Dulce et decorum est pro patria mori. Ar ndóigh bheadh rud éigin le rá ag Wilfred Owen faoin líne úd as an óid de chuid Horace agus Owen ag foghlaim an bháis sna trinsí le linn an Chéad Chogadh Domhanda! Coincheap an-chasta go deo é coincheap an tírghrá. Is deacair teacht ar shainmhíniú ar bhrí an fhocail, áfach.
Ar nós chuile choincheapa eile, is rud sleamhain, éalaitheach, éiginnte, mí-úsáidte atá ann. Agus an tírghráthóir? Duine a léiríonn grá dá thír dhúchais, a bheadh toilteanach í a chosaint agus sásta bás a fháil ar a son. B’shin an coincheap traidisiúnta den tírghrá agus de thírghráthóir. Coincheap a bhí lán d’idéalachas, de mhór is fiú is de rómánsúlachas. Coincheap seanchaite.
Is deacair éisteacht le polaiteoirí agus iad ag dul i muinín an choincheapa ag amanta ollthoghchán nó nuair a bhíonn siad i sáinn dá ndéantús féin ag amanta eile. Éasca aontú le sainmhíniú an Dr Samuel Johnson ag amannta mar sin – ‘patriotism is the last refuge of a scoundrel’! Is beag duine sa lá atá inniu ann a bheadh sásta bás a fháil ar son a thíre, dar liom. Ní hé an easpa misnigh is cúis leis sin ach an easpa creidimh sa stát nó sa náisiún ina bhfuil an saoránach lonnaithe.
Theastódh mórtas cine agus creideamh daingean, diongbháilte a bheith ag duine chun a bheatha a thabhairt ar son a thíre dúchais. Chaithfeadh go mbeadh an creideamh céanna a aige sa chóras stáit agus iontu siúd atá tofa ag saoránaigh na tíre sin chun an stát a rialú.
Fiú sa chás go mbeadh rialtas ann a shásódh na coinníollacha go léir a theastódh don íobairt choirp agus anama, bheadh ar an tírghráthóir a chinntiú gurbh fhiú an iarracht. Bheadh a leithéid dodhéanta, dar liom, rud a chiallaíonn go bhfuil lá an íobairt choirp agus anama thart.
Bhí sainmhíniú níos suimiúla ag an uachtarán J.F. Ó Cinnéide: ‘ask not what your country can do for you, ask what you can do for your country’. Ar a laghad, bhí an mana sin dírithe ar choinsias agus ar indibhidiúlacht an duine aonair seachas ar an bpobal tíre i gcoitinne. Mar sin féin, braitheann cur i ngníomh an mhana agus údaracht an mhana ar iontaofacht agus ar fheabhas an rialtais atá ag rialú na tíre; agus ar dhearcadh an phobail i leith an tírghrá.
Go minic, déantar ‘tírghrá’ agus ‘náisiúnachas’ a mheascadh le chéile. Ní hionann an dá choincheap, dar liom. Ciallaíonn ‘náisiúnachas’ an dúil atá ag daoine i gcultúr agus i gceannasaíocht a náisiúin féin agus é a choinneáil neamhspleách ar chultúr agus ar cheannasaíocht náisiún eile. Gluaiseacht pholaitiúil atá ag lorg neamhspleáchais is ea an náisiúnachas.
Ciallaíonn ‘tírghrá’ grá tíre agus an dualgas atá ar shaoránach tíre an tír agus bunreacht na tíre a chosaint ó ionsaí. Déanann saoránach cinneadh an tír agus pobal na tíre sin a chosaint. An duine aonair versus an slua más maith leat an difríocht is mó a fheicimse idir ‘tírghrá’ agus ‘náisiúnachas’.
In Éirinn na linne seo, is é an tírghráthóir is inchreidte, dar liomsa, ná an duine a labhrann teanga na tíre seo. Is ionann tírghrá agus teanga faoin am seo. Tá an teanga Ghaeilge i mbaol a báis muna labhartar í. Tá ag clis ar an stát a dhualgas i leith na teanga a chomhlíonadh agus tá lear mór de phobal na tíre beag beann ar an teanga; agus naimhdeach amach is amach i gcásanna áirithe. Tá feachtas leanúnach ar siúl ag cuid de na meáin an bonn a bhaint de theanga ár sinsear.
Ní baol don cheol. Ní baol do na cluichí Gaelacha. Ní baol don bhéaloideas. Ní baol don seanchas. Ní baol do na traidisiúin Ghaelacha. Ní baol don sean-nós ná do na rincí Gaelacha. Ní hé sin le rá go dteastaíonn cúnamh agus forbairt uathu go léir ach i ndeireadh na dála, is í an teanga agus gach a ngabhann léi – an Ghaeltacht, na teaghlaigh Ghaeilge, iriseoireacht na Gaeilge, scríbhneoireacht na Gaeilge, litríocht na Gaeilge, oideachas trí mheán na Gaeilge, múineadh na Gaeilge, stádas na Gaeilge sna meáin chumarsáide, tacaíocht do dhaoine atá ag iarraidh a gclann a thógáil trí mheán na Gaeilge agus a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge – bun agus barr ár náisiúin ag an bpointe seo.
Lucht labhartha na teanga agus iad siúd atá ag déanamh a ndíchill ar son na cúise sin go deonach agus go leanúnach na fíor-thírghráthóirí, im’ thuairimse. Iad siúd a eagraíonn ciorcail chomhrá ina gceantair féin; iad siúd a eagraíonn ranganna Gaeilge; iad siúd atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn i measc na n-óg; iad siúd atá ar bheagán Gaeilge a dhéanann iarracht í a fhoghlaim chun í a labhairt lena bpáistí óga féin; múinteoirí díograiseacha a chaitheann dua leis an dteanga.
Is beag aitheantas a fhaigheann na tírghráthóirí seo, faraor. Is beag buíochas ach an oiread. Níos minice ná a mhalairt, is é an doicheall an té is mó a chuireann neamhfháilte rompu. Féachtar orthu go minic mar chonstaicí sa bhealach ar rabharta mór an Bhéarla. Caitear go dona leo uaireanta. Déantar tréaniarracht iad a imeallú.
Fíorthírghráthóirí iad. Murach iad bheimis in umar na haimiléise ar fad. Bímis bródúil astu.
Eoghan ONeill
Is Anglos muid an chuid is mó des na hÉireannaigh ag an bpoinnte seo agus tá muid sona go leor le sin, ach caithfimid glacadh leis go bhfuil daoine ann nach bhfuil amhlaidh – is iad siúd atá fágtha de chultúr agus meon na nGael. Dearfainn go neartódh sé nós labhairt na teangan dá gcaithfeadh daoine an fáinne beag ar feadh seal ionnas go naithnódh ciarógaí ciarógaí eile sa chomharsanacht, mar is fánach an áit sa tír seo nach bhfuil Gaeil ann (fiú sna condaetha is mó gallda).