‘Ins and oots’ an ‘heid-coont’ a mheabhraigh dom gurb ann don Ultais

Is é an donas ar fad faoi go bhfuil níos mó Ultaise scríofa sa cholún seo ná mar a chluinfeá in áit ar bith

‘Ins and oots’ an ‘heid-coont’ a mheabhraigh dom gurb ann don Ultais

Caitheann tú an oiread sin ama ag plé le heagraíochtaí Gaeilge go ndéanann tú dearmad de lucht na hUltaise. Ach leathbhádóir de chuid Fhoras na Gaeilge atá ann mar Tha Boord o Ulstèr-Scotch – bíodh is gur beag tuairisc nuachta a bhíonn le feiceáil faoin bhoord ar na saolta seo nó in am ar bith i ndáirire. 

Is fada fada ó chonaic mé ráiteas ar bith nó scéal ar bith faoin obair atá ar siúl acu. Is léir nach bhfuil díorma iriseoirí Ultaise ar bith ann le sonc a thabhairt don bhoord agus léargas a thabhairt ar an obair. B’fhéidir gur léiriú eile é sin ar mheon iriseoirí ina leith – creideann siad nach bhfuil spéis ag an phobal san obair.

Tá ochtar ball ag Tha Boord le cúram a dhéanamh den obair. Thug mé spléachadh ar a shuíomh idirlín Dé Máirt agus ba chosúil go raibh ceithre áit ar an bhoord sin gan líonadh, an leas-chathaoirleach san áireamh. ‘2020’ an dáta a bhí luaite leis na baill a bhí ceaptha. Seans go bhfuil baill eile le ceapadh ar ball ach is cosúil, faoi láthair, gur leathbhoord atá ann. Ní dea-thuar é sin.

Lena chois sin, is i mBéarla atá eolas an tsuímh le fáil, rud a bhaineann preab asat. I ndeireadh thiar thall, nach bhfuil lucht na Gaeilge agus na hUltaise ar aon fhocal go bhfuil barraíocht Béarla ar an tsaol?

Nóta ó lucht daonáirimh 2021 sa Tuaisceart a chuir an Ultais i gcuimhne dom as an nua. Tá deis ann an daonáireamh nó “tha heid-coont” mar a thugann siad air, “an ceannchuntas” a líonadh in Ultais más mian leat. 

Tá eolas le fáil faoin daonáireamh in Ultais faoin teideal “Ins and oots”. Abair os ard é agus beidh sé agat. Tá “Luk-ower” le fáil agus moltaí ar “Fillin oot yer heid-coont oanline” agus “Fillin oot yer heid-coont by scrievin oan paper”. 

Scríobhtar níos faide anonn: “Tha heid-coont onlie cums aboot yinst iverie 10 yeir an gies us a pictèr o aa tha fowk an hoosehauds in Norlin Airlann.”

(Féach go mbíonn lucht na hUltaise “scrievin oan paper” a fhad agus a bhíonn lucht na Gaeilge “ag scríobh ar pháipéar”.)

Anois, má léann tú an líne go cúramach agus má scrúdaíonn tú na focail go cruinn; ba cheart go mbeifeá in ann ciall a bhaint aisti le do chuid Béarla, is cuma más de bhunadh Chiarraí, Chorcaí, Chonamara nó eile thú.

Maith thú féin, tá fáinne airgid san Ultais agat agus seans nach bhfaca tú Ultais riamh. Amharc, mar sin féin, gur éirigh leat, bunaithe ar do chuid acmhainní Béarla féin “cúpla focal” a thabhairt leat. Ar lámh amháin de, is tógáil croí é sin agus is deas teanga ar bith a fhoghlaim. Ar an lámh eile de, nach bhfuil sé rud beag róshimplí mar theanga? Dá scríobhfainn an líne sin i nGaeilge, cá mhéad foghlaimeoir a bheadh in ann aici?

Tá línte ann a bhainfeadh tuisle asat gan cheist: “Tha repones gethert by tha Heid-coont bis uised tae mak a caa oan hoo ye pye fur an plenish main sarvices lake lear, convoy and halth.” 

(“And” a scríobhtar idir “convoy” agus “halth”. Seans nár mhothaigh duine ar bith an botún agus cé a thógfadh sin orthu?)

Seans mór go raibh tú in ann 90 faoin gcéad den líne sin a thuigbheáil agus nach raibh ann ach cúpla focal a thug do dhúshlán. Ní doiligh cód na hUltaise a bhriseadh ach Béarla bheith agat – tha repones/the responses; gethert/gathered; tae mak/to make; a caa oan hoo ye pye fur /a call on how you pay for.”

Agus fágfaidh mé fút féin é an chuid eile den aistriú a dhéanamh má tá fonn ort fáil amach cad iad na “main sarvices”.

Is é an donas ar fad faoi seo go bhfuil níos mó Ultaise scríofa anseo ná mar a chluinfeá in áit ar bith. Ní aimseoidh tú duine ar bith sa Tuaisceart a bheadh in ann an Ultais a labhairt mar atá sí scríofa anseo. Beidh cuid de na focail sin le cluinstin i gcaint na ndaoine, thall is abhus, ach seo teanga scríofa, teanga atá cumtha, teanga atá forbartha agus teanga nach ionann í agus an teanga labhartha ar chor ar bith.  

Mar sin féin, go n-éirí leis an heid-coont.

Fág freagra ar '‘Ins and oots’ an ‘heid-coont’ a mheabhraigh dom gurb ann don Ultais'

  • Fionnbarra

    Caithfidh mé a rá gur bhris mé amach ag gáire agus mé ag léamh seo. The whole thing is a hoot!

  • Seán Fennell

    Pól,
    Seán Fennell anseo a chara. Ag iarraidg dul i dteagmhàil leat maidir le cúrsaí filíochta…
    baineann muid úsáid as do chuid dánta sa rang.
    Dèan teagmháil liom, beidh mo sheoladh ríomhphoist thíos nó thioccadh le Tuairisc é a chur chugatsa!