In ithe na putóige agus in imirt na gcluichí a bheidh an freagra

Ní dócha go mbainfear aon bharrthuisle as Ciarraí tráthnóna ach bimis ag súil nach mbainfear aon bharrthuisle as Corn Tailteann ach oiread

In ithe na putóige agus in imirt na gcluichí a bheidh an freagra

David Clifford agus Paul Geaney ó Chiarraí, a bheidh á fhéachaint le Corcaigh i bPáirc Uí Rinn tráthnóna. ©INPHO/Bryan Keane

Níl craobh caide na bliana 2022 ach ina bunóic ach laistigh de naoi seachtaine, beidh a fhios againn cén dá fhoireann a bheidh ag imirt sa chluiche ceannais. Cuimhnigh air sin, naoi seachtaine. Beagán os cionn trí fichid lá agus beidh na contaetha go léir seachas dhá cheann ag tabhairt faoina gcraobhacha club laistigh dá bpaistí féin.

Ní haon nuaíocht é seo dúinn. A luaithe is a fógraíodh leagan amach, dealaithe agus deighilte, na biaiste anuraidh, bhí tuairim againn go raibh rud éigin difriúil, aduain, as an ngnáth i ndán dúinn i mbliana. Tá an bhraistint sin ag leanúint na craoibhe ó thús.

Tá curadh an bliana seo caite, Tír Eoghain, curtha de dhroim seoil in Ulaidh. Tá na tánaistí, Maigh Eo, á dtochas féin ag feitheamh leis na babhtaí cáilithe thiar agus níl an fhoireann is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn i mbabhtaí luaithe na sraithe, Ard Mhacha, anseo ná ansiúd agus iad ag caitheamh a dtóna chomh maith as seo go ceann tamaill.

Dála reithe Seán na Buile, áfach, tá foirne eile ar nós Átha Cliath agus Dún na nGall ag leanúint lena gcúrsa agus eolas na slí de ghlanmheabhair go dtís na cluichí ceannais cúige acu.

Tá an cúrsa céanna siúlta agus curtha díobh go minic ag Ciarraí chomh maith agus níltear ag súil go mbainfear aon bharrthuisle astu tráthnóna ach an oiread. Tabhartas ó Dhia na haon lá é do Jack O’Connor an barrthuisle a baineadh astu cois Laoi i ndeireadh na bliana 2020. Más dóigh leis go bhfuil a chuid imreoirí nó a lucht leanúna ag rith le brothall i dtosach an tsamhraidh, ní gá don gConchúrach ach iad a stiúradh tamaillín siar ar bhóithrín anacair na smaointe go báide Mhark Keane agus ceartóidh san iad.

Tá an aduaine ár leanúint tríd an gcraobh áfach agus is deacair éalú uaidh. Réitíodh cluiche craoibhe trí chiceanna éirice don gcéad uair riamh an deireadh seachtaine seo caite. Tá fóid nua á gcur síos i bPáirc Uí Chaoimh agus i bPáirc a’ Chrócaigh de bharr cúinsí tráchtála is teaspaigh. Tá níos mó cainte ar chleasaíocht ar chúl stáitse maidir le cúrsaí smachta is fionraíochta ná mar a bhí riamh agus an tseachtain seo féin, thug imreoir club na bliana, Eugene Brannigan, ó Chill Chua le fios gur tábhachtaí dó féin agus do scata eile an cluiche ag leibhéal an chumainn seachas luí amach orthu féin i ngeansaí uasal chontae an Dúin. N’fheadar, ach tá rud éigin bunoscionn.

Tar éis na cainte ar fad le roinnt seachtainí anuas fén nganntanas ticéadaí a d’eascródh as a laghad daoine a scaoilfí isteach go Páirc Uí Rinn, níor bhraitheas aon éileamh rómhór ar thicéadaí an taobh seo tíre. Tuigim go bhfuil caoirigh ag breith, ócáidí teaghlaigh, scrúduithe, mochshiúlóidí agus mórán eile ag teacht salach ar an gcluiche ach tá rud éigin ná fuilim ábalta mo mhéar a leagadh air ag srianadh spéis na muintire an tráth seo bliana.

B’fhéidir go dtógfaidh sé tamall orainn go léir dul i dtaithí ar an dtimthriall nua craoibhe agus ná tógfaidh sé puinn chun an tine a adhaint arís agus b’fhéidir leis go bhfuil a chíos is a dhleacht féin á thógaint ag an dá bhliain atá díreach caite againn. Seans nach acmhainn do dhaoine bheith chomh neafaiseach is chomh caiteach lena gcuid. N’fheadar, ach tá rud éigin ná fuil ag teacht le gnás ná le gnáthamh.

Sa chomhthéacs seo, tá sé den dtábhacht ar fad go n-éireodh le Corn Tailteann a bheidh ag tosnú ag deireadh na míosa. Tuigim go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ag cur snasa ar na sonraí a bhaineann leis an gcomórtas agus tá go leor daoine ann a déarfaidh leo go mb’fhearr do Chorn Tailteann bheith go maith nó ní éireoidh leis.

Deinim amach go bhfuil an uile dhuine ar spéis leo rath agus leas na gcluichí Gaelacha ag guí go mbeidh Corn Tailteann mealltach a dhóthain mar chomórtas chun spéis na n-imreoirí a mhúscailt agus a choimeád. Táthar ag tabhairt fén iarracht sa sprid cheart ach is deacair blas na meala a chur ar an mbláth atá an uile dhream ag iarraidh a sheachaint ó thús.

Déanfar botúin sa chur chuige agus beidh daoine ag cáiseamh, mar shampla, ná fuil cluiche ceannais Chorn Tailteann á imirt ar an ndeireadh seachtaine céanna is atá cluiche ceannais na hÉireann. Caithfear seans a thabhairt dó, áfach.

Má bhuaitear ar an gCabhán agus ar Liatroim an deireadh seachtaine seo (thaibhseofaí dhuit go mbuafar) agus má buaitear ar Thiobraid Árann agus an Iarmhí an deireadh seachtaine seo chugainn (tá na haon tseans go mbuafar), beidh comhréir dhíreach don gcéad uair idir sraith agus craobh agus beidh a rangú sraithe ag teacht lena dtorthaí craoibhe dos na contaetha go léir a bheidh páirteach sa chomórtas.

An leor san chun é a shlánú? In ithe na putóige agus in imirt na gcluichí a bheidh an freagra.

Is gearr uainn fios.

 

Fág freagra ar 'In ithe na putóige agus in imirt na gcluichí a bheidh an freagra'