In ainneoin a gceaptar, bíonn a saol féin ag gaolta othar Alzheimer

CUIMHNE AGUS DEARMAD: An mhí seo: beidh an sconna i gcistineach mháthair ár gcolúnaí ag sceitheadh uisce go ceann i bhfad

In ainneoin a gceaptar, bíonn a saol féin ag gaolta othar Alzheimer

Tá an sconna i gcistineach mo mháthar ag sceitheadh uisce le míonna anuas.

Ní ón mbéal ach ón mbun a bhíonn an t-uisce ag sceitheadh: bíonn lochán timpeall ar an áit a dtagann an sconna amach as an gcuntar oibre. Cuireann mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, tuáille gréithe timpeall ar an sconna mar bhindealán.

Déanann na cúramóirí baile a thugann cuairt uirthi trí huaire sa lá an rud céanna, ach tá sé déanta sách soiléir ag cuid acu go gceapann siad gur chóir dom féin nó do mo dheartháir óg glaoch ar phluiméir chun an sconna a dheisiú. Ach ar chaoi éigin bíonn an sconna sin de shíor ag bun an liosta; bíonn géarchéim níos práinní ann i gcónaí.

Nuair a chaith mé féin cúig mhí i dteach mo mháthar níos túisce i mbliana bhí obráid ar na cromáin aici, bhí míle bille nár íocadh le n-íoc, agus chaill sí a cuid fiacla bréige. I measc rudaí eile. (Tháinig mé an-ghar do chaoi a chur ar an sconna nuair a bhí oibrithe sa teach ar feadh coicíse chun athchóiriú a dhéanamh ar an seomra folctha, ach nuair a dúirt an pluiméir a bhreathnaigh ar an sconna go mbeadh air sconna nua as an bpíosa (agus sách costasach) a chur isteach seachas an leicneán a athrú, go díreach, mheas mé go raibh bob á bhualadh aige orm agus dúirt mé leis go ‘gcuimhneoinn’ ar a thairiscint.)

Tarlaíonn an rud céanna do mo dheartháir óg. Ó d’fhill mise ar mo bhaile féin agus ó bhíonn na cúraimí laethúla i dteach ár máthar ar a ghuaillí siúd arís, bhris an teas lárnach, bhí fadhb leis an leictreachas agus bhí cúram baile breise le heagrú do mo mháthair toisc go bhfuil liosta feithimh an ionad cúram lae rófhada fós.

Ar ndóigh ní féidir a shéanadh go bhfuil 24 uair i ngach aon lá. Bréag a bheadh ann a mhaíomh nach raibh cúig nóiméad agam féin nó ag mo dheartháir óg chun glaoch a chur ar phluiméir a chuirfeadh caoi ar an diabhal sconna.

Ach tarlaíonn go bhfuil ár saol féin againn.

Tá post lánaimseartha ag mo dheartháir. Tá mac aige a bhfuil uathachas air. Tá sé féin agus a bhean ag scaradh óna chéile. Beidh sé ag bogadh tí an tseachtain seo.

Tá cónaí orm féin ar an taobh eile den domhan, áit a mbím ar mo dhícheall greim a choinneáil i mo bhéal mar scríbhneoir féinfhostaithe agus áit a mbíonn mo chuid fadhbanna grá féin agam.

Ní hé nach mbeadh cúig nóiméad againn. Is é an chaoi nach mbíonn an fuinneamh – nó go deimhin an fonn – orainn.

Seans go gceapfaidh tú go bhfuil cuma pháistiúil nó fiú amháin gránna air seo ach le deireanas breathnaím féin ar an sconna fabhtach sin i gcistineach mo mháthair mar agóid bheag i gcoinne éagóir an tsaoil.

Chuir an galar atá ar mo mháthair a saol féin trí chéile – ach saol a beirt mhac freisin. Bíonn géarchéim i ndiaidh géarchéime le réiteach agam féin agus ag mo dheartháir óg. Ach tar éis trí nó ceithre bliana den chraic seo, tá mé tar éis teacht ar an tuiscint nach bhfuil dualgas orainn fadhbanna nach géarchéimeanna iad a réiteach ar an bpointe boise. Cuirfear caoi ar an sconna sin lá breá éigin.

Amach anseo.*

* Tuigim go bhfuil uisce á chur amú agus is cinnte go mbeadh rud nó dhó le rá faoi sin ag cara liom, An Saoithín Aeráide. Ach ní duine céad faoin gcéad loighciúil mé i gcónaí…

Fág freagra ar 'In ainneoin a gceaptar, bíonn a saol féin ag gaolta othar Alzheimer'