Insíonn na fíricí a scéal féin, nó go n-athraíonn na fíricí…

LÉIRMHEAS: Agus sinn ag tiargáil do chomóradh 1916, d’fhéadfaimis ceacht a fhoghlaim ó chnuasach nua d’aistí an staraí Tony Judt

Tony-Judt

Tony Judt, When the facts change: essays, 1995-2010 (Heinemann, 2015)

Seans gurb é Tony Judt an stairí Briotanach ba chumachtaí le fiche bliain anuas, ach go háirithe más ionann cumhacht agus tionchar domhanda.

Lena chuid altanna sa New York Review of Books mar aon lena chuid iriseoireachta (i dteangacha éagsúla) agus a chuid leabhar, ba dheacair éalú uaidh.

Scoláire uaibhreach ab ea Judt, agus fonn air de shíor a chuid ionracais a chur in iúl dá lucht léite.

Ba é an j’accuse an cur chuige ab fhearr leis agus é ag iomrascáil le polaitíocht ár linne. Fuair sé bás go tubaisteach in 2010 fé ualach ALS, ach bheartaigh a bhaintreach cnuasach nua dá shean-aistí a chur i dtoll a chéile. Baineann na haistí sin leis na téamaí is mó a ndearna sé cíoradh orthu i gcaitheamh a shaoil, i., todhchaí Iosrael mar Stát Giúdach (más ea), fulaingt na bPalaistíneach ó Nakba1947 ar aghaidh, sláinte na Náisiún Aontaithe tar éis ré Cheney agus Bolton agus na scoilteanna inmheánacha idir ballstáit an Aontais Eorpaigh.

Ba iad na scoilteanna seo croílár a leabhair cháiliúil, Postwar (2005), cur síos oilte fíor-éirimiúil ar aiséirí na mór-roinne i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, le béim ar leith ar na tíortha “beaga” cosúil leis an mBulgáir, an Bheilg, agus an Albáin. Cloistear guthanna éagsúla sa chnuasach deireanach seo. Seo chugainn Judt ag scríobh ar chuma abhcóide i gcoinne Likud in aiste amháin, mar iarshóisialach ag ceiliúradh seirbhísí poiblí na Breataine in aiste eile, agus mar sheanchara ag tabhairt ómóis do scoláire mór le rá in aiste eile fós.

Fágann Judt slán go croíúil anseo le Leszek Kołakowski, an staraí Polannach a scríobh Main Currents of Marxism, an staidéar is fearr dá bhfuil ann ar an mealltacht rómánsach a bhain leis an gcumannachas sa bhfichiú haois tar éis fhoilsiú To the Finland Station le Edmund Wilson agus Witness le Whitaker Chambers.

Mheas Judt gurbh é Caitliceachas Kołakowski, mar aon lena mhórimní faoi chumhacht an oilc, ba mhó a spreag a fheachtas frithchumannach, feachtas as ar eascair “liobrálachas na heagla” – “the uncompromising defense of reason and moderation born of firsthand experience of the consequences of ideological excess”.

Ba chóir do léitheoirí Éireannacha aghaidh a thabhairt ar an adieu eile anseo áfach, an ceann a bhaineann le smaointe an staraí Fhrancaigh François Furet.

Dar le Judt, gurbh é Furet a thug misneach dá ghlúin féin éalú ón síor-adhradh agus an síorcheiliúradh ar an stair. Ba chuma le Furet gurbh iad na Jacobins a chruthaigh an Fhrainc. Níor ghlac sé le fiacha na staire.

“It was not inscribed in the genetic code of French history, [Furet] argued, that the nation must be indefinitely divided between an ideologically myopic Left and an intransigently aggrieved Right. This division no longer described anything real about France: the French Revolution was over. Furet’s recasting of our understanding of the French Revolution was itself a significant factor in helping to displace the hitherto omnipresent revolutionary heritage in French political debates. As a result it is once again possible in France to discuss politics, political philosophy and the place of the state in society without constant recourse to the old categories: the bourgeoisie, the proletariat, class conflict, the ‘historical process’, revolution versus reform, and so forth”.

Ba dheas an rud é dá mba ann do mhacasamhail Furet sa tír seo, duine éigin a mhúinfeadh an ceacht céanna dúinne roimis 2016.

Fág freagra ar 'Insíonn na fíricí a scéal féin, nó go n-athraíonn na fíricí…'