In 2014 bhí mé sásta seans a thabhairt don chleamhnas idir Sky agus CLG ach tá m’intinn athraithe agam

An bhfuil sé ceart ná cóir go mbeadh ar phobal na tíre íoc as féachaint ar chluichí Gaelacha ar an teilifís?

In 2014 bhí mé sásta seans a thabhairt don chleamhnas idir Sky agus CLG ach tá m’intinn athraithe agam

Tamall de bhlianta ó shin bhí chuid maith argóna ann nuair a d’fhógair Cumann Lúthchleas Gael go raibh conradh sínithe acu leis an gcomhlacht teilifíse Sky, a thabharfadh cead don chomhlacht ollmhór cuid des na cluichí craoibhe, idir pheil agus iomáint, a thaispeáint ar feadh tréimhse trí bliana.

Bhí cuid maith leantóirí i gcoinne chinneadh seo CLG le Sky ach bhí tuairimí ann chomh maith go mb’fhéidir go dtabharfadh Sky pictiúir agus dea-scéalta na gcluichí Gaelacha ar fud an domhain mhóir agus dá thoradh san go mbeadh níos mó leantóirí agus imreoirí nua ag CLG. Agus, a dúirt na daoine a bhí i bhfabhar an chinnidh, bhí an seans ann go mbeadh cluichí idirnáisiúnta againn sna blianta amach romhainn.

Caolseans déarfainn.

Sa bhliain 2014 a deineadh an chéad chonradh sin idir Sky agus CLG. Is sa bhliain sin a cuireadh críoch leis an gcead a bhí ag TV3 cuid des na cluichí craoibhe a thaispeáint. Dúirt CLG ag an am go raibh siad ag iarraidh forbairt agus fás a dhéanamh ar na cluichí Gaelacha sa Bhreatain.

Ansin in 2017 cuireadh síneadh cúig bliana leis an gconradh.

De réir figiúirí a bhí sna meáin le déanaí ní mór in aon chor an lucht féachana atá ag na cluichí i Sasana agus de réir mar a chloisim agus a léim sna páipéir, tá tromlach leantóirí CLG sa tír i gcoinne an síneadh a cuireadh leis an gconradh in 2017.

In 2014 bhíos féinig sásta seans a thabhairt do Sky ach ag an bpointe seo tá m’aigne athraithe agam. Ní dóigh liom go bhfuil aon dul chun cinn déanta le cabhair Sky. Tá cluichí Gaelacha á n-imirt i bpócaí ar fud an domhain de thoradh Éireannaigh óga a bheith ag obair sna ceithre hairde. Is iadsan atá ag scaipeadh an dea-scéala. Agus nach bhfuil GAAGO ann do na leantóirí thar lear? Dar ndóigh sin córas idirlín ina n-íocann diaspóra na hÉireann, pé áit ar domhan ina bhfuil siad lonnaithe, chun féachaint ar chluichí a thaispeántar ar RTÉ.

Amaitéaraigh iad na himreoirí.

Tá formhór na n-oifigeach amaitéarach. Tá gach club sa tír ag feidhmiú le cabhair ó dhaoine nach bhfuair pingin nó cent rua riamh as a saothar. Is eagraíocht é CLG atá phobalbhunaithe agus éiteas amaitéarach atá aici. Tá a fhios agam go bhfuil CLG ag fáil íocaíocht as an gconradh seo le Sky ach chun an t-airgead sin a fháil tá siad ag cur cosc ar dhaoine nach bhfuil an córas Sky sa teach acu féachaint ar na cluichí a thaispeánann siad.

Tá a fhios agam go maith freisin go gcaitear cuid den airgead sin ar ‘Lárionaid Supergames’, an chomhdháil bhliantúil cóitseála, agus ar thograí fiúntacha eile ar fud na tíre. Níl aon dabht ach an oiread ach go bhfuil caighdeán na hanailíse ar RTÉ feabhsaithe agus an stáisiún sin ag iarraidh coimeád le caighdeán Sky. 

Bhí cuid maith cainte arís i mbliana faoi Sky nuair a bhí cluichí an tSárochtair ar siúl.

Bhí dhá chluiche de chuid Dhún na nGall ar Sky, rud a chuir an-olc ar chuid maith leantóirí nach raibh ábalta na cluichí sin a fheiceáil.

Ach an bhfuil sé ceart ná cóir go mbeadh ar phobal na tíre íoc chun féachaint ar chluichí Gaelacha ar an teilifís?

Nó b’fhéidir go bhfuil an ceart ag bainisteoir Thír Eoghan Mickey Harte nuair a dúirt sé roimh an gcluiche leathcheannais peile i mbliana go raibh an cead agus ceart ag CLG pé rud is maith leo a dhéanamh.

N’fheadar é.

Fág freagra ar 'In 2014 bhí mé sásta seans a thabhairt don chleamhnas idir Sky agus CLG ach tá m’intinn athraithe agam'