‘INIÚCHADH TG4’: Tragóid an Chraoslaigh faoi chaibidil sa chéad chlár i sraith nua cúrsaí reatha

Beidh tiománaí tochaltóra a bhí ag lorg choirp na marbh sa smionagar ar láthair thubaiste an Chraoslaigh sa chéad eagrán den tsraith ‘Iniúchadh TG4’

‘INIÚCHADH TG4’: Tragóid an Chraoslaigh faoi chaibidil sa chéad chlár i sraith nua cúrsaí reatha

Cuirfear tús le sraith nua cúrsaí reatha ar TG4 an tseachtain seo chugainn le clár a chaithfidh súil siar ar thragóid an Chraoslaigh anuraidh, tragóid inar maraíodh deichniúr i bpléasc a tharla sa bhaile beag i nDún na nGall.

Beidh tiománaí tochaltóra a bhí ag lorg choirp na marbh sa smionagar faoi agallamh den chéad uair sa chéad chlár den tsraith Iniúchadh TG4, a chraolfar Dé Céadaoin seo chugainn.

Labhróidh Henry Gallagher, fear 47 bliain d’aois, as na Tréantacha, in aice le Leitir Ceanainn, faoi a bheith ag iarraidh teacht ar choirp na marbh ar an láthair. Deir Gallagher gurbh iad teaghlaigh na marbh a spreag é chun leanúint air go dtí go raibh gach corp faighte.

”Ní fhaca mé ach veisteanna ard-amhairc sa scáthán ar mo chúl agus bhí a fhios agam go raibh teaghlaigh ina measc sin ag fanacht ar an nuacht.

“Ba é an t-aon bhealach a bhféadfaí teacht ar na coirp ná daoine do mo leithéidse ag dul isteach ann á lorg. Bhí mé ag iarraidh teacht orthu. D’fhanfainn sa tochaltóir sin ar feadh i bhfad eile dá mbeadh orm go dtí go dtabharfainn na coirp amach,” a deir sé.

D’fhan Gallagher sa tochaltóir ar feadh ceithre huaire is fiche go dtí gur thángthas ar an gcorp deireanach den deichniúr a maraíodh sa tragóid, corp Leona Harper, a bhí 14 bliana d’aois. Mhol máthair Leona, Donna Harper, Gallagher ag sochraid a hiníne.

”Rinne mé an rud céanna a dhéanfadh aon duine eile dá mbeidís ann. Bhí muintir na háite iontach,” a deir Gallagher sa chlár.

“Chuala mé scéalta faoi dhaoine a rith isteach san fhoirgneamh, ag tabhairt daoine eile amach as an bhfoirgneamh, ag cabhrú aon bhealach go bhféadfaidís. Bhí siad ag tógáil daoine amach agus bhí siad ag caoineadh, agus ag screadach. Aon duine a thóg muid amach, faraor, ní raibh sé ag caoineadh ná ag screadach.”

Deirtear go léireofar sa chlár An Craoslach an chaoi ar tháinig muintir an tsráidbhaile i nDún na nGall le chéile díreach i ndiaidh na pléisce ag garáiste Mhic Laifeartaigh chun a gcomharsana a tharrtháil.

Maraíodh deichniúr sa phléasc: James O’Flaherty (48), Jessica Gallagher (24), Martin McGill (49), Catherine O’Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13), Hugh Kelly (59), Martina Martin (49), Robert Garwe (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5), agus Leona Harper (14).

Rinne TG4 an tsraith nua Iniúchadh TG4 a choimisiúnú ón earnáil neamhspleách chun an bhearna a líonadh i dtaobh “clúdach domhain” ar chúrsaí reatha i nGaeilge, dar le hArdstiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Sraith sé chlár 50 nóiméad a bheidh i gceist le Iniúchadh TG4 agus an tsraith á cur i láthair ag an iriseoir Kevin Magee. Is é an comhlacht léiriúcháin Clean Slate Television atá lonnaithe i mBéal Feirste atá ag léiriú na sraithe.

Craolfar an chéad chlár Dé Céadaoin seo chugainn, an 8 Feabhra, ag 9.30in.

Fág freagra ar '‘INIÚCHADH TG4’: Tragóid an Chraoslaigh faoi chaibidil sa chéad chlár i sraith nua cúrsaí reatha'