Inniu, ar an gCeathrú Rua, buailfidh Maolseachlainn le Lasairfhíona den chéad uair…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: an difear is follasaí idir an ngearrscéal agus an t-úrscéal ná an fad – agus dá bharr sin, cur chuige an scríbhneora

Inniu, ar an gCeathrú Rua, buailfidh Maolseachlainn le Lasairfhíona den chéad uair…

Céard é an difear is mó idir an gearrscéal agus an t-úrscéal ó thaobh cur chuige an scríbhneora de?

Bheadh a fhreagra féin ag chuile scríbhneoir ar an gceist sin, ach freagra fíorghonta a thabharfainnse:

Pleanáil.

Ní dhéanaim pleanáil ar bith sula gcuirim tús le gearrscéal. Bíonn tuairim éigin agam, ar ndóigh, faoi shuíomh an scéil, faoin gceist lárnach agus faoi na carachtair – na gnéithe is minice a spreagfadh scéal nua i m’aigne-se. Ach ní bhíonn agam ach tuairim fhánach faoin bplota. Gheobhaidh mé amach céard a tharlóidh agus mé i mbun pinn!

A mhalairt de chur chuige a bhíonn agam, áfach, agus úrscéal idir lámha agam. Gach lá, sula gcuirim peann le páipéar i lámhscríbhinn an úrscéil féin, oibrím amach, i leabhar nótaí seachtrach, céard a tharlóidh sa radharc a bheidh á scríobh agam an lá sin.

‘I radharc an lae inniu, buailfidh Maolseachlainn le Lasairfhíona den chéad uair, i lár shráidbhaile na Ceathrún Rua. Tabharfaidh sé síob di ar chúl a rothair. Ag deireadh an radhairc, ba cheart go mbeadh siad ag céibh Chaladh Thaidhg in am do na geallta bád. Ná déan dearmad ar an aimsir (grian ag scoilteadh na gcloch) agus ar an tírdhreach (míoltóga!) agus an radharc á scríobh agat!’

An cineál sin ruda.

Ní hé sin le rá nach mbíonn saoirse chumadóireachta agam agus an radharc á scríobh agam dáiríre. D’fhéadfadh an t-uafás tarlú do Mhaolseachlainn agus do Lasairfhíona agus iad ar a mbealach.

B’fhéidir go bpléascfadh bonn an rothair. B’fhéidir go n-inseodh Maolseachlainn do Lasairfhíona gur uchtaíodh é as Srí Lanca agus é ina bhabaí, b’fhéidir nach n-inseodh. B’fhéidir go gcaithfidh Lasairfhíona bun toitín thar chlaí agus go lasfaidh sí tine mhór i ngan fhios di. 

Ach pé rud a tharlóidh sa radharc, casfaidh Maolseachlainn agus Lasairfhíona ar a chéile agus beidh siad ag céibh Chaladh Thaidhg in am do na geallta bád! Sa chéad radharc eile, beidh bád uncail Mhaolseachlainn ag glacadh páirt sna rásaí; beidh an criú – agus an radharc, agus an chuid eile den úrscéal – ag brath ar scileanna seoltóireachta Mhaolseachlainn.*

An difear is follasaí idir an gearrscéal agus an t-úrscéal ná an fad – agus dá réir sin, an méid ama a chuirfidh an scríbhneoir isteach. 

D’fhéadfadh duine gearrscéal a scríobh in achar tráthnóna agus eagarthóireacht a dhéanamh air in achar lae nó dhó.

Tógann sé bliain – nó níos mó – ar dhuine úrscéal a chríochnú.

Agus gearrscéal á scríobh agam, ní miste dom dul sa seans agus ligean don scéal mé a threorú, féachaint cé hiad na hiontais a bheidh i ndán do na carachtair agus dom féin. Má chuirtear ar strae ar fad mé, ní bheidh caillte agam ach tráthnóna, nó lá nó dhó ar a mhéad.

Ach chuirfinn saothar bliana – nó níos mó – i mbaol dá dtabharfainn cead d’úrscéal mé a chur ar strae ar an gcaoi chéanna. De réir a chéile a thógtar na caisleáin, ach ní mór do dhuine plean éigin a bheith aige sula dtosóidh sé ag carnadh cloch i mullach a chéile.

* Carachtair a cumadh don cholún seo iad Maolseachlainn agus Lasairfhíona. Níl aon bhaint acu le saothar liteartha a bheadh idir lámha ag an gcolúnaí

Fág freagra ar 'Inniu, ar an gCeathrú Rua, buailfidh Maolseachlainn le Lasairfhíona den chéad uair…'