Inneall dóiteáin imithe den bhóthar i gConamara le linn cúrsa traenála

Bhí an t-inneall dóiteáin á úsáid ar chúrsa traenála tiomána nuair a d’imigh sé den bhóthar agus isteach ar an gcriathrach

Inneall dóiteáin imithe den bhóthar i gConamara le linn cúrsa traenála

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’imigh inneall dóiteáin, a raibh a chriú i mbun cúrsa traenála, den bhóthar i gConamara inniu. Níor gortaíodh duine ar bith den fhoireann ná duine ar bith eile sa timpiste a tharla tráthnóna ar an mbóthar idir Doire an Fhéich agus Camas i gConamara.

Bhí an t-inneall dóiteáin á úsáid ar chúrsa traenála tiomána nuair a d’imigh sé den bhóthar agus chuaigh á bhá ar an gcriathrach. Bhí an bhriogáid ar a bealach ar ais chuig an gCeathrú Rua, áit ar osclaíodh stáisiún nua an samhradh seo.

B’éigean d’fhoireann na Briogáide fanacht go dtiocfadh crann tógála leis an inneall a tharraingt amach.

Tá criú naonúir ag stáisiún na Ceathrún Rua, ina measc oifigeach stáisiúin, oifigeach fostáisiúin, beirt tiománaithe, meicneoir agus cúigear múchta tine.

Déanann an stáisiún dóiteáin freastal ar cheantar 550 ciliméadar cearnach ina bhfuil os cionn 9200 duine ina gcónaí. Chomh maith leis sin, tá riachtanais slándála Chalafort Ros an Mhíl, Aerfort Chonamara, TG4 agus Raidió na Gaeltachta faoi chúram an stáisiúin.

Timpiste Doiteain-0868

Fág freagra ar 'Inneall dóiteáin imithe den bhóthar i gConamara le linn cúrsa traenála'