Saoire sa mbaile a roghnaigh muid i mbliana, ar nós formhór na ndaoine. Agus nach é an saoire sa mbaile is fearr a chruthaíonn na cuimhní?
Ansin, an fhírinne shearbh. Bhí gach áit in áirithe – ar éigean go bhfuaireamar leaba agus bricfeasta féin.
Ach go tráthúil, cuireadh seomra amháin ar ceal in Acaill agus tugadh dúinne é – sin tús, a dúramar.
Bhíomar in Acaill cúpla bliain ó shin. Go deimhin scríobh mé faoi an t-am sin. Mar sin, bhí mé fiosrach faoin staid ina mbeadh cúrsaí ann – an mbeadh mórán cuairteoirí thart, cén sórt acmhainní nó áiseanna nua turasóireachta a bheadh ann agus mar sin de?
Cé go raibh na sluaite thart ar an oileán, an seomra bia pacáilte, na bóithre cruógach, bhí an seanbhaile ina raibh an Misean ag an Urramach Nangle tráth deas ciúin.
Ba léir go raibh obair chóirithe ar siúl ar Shéipéal Naomh Tomás ach níorbh fhéidir linn siúl isteach. An uair dheireanach a thugamar cuairt ann, bhí feighlí an tséipéil ag obair thart air agus thug sé isteach muid – seachtar de phobal Protastúnach a bhí ag freastal ar na seirbhísí, dúirt sé linn.
An geábh seo, bhí fógra ar an ngeata ag inseacht dúinn faoin bpobal beag. Chuamar isteach agus shiúil muid thart ar an reilig. Insíonn reilig an stair.
Chomh maith le huaigheanna an phobail sa bhfichiú aois agus níos faide anonn, ba léir go raibh daoine beo bocht sa phobal seo tráth agus gan curtha ar a n-uaigheanna ach cloch aonair, nó crois adhmaid cuimhneacháin a cuireadh orthu níos deireanaí.
Agus ansin, gar go maith don séipéal, uaigh Violet McDowell, a mhair go raibh an 100 bliain slánaithe aici.
Ba í Violet a bhí i mbun an óstáin ‘Gray’s‘, óstán a bhí ina lárchuid den bhaile i bhfad tar éis do Nangle imeacht as an áit. Agus ba léir ó na seanghradaim óstáin a bhí fós greamaithe den bhalla tosaigh go mbíodh ardmheas ar an gcaighdeán ann.
Agus muid ag léamh na gcomharthaí agus ag déanamh iontais arís den leagan amach a bhí ar an mbaile, cheapamar nach raibh aon duine ina gcónaí sa tsráid. Ansin tháinig fear amach as ceann de na tithe agus bhuail bleid orainn.
Bhí sé díreach tar éis ceann de na seantithe a athchóiriú – ar mhaith linn teacht isteach?
Bhuel, cinnte.
Bhí cuma an-deas ar an athchóiriú – ba léir gur seanteach a bhíodh ann le ballaí tiubha, síleálacha arda agus an chistin i lár an tí. Bheifeá ag súil le ‘Stanley 9’ a fheiceáil áit éicint.
Bhí ceann de na seomraí suite an-fhada agus fairsing. ‘Is anseo a bhí seomra na gcluichí,’ a dúirt ár gcara nua. ‘Bhíodh bord ‘billiards’ ansin ina lár.’
Agus muid ag siúl thart, d’fhiafraigh mé de an mbeadh sé ag dul ag cónaí ann?
‘Ní bheidh,’ a dúirt sé. ‘Tá teach i gCaisleán an Bharraigh agam agus teach saoire eile an taobh eile d’Acaill.’
Ba as Acaill é féin – bhí aithne aige ar Violet agus ar an dream a bhí ina gcónaí ar an mbaile beag. Bhí sí flaithiúil agus choinnigh sí an pobal agus an séipéal Protastúnach ag imeacht an fhad is a mhair sí. Choinníodh sí cuairteoirí as Tuaisceart Éireann gach samhradh agus gan amhras, chuidigh sé sin le teacht isteach an Mhinistéara.
‘Agus céard a dhéanfas tú le do theach deas anois, mura bhfuil tú ag iarraidh é a athrú go ‘Leaba agus Bricfeasta’?’ a d’fhiafraigh mé féin.
Ansin, d’admhaigh sé go mbeadh slua ag teacht go gairid go ceann roinnt mhaith seachtainí. ‘Dream a bheas ag déanamh scannáin thíos ag Poirtin,’ d’inis sé dúinn.
Poirtín? Ní raibh sé ach siúlóid ghearr ónár dteach lóistín féin.
‘Beidh Colin Farrell sa scannán agus Liam Gleeson – nó b’fhéidir Brendan Neeson.’ Rinneamar amach gurb iad Farrell agus Brendan Gleeson, na seanchairde ón scannán In Bruges le Martin McDonagh a bheadh i mbun na haisteoireachta ann.
Síos linn go Poirtín, caladh beag a d’úsáidtí uair amháin don iascach liamhán gréine. Tionscal mór a bhíodh ansin in Acaill tráth. Idir 1947 agus na 1970idí na blianta ab fhearr a bhí sé – bliain amháin ceapadh 9,000 de na créatúir. Ba mhór an chaint a rinneadh i mbliana nuair a facthas cúpla liamhán ag snámh amach ón gCaol in Acaill.
Ba léir go rabhthas i mbun tógála ar an ‘seit’ nó an láthair scannánaíochta don scannán nua seo le Martin McDonagh. Ní raibh éinne thart ach muid féin – dá mba i mBaile Átha Cliath a bheadh sé, bheadh comhlacht slándála á fhaire lá agus oíche.
Céard a bheadh sa teachín beag adhmaid a bhíothas a thógáil ar an gcé? Teach cónaithe? Teach tábhairne? An mbeidh aon tagairt ann don tionscal a choinnigh na mílte daoine beo in Acaill uair amháin? Tá na céibheanna beaga a d’úsáidtí agus na liamháin mhóra ghréine á dtabhairt i dtír fós feiceálach ansin. Bhí sé in am dinnéir.
Tamall ina dhiaidh sin, casadh bean as an áit orm agus mé ag snámh ag Trá Dhumha Goirt. Nach iad na mná a chastar ort i gcónaí sna háiteacha snámha? D’inis sí dúinn cá raibh an lón agus an caifé is fearr le fáil písín suas an bóthar ón trá.
Trasna an bhóthair ón gcaifé bhí siopa leabhar lámhdhéanta agus ábhar a bhí priontáilte de láimh, i seanteach a raibh an chuma air go raibh ealaíontóirí ina gcónaí ann.
As an gCóiré í Hyemee Kim (úsáideann sí an t-ainm @antic_ham ar Twitter) agus thaispeáin sí a cuid saothar dúinn.
Ná bíodh aon imní ort gur ag brath ar shiúlóirí ar nós muide a bhíonn sí agus í ag díol a cuid ealaíne. Téann sí go California agus Nua-Eabhrac uair nó dhó sa mbliain, áit a bhfuil margaí agus gníomhairí ealaíne aici féin agus ag a páirtí, Francis Van Maele.
Roghnaigh mé prionta ar thug sí ‘Sraoill’ air agus ansin fuair mé amach gur úsáid Manchán Magan é ina leabhar Sea Tamagotchi – a bhfuil cur síos ann ar fhocail a bhaineann leis an bhfarraige. Is iad Red Fox Press, an dream ar leo an teach in Acaill, a d’fhoilsigh an leabhar sin do Ghaillimh 2020.
Ach thug an pictiúr den ‘Sraoill’ mo neacht i Meiriceá chun cuimhne dom (bean rua eile) agus cheap mé go mb’fhéidir go mbreathnódh sé go deas ina hoifig nua i Meiriceá. Aturnae nua-cháilithe í agus beidh sí ag obair do chomhlacht dlí in Washington.
Ní agamsa amháin a bheas na cuimhní deasa ar Acaill ansin.
Fág freagra ar 'In Bruges – ní hea, in Acaill…'