Inniu an chéad lá den samhradh agus solas geal an lae ár spreagadh ar feadh 17 uair an chloig

I seanchas na hÉireann deirtí nach dtagadh fad ná giorrú ar an lá ón 21 go dtí an 24 Meitheamh, Lá Fhéile San Seán

Inniu an chéad lá den samhradh agus solas geal an lae ár spreagadh ar feadh 17 uair an chloig

Inniu an 21 Meitheamh an lá is faide sa mbliain agus ag meán lae inniu a thosaigh an ghrian ag scaladh díreach ar Thrópaic an Phortáin, atá beagán le cois 23 céim ón lárlíne nó meánchiorcal an domhain.

Is é an chéad lá den samhradh (ó thaobh na réalteolaíochta) é agus an ghrian ina suí óna cúig a chlog ar maidin agus í ag soilsiú léi go mbeidh sé ag tarraingt ar a deich a clog anocht.

Ní haon iontas go mbíonn fíbín ar an duine agus ar an mbeithíoch agus solas geal an lae ár spreagadh ar feadh 17 uair an chloig.

Beidh ceiliúradh mór na féile ar Theamhair anocht ag  7.30.

I seanchas na hÉireann deirtí nach dtagadh fad ná giorrú ar an lá ón 21 go dtí an 24 Meitheamh, Lá Fhéile San Seán, agus as sin a tháinig an tuiscint go mbíodh an ghrian ina stad agus an téarma ‘Grianstad’, an Ghaeilge ar ‘solstice’.

Beidh Oíche Shin Seáin ann an Satharn beag seo, féile a bhíodh ar cheann de na féilte ba thábhachtaí ar fhéilire na nGael. Ó theacht na Críostaíochta go hÉirinn ceanglaíodh an fhéile le breithlá Naomh Eoin, ach tá sí fréamhaithe i bhfad níos sia i scéal na nGael.

Féile ársa í seo a bhain leis an samhradh, adhradh na gréine agus le torthúlacht talún.

Ba í an tine riamh croí an cheiliúrtha ag an bhféile agus í ina siombail don ghile agus do chumhacht na gréine.

 

Fág freagra ar 'Inniu an chéad lá den samhradh agus solas geal an lae ár spreagadh ar feadh 17 uair an chloig'

  • Treasa Nic Réamoinn

    Beagnach meánoíche anseo i bhFionnghlas, BÁC, agus bhí solas fós sa spéir ar a 11i.n….spéir álainn anseo anocht ?