Inniu an 21 Meitheamh an lá is faide sa mbliain agus ag meán lae inniu a thosaigh an ghrian ag scaladh díreach ar Thrópaic an Phortáin, atá beagán le cois 23 céim ón lárlíne nó meánchiorcal an domhain.
Is é an chéad lá den samhradh (ó thaobh na réalteolaíochta) é agus an ghrian ina suí óna cúig a chlog ar maidin agus í ag soilsiú léi go mbeidh sé ag tarraingt ar a deich a clog anocht.
Ní haon iontas go mbíonn fíbín ar an duine agus ar an mbeithíoch agus solas geal an lae ár spreagadh ar feadh 17 uair an chloig.
Beidh ceiliúradh mór na féile ar Theamhair anocht ag 7.30.
I seanchas na hÉireann deirtí nach dtagadh fad ná giorrú ar an lá ón 21 go dtí an 24 Meitheamh, Lá Fhéile San Seán, agus as sin a tháinig an tuiscint go mbíodh an ghrian ina stad agus an téarma ‘Grianstad’, an Ghaeilge ar ‘solstice’.
Beidh Oíche Shin Seáin ann an Satharn beag seo, féile a bhíodh ar cheann de na féilte ba thábhachtaí ar fhéilire na nGael. Ó theacht na Críostaíochta go hÉirinn ceanglaíodh an fhéile le breithlá Naomh Eoin, ach tá sí fréamhaithe i bhfad níos sia i scéal na nGael.
Féile ársa í seo a bhain leis an samhradh, adhradh na gréine agus le torthúlacht talún.
Ba í an tine riamh croí an cheiliúrtha ag an bhféile agus í ina siombail don ghile agus do chumhacht na gréine.
Sa mhír seo ó Bhailiúchán na Scol, déantar an bhandia Áine a cheiliúradh le seanchas as Luimneach…
Inniu an lá is faide sa mbliain, grianstad an tsamhraidh, agus bhí an-cheangal riamh ag an mBandia Áine a bhí ina cónaí i gCnoc Áine in aice le Loch Goir i Luimneach leis an lá seo. Ba í Áine bandia na gile agus na séasúr agus ba nós tinte a lasadh ina honóir agus a beannacht a lorg do na hainmhithe agus na barraí, onóir a sciob Eoin uaithi. Seo scéal a bhí ag James Butler as an nGráinsigh, Cill Mocheallóg, i gcontae Luimnigh.
An séú hoíche den ghealach lán, thugadh daoine na heasláin ag an loch ionas go scalfadh solas na gealaí orthu. ‘Oíche an leighis’ a thugadh an seandream ar an oíche seo agus mura dtagadh biseach ar an easlán roimh an ochtú nó an naoú lá den ghealach lán, chloiseadh sé an ‘ceol sí’. Áine, an bhean sí agus sprid Loch Goir a bhíodh á chasadh le sólás a thabhairt don té a bhí ag saothrú an bháis. Thiteadh a chodladh ar an easlán agus an suantraí á chasadh, amhrán bog an chodlata á chasadh ag Fer Fí, deartháir Áine.
Fear beag lách ab ea Fer Fí a raibh gruaig rua air agus deirtí go mbeadh an t-ádh ort dá gcloisfeá ag gáire é. Ní raibh ach trí phort aige ar an gcruit – caoineadh, codladh agus gáire nó goltraí, suantraí agus geantraí.
Fág freagra ar 'Inniu an lá is faide sa bhliain, lá mór ag an mBandia Áine'