Inc every st = 12sc – táimid imithe AN-DÁIRÍRE faoin Nollaig!

Chuimhnigh mé go mba dheas an rud é maisiúcháin Nollag a chróiseáil i mbliana…

Inc every st = 12sc – táimid imithe AN-DÁIRÍRE faoin Nollaig!

Níl a fhios agam an í  an ghruaimscrolláil, an dúlagar imní nó an rí-leadrán le sé seachtaine, a chuir ar bhóthar na haimhleasa mé, ach thosaigh mé ag cróiseáil arís an lá cheana.

Tharraing mé amach an crúca trí seachtaine ó shin is tá seacht gcinn d’fhleascanna cróiseáilte agam is crochta ar an gcrann ó shin. Deirim ‘arís’ agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé sin amú thú a cheapadh gur sórt cróiseálaí extraordinaire atá ionam a leag síos mo chrúca is atá anois á phiocadh suas arís chun maisiúcháin áille lámhdhéanta a dhéanamh. Ní bheifeá baileach cruinn sa dtuairim sin.

Tá sé ocht mbliana ó rinne mé aon rud cheana. B’in nuair a bhuail Taom Cróiseála 2012 mé. Níl a fhios agam céard a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, seans gur fiabhras a bhí buailte orm ceal codlata, ach cheannaigh mé crúca 5.5 mm agus snáth agus thosaigh ag déanamh cearnóga cróise agus rósanna bándearga.

Lean sé ar aghaidh ar feadh sé mhí nó mar sin, rinne mé dhá phluid agus seit criosanna cuirtíní is lá eicínt i lár mhí Aibreáin 2012 leag mé an crúca uaim is ní dheachaigh mé i ngar dhó ó shin.

Go dtí an lá cheana nuair a chuimhnigh mé go mba dheas an rud é maisiúcháin Nollag a chróiseáil i mbliana. An chéad phlean a bhí agam, ós rud é nach mbeidh dráma na Nollag ná aonach na Nollag ná geamaireacht na Nollag ná… i mbliana, go mba dheas an rud é agus nach mbeadh sé speisialta dá ndéanfadh muid stocaí beaga agus fir shneachta le crochadh ar an gcrann.

Nach mbeadh sé go deas rudaí breise a dhéanamh sa mbaile i mbliana, a chuimhnigh mé, nuair nach bhfuil gnáthimeachtaí na Nollag againn. Nó mar a rinne an Babaí cur síos ar do na comharsana, ‘I mbliana tá muid imithe AN-DÁIRÍRE faoin Nollaig.”

“Níl rud ar bith níos éasca,” a mhínigh mé do Bheainín na Naíonáin Bheaga, “beir ar an gcrúca le lámh amháin, agus beir ar an snáth leis an lámh eile, mar sin, agus…”

Bhreathnaigh sí orm agus í ag triail mo threoracha a leanúint. “Sea, an lámh sin,” a dúirt mé, “ok, béarfaidh mise ar an snáth, beir thusa ar an gcrúca….”

Ní gá do chuile dhuine na maisiúcháin a dhéanamh, a shocraigh mé  sa deireadh. Shocraigh mé go ndéanfainn féin an chróiseáil is dhéanfadh muid ceardaíocht eile le chéile.

Tá a fhios agat go bhfuil rudaí imithe ródháiríre faoin Nollaig nuair atá tú ag cuartú ‘Cén chaoi le fear sneachta a chróiseáil?” nó “Céard é lúb fholamh?” i lár na hoíche is an fón i bhfolach faoin duivé agat.

Shíl mé go mbainfinn úsáid as patrún ar dtús. Ach ní raibh a fhios agam go mbíonn na patrúin scríofa i gcód rúin a chum Ardchomhairle na Saor Cróiseála.

2ch, 6sc in 2nd ch from hook

Inc every st = 12sc

Inc every 3rd st = 16sc-6) 16sc

Céard a bhí siad ag iarraidh a rá liom?

Fág freagra ar 'Inc every st = 12sc – táimid imithe AN-DÁIRÍRE faoin Nollaig!'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-ghrinn ar fad! Tá mo bheanchéile féin maith ar an gcróiseáil 7 bhíos féin le criotáil 7 mé óg… ach d’imigh sin 7 tháinig seo! :-)

  • An Teanga Bheo

    is brea liom e an go snasta