Inniu lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht…

Bhí aird an domhain níos mó ná riamh ar an eolaíocht le bliain agus an pobal i dtuilleamaí na heolaíochta leis an Covid-19 a cheansú agus bhí foclóir na heolaíochta ar bhéal gach éinne

Inniu lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht…

Laura McMahon agus Niamh Muldowney ó Gaelcholáiste Luimnigh in 2019. Pictiúr: Eamonn Farrell / RollingNews.ie

Bhí aird an domhain níos mó ná riamh ar an eolaíocht le bliain agus an pobal i dtuilleamaí na heolaíochta leis an Covid-19 a cheansú agus bhí foclóir na heolaíochta ar bhéal gach éinne

Tá saothar is ról tábhachtach na mban i réimse na hEolaíochta á cheiliúradh ag na Náisiúin Aontaithe inniu agus ugach agus spreagadh á thabhairt do chailíní agus do mhná óga tabhairt faoin eolaíocht mar ghairm.

Ag Comórtas Eolaí óg na Bliana i mí Eanáir cailíní ab ea 62% de na daltaí a bhí páirteach ann rud a léiríonn an t-athrú atá tagtha ar an dearcadh faoi mhná san Eolaíocht.

Ní hé sin le rá nach bhfuil bearna fós idir an líon ban agus fear a thugann faoi léann na hEolaíochta ag an tríú leibhéal. I bhformhór thíortha an domhain is mó céimithe ban a thagann as na coláistí ach is lú ná 30% de na céimithe ban ar fud na cruinne a thugann faoin staidéar in ábhair STEM [Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic]. 

Anseo in Éirinn 35% díobh siúd a bhí ag staidéar sa réimse sin, ba mhná iad in 2016 cé go raibh os cionn 50% á dhéanamh sin i roinnt mhaith tíortha, mar shampla, an Airgintín, Guatamala, Veiniséala, An tSeirbia agus an Nua-Shéalainn.

I dtaighde a rinne UNESCO, ba léir gur lú tuarastal is deiseanna a saothar a fhoilsiú a fhaigheann taighdeoirí ban i réimse STEM, agus go gceiltear deiseanna dul chun cinn gairmiúil ar mhná toisc nach dtugtar aon aitheantas d’aon chúraimí eile a bheadh orthu, cúraimí nach n-aithnítear i struchtúr chleachtas na heolaíochta. Ní hannamh saoire mháithreachais ina bhac ar dhul chun cinn sa ngairm.

Bíonn tionchar ag claonadh agus steiréitíopáil shóisialta ar mhná óga agus iad ag tabhairt faoi ghairm saoil agus i ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn inniu, iarrann sé ar institiúidí tríú leibhéal agus fostóirí na hathruithe is gá a dhéanamh le freastal ar eolaithe óga ban.

Ina theachtaireacht ag comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn go raibh sé tábhachtach “cion na mban i réimse na heolaíochta a cheiliúradh, aitheantas a thabhairt don tábhacht atá leis an ionchur sin, agus aird a tharraingt ar an ngá leanúnach atá ann gníomhú lena chinntiú go gcloistear glórtha na mban agus na gcailíní níos forleithne agus ar gach leibhéal i ndomhan na heolaíochta”.

Luaigh an tUachtarán  “an bhearna inscne shuntasach atá fós ann” agus dúirt go gcaithfí dul i ngleic le “roinnt ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar rannpháirtíocht na mban san eolaíocht agus sa teicneolaíocht”. Dúirt an tUachtarán gur mithid aird a tharraingt ar “an iliomad eiseamláirí dearfacha i measc na mban” agus a rá leis na heolaithe ban “bhur n-eolas agus bhur scileanna a iompar le bród”.

Ar na ceannródaithe a luaigh an tUachtarán bhí an criostalagrafaí, an tOllamh Kathleen Lonsdale, an matamaiticeoir, Alicia Boole-Stott, na réalteolaithe Agnes Clerke, Annie Russell-Maunder is Mary Parsons, na bitheolaithe Cynthia Longfield agus Phyllis Clinch, agus an réaltfhisiceoir Margaret Lindsay-Huggins.

Lenár linn féin tá againn an t-astrafhisiceoir cáiliúil an tOllamh Susan McKenna-Lawlor, Dorothy Stopford-Price, saineolaí ar an eitinn ar leanaí, an chéad duine a thug an vacsaín BCG go hÉirinn i 1937. 

Mhol an tUachtarán do mhná óga “inspioráid” a ghlacadh ó na ceannródaithe sin agus dúirt go mbeadh na heolaithe ábalta “cuidiú leis na fadhbanna atá ag cur as do na milliúin daoine ar fud na cruinne a réiteach”.

Is deacair a shéanadh nach raibh ról na mban fíorthábhachtach le bliain i gcúrsaí sláinte is cúraim is taighde agus is mná is mó a bhí sa líne thosaigh agus paindéim ar fud na cruinne.

Fág freagra ar 'Inniu lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht…'