Tá sé fógartha go bhfuil na milliúin euro d’infheistíocht déanta i gcomhlacht innealtóireachta muirí a bhunaigh fear Gaeltachta.
D’fhógair an comhlacht infheistíochta caipitiúil BGF le gairid go raibh na milliúin infheistithe acu sa chomhlacht Ocean Crest Marine, a chuireann trealamh ar fáil do thograí tógála muirí.
Is é Marcus Lally, ón Spidéal i gcontae na Gaillimhe ó dhúchas, príomhfheidhmeannach Ocean Crest Marine agus is é a bhunaigh an comhlacht in 2013. Deichniúr atá fostaithe ag Ocean Crest Marine i láthair na huaire agus an comhlacht lonnaithe i gcalafort na Gaillimhe.
Is é Ocean Crest Marine an dream is mó in Éirinn a chuireann báirsí speisialta ar fáil do thograí muirí. Úsáidtear na báirsí mar ardáin ar muir mar chuid de thógáil feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus do thionscadail mhuirí eile. Tá báirsí de chuid Ocean Crest Marine in úsáid i láthair na huaire ar thograí muirí i gCalafort Bhaile Átha Cliath, sa Daingean i gCiarraí, san Inbhear Mór i gCill Mhantáin, i Learpholl agus in Albain.
Tá sé i gceist an gnó a mhéadú tuilleadh in Éirinn agus forbairt a dhéanamh ar an obair a dhéanann sé sa Ríocht Aontaithe agus go hidirnáisiúnta. Meastar go mbeidh éileamh breise ar sheirbhísí Ocean Crest Marine agus forbairt á déanamh ar earnáil an fhuinnimh ghaoithe amach ón gcósta.
Dúirt Marcus Lally go raibh “ríméad” ar Ocean Crest Marine go raibh cinneadh déanta ag BGF infheistíocht a dhéanamh sa chomhlacht.
“Tá éileamh níos mó anois ar sholáthar seirbhísí muirí le freastal ar an tionscal in-athnuaite ar muir sa tír seo agus leis an infheistíocht seo beidh muid in ann géarú ar na pleananna fáis atá againn in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.”
Beidh BGF ina scairshealbhóir mionlaigh in Ocean Crest Marine agus chuir Lally fáilte roimh Joe Higgins ón BGF, a bheidh ina stiúrthóir ar bhord Ocean Crest Marine, agus freisin roimh Michael Maher, a bheidh ina chathaoirleach neamhfheidhmiúcháin ar an mbord.
“Comhlacht spreagúil é Ocean Crest Marine agus tá an-dea-theist air san earnáil thar a bheith sainiúil seo,” a dúirt Higgins.
“Tá muid an-sásta tacaíocht a thabhairt do Mharcus lena chuid pleananna uaillmhianacha fáis agus tá muid ag súil go mór leis an gcomhlacht seo a bheith i measc na gcomhlachtaí ina bhfuil infheistíocht á déanamh againn in Éirinn.”
Dúirt Michael Maher go raibh Ocean Crest Marine tar éis fás go tapa le blianta beaga anuas agus go raibh an comhlacht in áit mhaith chun leas a bhaint as an bhfás atá ag teacht ar earnáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.
Fág freagra ar 'Infheistíocht ar fiú na milliúin í déanta i gcomhlacht innealtóireachta muirí a bhunaigh fear Gaeltachta'