‘Inis dom,’ arsa an t-iriseoir Meiriceánach, ‘cén fáth nach bhfuil polaitíocht na hÉireann chomh craiceáilte is atá i SAM agus sa Bhreatain?’

Ainneoin gach difríocht idir an tír seo agus Stáit Aontaithe Trump nó an Ríocht Aontaithe i ré an Bhreatimeachta, bheadh sé soineanta a rá gur dóigh go mbeidh Éire slán ón athrú ar an saol polaitiúil a rinne an oiread sin dochair sna tíortha sin 

‘Inis dom,’ arsa an t-iriseoir Meiriceánach, ‘cén fáth nach bhfuil polaitíocht na hÉireann chomh craiceáilte is atá i SAM agus sa Bhreatain?’

“Inis dom,” a dúirt iriseoir Meiriceánach le scríbhneoir an cholúin seo le gairid, “cén fáth nach bhfuil polaitíocht na hÉireann chomh craiceáilte ná chomh gránna agus atá cúrsaí sna Stáit Aontaithe, nó sa Bhreatain?”

“Is léir go bhfuil Éire an-chosúil leis na tíortha sin,” a dúirt sé, “agus ar ndóigh labhraíonn sibh Béarla. Shílfeá mar sin go mbeadh tionchar éigin ag Trump agus ag an mBreatimeacht ar shaol polaitiúil na tíre. Ach ó thuirling mé i mBaile Átha Cliath, deir gach duine liom nach bhfuil aon chosúlacht idir polaitíocht na hÉireann agus an saol polaitiúil i mo thír fhéin agus sa Bhreatain. Cén fáth nach bhfuil?”

Bhí ceist an iriseora réasúnta, cé gur deacair teacht ar fhreagra réasúnta. Ní hionann gan amhras meon an phobail i dtír bheag agus a meon i dtíortha móra, ach níl sa tuairim sin ach cuid den fhreagra cuimsitheach a theastaigh uaidh.

D’fhéadfaí colún iomlán a scríobh, nó leabhar go deimhin, faoin gceist a tharraing an cuairteoir Meiriceánach anuas. Ach is fearr díriú láithreach ar ábhar imní a bhaineann go díreach le ceist an chuairteora.

Moltar i dtuairisc a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Déardaoin don rialtas dlíthe nua a dhréachtú, ar dhá chúis.

(Is féidir an tuairisc a léamh anseo). 

Teastaíonn píosa reachtaíochta amháin, dar leis an gCoimisiún, chun iachall a chur ar gach páirtí agus ar gach eagraíocht a ghlacann páirt i bhfeachtas reifrinn faisnéis faoina maoiniú a chur ar fáil. Níl dlí ar bith ann faoi láthair a rialaíonn caiteachas ar fheachtas reifrinn.

Mhol an Coimisiún reachtaíocht nua freisin faoina mbunófaí coimisiún chun smacht a choinneáil ar fheachtais pholaitiúla dhigiteacha. Arís, níl dlí ar bith ann faoi láthair chun feachtais dá leithéid a rialú.

Ainneoin gach difríocht idir an tír seo agus Stáit Aontaithe Trump nó an Ríocht Aontaithe i ré an Bhreatimeachta, bheadh sé soineanta a rá gur dóigh go mbeidh Éire slán ón athrú ar an saol polaitiúil a rinne an oiread sin dochair sna tíortha sin. Is leor cuimhneamh mar shampla ar an tvuít bhréagach a craoladh ar RTÉ roimh thoghchán uachtaránachta 2011.

Is ar chontúirt níos doimhne agus níos leithne a tharraing an Coimisiún aird.

Níl smacht oifigiúil ar bith i bhfeidhm faoi láthair ar fheachtais pholaitiúla ar líne a reachtálann dream ar bith am ar bith. Níl smacht ach oiread ar mhaoiniú feachtais reifrinn.

Níor chuir an Coimisiún um Chaighdeáin fiacail ann agus fainic á cur ar an Rialtas acu faoin dainséar atá ag bagairt mar gheall ar an mbearna seo sa dlí a bhaineann le toghcháin agus reifrinn:

‘This allows for foreign actors to influence Irish elections and referendums, with potentially significant consequences.’

Níl sa tuairisc ar ndóigh ach comhairle don Rialtas, ach ní gnáthchoimisiún a d’fhoilsigh na moltaí thuas, mar is léir ón mballraíocht:

Daniel O’Keeffe, breitheamh, an cathaoirleach.
Peter Finnegan, Cléireach na Dála.
Martin Groves, Cléireach an tSeanaid.
Séamus McCarthy, an Príomh-Reachtaire Cuntais agus Ciste.
Peter Tyndall, Ombudsman.
Jim O’Keeffe, iarTheachta Dála.

D’admhaigh airí éagsúla roimhe seo go raibh reachtaíocht nua riachtanach chun déileáil leis na fadhbanna atá faoi chaibidil i dtuairisc an Choimisiúin. Mar sin féin, níl caint ar bith fós ar bhille rialtais a rachadh i ngleic fiú le hoiread is ceann amháin de na fadhbanna seo.

Ba chóir aird a thabhairt ar chomhairle an Choimisiúin, sula ndéanfar díobháil, luath nó mall, mar gheall ar an neamhaird seo.

Fág freagra ar '‘Inis dom,’ arsa an t-iriseoir Meiriceánach, ‘cén fáth nach bhfuil polaitíocht na hÉireann chomh craiceáilte is atá i SAM agus sa Bhreatain?’'

  • Jack

    Alt maith! Déarfainn féin faoin ‘síocháin’ atá ar pholaitíocht na hÉireann an méid seo: ní rud maith é go bhfuilmid comh ciún seo, tá truailliú leathan agus neamhéifeachtúlacht uafásach inár gcóras rialtais. Tá muid ciún agus is muidne atá ag cailiúint mar gheall air! Caithfidh muid a bheith níos gníomhaí i bpolaitíocht ach cuireann an léibhéal maorlathais atá sa chóras againn leisce orainn. Is gá dúinn uas-dátú ar an mbealach a dhéanann muid polaitíocht anseo- tá go leor daoine ag baint sochair as ár gciúnas.