In Éirinn atá an ráta ionfhabhtaithe Covid-19 is airde ar domhan i measc oibrithe sláinte – INMO

Deir Phil Ní Sheaghdha, Ard-Rúnaí an INMO, gur ‘deargscannal’ a bhí ann gur in Éirinn ab airde a bhí an ráta ionfhabhtaithe Covid-19 i measc oibrithe sláinte

In Éirinn atá an ráta ionfhabhtaithe Covid-19 is airde ar domhan i measc oibrithe sláinte – INMO

Dúradh le Coiste Oireachtais an Covid-19 inniu gur in Éirinn is airde a bhí an ráta ionfhabhtaithe ón gcoróinvíreas sa domhan i measc oibrithe sláinte.

Oibrithe sláinte is ea an tríú cuid de na daoine ar deimhníodh Covid-19 a bheith orthu agus chuir an coróinvíreas seachtar oibrithe sláinte den saol.

Dúirt Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) Phil Ní Sheaghdha gur bhraith altraí “gur mhol agus gur thréig” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Stát iad agus iad ag iarraidh an obair agus cúram leanaí a dhéanamh ag an am céanna. 

Dúirt sí “gur chóir go mbeadh mascanna aghaidhe éigeantach ón tús” do gach oibrí sláinte agus gur thit an ráta ionfhabhtaithe go mór nuair a tosaíodh ag caitheamh mascanna.

Léiríonn figiúirí ón INMO gur tuairiscíodh 8,018 cás ionfhabhtaithe i measc oibrithe sláinte suas go dtí deireadh na Bealtaine.

Dúirt Ní Sheaghdha gur “deargscannal” a bhí ann gur in Éirinn ab airde a bhí an ráta ionfhabhtaithe.

Dúirt sí gur ag a gcuid oibre a tholg 88% acu sin atá ag obair sa tseirbhís sláinte an víreas agus go raibh orthu fanacht sa bhaile ón obair ar feadh 14 lá. Tá 4,823 oibrí nó 66% díobh fós amuigh óna gcuid oibre, 1,600 altra agus bean chabhrach ina measc.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón HSE, deimhníodh 41 cás nua den Covid-19 in ospidéil aréir agus bhí 173 othar eile a raibh amhras ann gurbh é a bhí tolgtha acu ach iad fós ag fanacht le torthaí tástála.

16 duine as an 41 othar sin a bhí in aonad dianchúraim agus bhí 16 duine eile ann a raibh amhras gurb é a bhí orthu.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu gur bhásaigh duine amháin ón gcoróinvíreas, rud a fhágann go bhfuil 546 duine curtha den saol aige ansin. Níor deimhníodh aon chás nua inniu. 30 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn inniu agus beirt acu atá in aonad dianchúraim.

Dúirt an tAire Sláinte Robert Swann inniu go mbeidh iarrachtaí mhuintir Thuaisceart Éireann i gcoinne an Covid-19 “sa Táin”.

Tá sé deimhnithe ag Príomh-Aire na Breataine go laghdófar an scoitheadh sóisialta 2 mhéadar go dtí ‘1 méadar móide’ ón 4 Iúil i Sasana ar mhaithe le cuidiú le hearnáil an fháilteachais athoscailt.

Fág freagra ar 'In Éirinn atá an ráta ionfhabhtaithe Covid-19 is airde ar domhan i measc oibrithe sláinte – INMO'