scríbe amach) máithreacha an scannáin. Déantar imeachtaí na tréimhse a chíoradh go cáiréiseach, stuama, cé gur tharraing an léiriú ar Uachtarán Johnson mar chéile comhraic seachas comghuaillí cáineadh go leor ó staraithe.

Ar uairibh, áfach, bhíothas chomh dílis sin don scéal – agus is scéal iontach é gan aon agó – go raibh rian na faisnéise níos láidre ná rian na drámatúlachta. Is beag iarracht, seachas mír bheag chumasach faoi adhaltranas King, dul i ngleic le saol agus carachtar King. Dar liom gur cúbadh ón bhféidearthacht. Déanann na príomhaisteoirí a gcúram go slachtmhar cé nach dtugtar a ndúshlán. Tá cliar cumasach bailithe le chéile agus tugann Wilkinson agu Roth taispeántais chuidsúlacha.

D’fhág sin ar fad gur Thirteen Days (2000), scannán a dhírigh ar ghéarchéim na ndiúracán le linn ré Kennedy go hábalta, taitneamhach, a tháinig ag ráthaíocht im intinn mar chomparáid. Ní haon cháineadh é sin ach a rá go n-insítear scéal maith go stuama, taithneamhach le carachtracht fágtha i leataobh. Tá a rian sin le feiscint ar na hainmniúchán Oscar mar a bhfuil na haisteoirí fágtha ar an trá fholamh.

Fág freagra ar 'Insítear scéal maith go stuama i Selma'