Insímis stair ‘bheo’ an phobail i 2016

Is minic conspóid ag baint le comóradh ar eachtraí stairiúla ach caithfear a bheith cúramach gan géilleadh don laochadhradh agus, ag an am céanna, gan priompalláin a dhéanamh dínn féin.

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá bealaí difriúla le aghaidh a thabhairt ar stair atá conspóideach.

I 1970 thug sainsiléar iarthar na Gearmáine, Willy Brandt, cuairt ar ionad cuimhneacháin do dhaoine a bhásaigh ag troid in aghaidh na Gearmáine i Vársá sa Dara Cogadh Domhanda.

Le teann aiféala faoi iompar na Gearmáine sa chogadh, chuaigh Brandt ar a dhá ghlúin os comhair an phobail Pholannaigh.

Scoilt a phobal féin faoin ngníomh ach is cinnte gur fheabhsaigh an caidreamh idir an dá thír dá bharr.

I nGallipoli na Tuirce, áit inar throid an Tuirc in aghaidh airm Impireacht na Breataine, tá na focail seo, a scríobhadh sna 1930í, dírithe ar mhuintir na marbh a d’fhág na hionróirí ina ndiaidh:

“You, the mothers, who sent their sons from faraway countries wipe away your tears; your sons are now lying in our bosom and are in peace, after having lost their lives on this land they have become our sons as well.”

Is féidir díriú ar do chuid marbh féin amháin ach é a dhéanamh ar bhealach sollúnta mar a tharla ag Túr Londain i mbliana le taispeántas ollmhór dírithe ar an gCailleach Dhearg (An Poppy).

Ar an lámh eile, is féidir leis an mbealach go mbreathnaíonn tír ar a ról féin i gcoimhlint cur as dóibh siúd atá timpeall uirthi, mar a tharla san Áis nuair a bhí agóidí faoi théacsleabhar nua sa tSeapáin a thug leagan d’iompar na Seapáine sa Dara Cogadh Domhanda a mothaíodh a bheith ‘rónáisiúnach’ agus ‘róghlan’.

Rogha eile ná an ócáid a bhunú ar cheiliúradh ar an an náisiún mar phobal agus daoine a thabhairt le chéile don lá sin, ach don lá sin amháin, mar a tharlaíonn ina thuilleadh tíortha.

Sin é an cinneadh atá le déanamh ag pobal na hÉireann faoi 2016, ceann de na roghanna seo a ghlacadh chucu féin.

Tá níos mó ná cnámh spairne amháin i gceist.

Tá míshuaimhneas faoi cé atá le bheith i láthair ag an gcomóradh, an míleatachas a bhainfidh nó nach mbainfidh leis an gcomóradh agus an leas a d’fhéadfadh páirtithe polaitiúla áirithe a bhaint as an ócáid. Tá imní ann freisin faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomóradh ar an Tuaisceart chomh maith le hargóintí faoi shuáilcí na ndaoine a d’éirigh amach, a bhfiúntas agus an cineál stáit a fuair muid.

Agus an cheist is mó, b’fhéidir: an ceart an deis a thapú le breathnú siar nó breathnú ar aghaidh?

Aisteach go leor, cé go samhlaítear comóradh 1966 ar an Éirí Amach mar fhéile mhíleata, bhí go leor de na cineálacha céanna díospóireachtaí ann.

Díreach mar atá sa lá atá inniu ann, bhí argóintí, roinnt acu a bhí sách binibeach, idir an stát agus gaolta na marbh. Bhí líomhaintí ann go raibh Fianna Fáil ag baint leas polaitiúil as an ócáid; bhí aighneas ann faoi chomh Gaelach agus chomh cothrom agus a bhí an stát chomh maith le ceisteanna maidir le céard iad na luachanna a bhain leis an Éirí Amach a bhí feiliúnach don ré nua.

Go pearsanta, bheinnse ag súil go dtiocfadh an brú cuimhniú ar an tréimhse réabhlóideach ón mbonn aníos seachas ón mbarr anuas mar is torthúla a bheidh sé dá bharr.

Bheinn ag súil le níos mó ná ócáid mhór mhílteach i lár Bhaile Átha Cliath, go n-imeodh daoine abhaile agus nach gcuimhneofaí air arís go dtí 2066.

Níl cnoc ná machaire sa tír seo nach féidir a cheangal ar bhealach éigin leis an Éirí Amach, nó le Cogadh na Saoirse agus leis an gCogadh Cathartha.

Ba cheart do phobail ar fud na tíre seilbh a ghlacadh in athuair ar a stair féin, í a bhogadh as an gcartlann, as an mbailiúchán béaloideasa, as an leabhar staire agus í a chur i mbéal an phobail arís trí chainteanna poiblí, taispeántais ealaíne, drámaí, leabhráin eolais, léachtanna cuimhneacháin agus trí chosaint a thabhairt d’ionaid oidhreachta atá faoi bhagairt.

Is saibhre a bheas muid, cinnte, dá bharr agus beidh an stair beo freisin.

Ní gá go mbeadh aird an phobail dírithe ar chúrsaí míleata.

Ba cheart iarrachtaí athbheochana teanga a thabhairt chun cuimhne, litríocht na reibiliúnach, ról na mBan, cúirteanna Dála, stailceanna ginearálta, stailceanna ocrais, tithe a thug a bheith istigh dóibh siúd a bhí ar a dteitheadh; bolscaireacht, bailiú faisnéise, agóidíocht talún agus mar sin de.

Is féidir breathnú orthu siúd a throid ar son agus in aghaidh na Réabhlóide agus iad siúd a bhí istigh i lár báire, an dream a bhí sásta, leathshásta agus iomlán míshásta leis an Stát nua a cruthaíodh in 1921-22.

Is féidir inspioráid a ghlacadh as gnéithe áirithe den réabhlóid, meas a bheith againn ar ghnéithe eile agus muid a bheith cáinteach ar ghnéithe eile arís.

Cé go gcaithfear a bheith cúramach faoi laochadhradh, caithfear a bheith chomh cúramach céanna gan priompalláin a dhéanamh dínn féin.

Ó thaobh na tuisceana ar an stair de, níl fiúntas ar bith i gceachtar den dá rud.

– Is staraí agus údar é Cormac Ó Comhraí

Fág freagra ar 'Insímis stair ‘bheo’ an phobail i 2016'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Ar cheart díriú ar éachtaí an ama atá caite, nó ar an staid ina bhfuilimid inniu? Ceiliúradh nó agóid, comóradh nó clamhsán? Bhí staicl ocrais ag Gaeil i 1966. Cad a dhéanfaidh Gaeil an lae inniu?

  • Liam Ó Briain

    Táim idir dhá chomhairle faoi 2016. Ba chóir comóradh éicint a bheith ann ach is deis dúinn mar chainteoirí Gaeilge chun a dhul i mbun agóidíocht agus aird a thabhairt ar staid na teanga. Táim ag ceapadh go mbeadh an bPiarsach, McDonagh agus a léithéid sásta linn maidir leis an “ghníomh díreach” agus ní athscríobh staire é sin.Tá súil agam go mbeidh na céadta gafa sa bpríosún agus cuid dóibh sásta a dhul ar stailc ocrais um an dtaca sin mise ina measc.