Nach mór go deo an t-athrú ar an saol cluiche ceannais peile na hÉireann a bheith le n-imirt i bPáirc an Chrócaigh agus muid ag déanamh ar Lá Nollag. Is aistí ná sin Páirc an Chrócaigh gan a bheith lán de leantóirí glóracha.
Ach imríodh an cluiche ceannais cheana ar an 9ú lá de mhí na Nollag sa mbliain 1917.
Foireann an Chláir agus foireann Loch Garman a bhí in aghaidh a chéile an bhliain sin. Ba iad contae an Chláir a bhuaigh craobh na Mumhan. Níor bhain siad an sprioc chéanna amach aríst go dtí 1992.
6,000 duine a bhí sa bpáirc ar an Jones Road nuair a thug an Clár agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i 1917. I rith na paráide roimh an gcluiche d’iompair Harry Boland bratach Óglaigh na hÉireann. Cúig bliana ina dhiaidh sin maraíodh é i gCogadh na gCarad.
Bhí bratach mhór ag imreoirí chontae an Chláir freisin agus ainm Éamoin de Valera greanta go feiceálach uirthi. Cúig mhí roimhe sin a bhuaigh de Valera fothoghchán Oirthear an Chláir.
Níorbh é an chéad uair é ar iompair imreoirí an Chláir bratach pholaitíochta. Sa mbliain 1914 bhí meirge acu ar son Rialtas Dúchais agus ar son Sheáin Réamainn.
Ach bhí an aeráid pholaitiúil athraithe go mór idir an dá linn. Troid mhíleata ar son na saoirse a bheadh i gcontae an Chláir feasta.
Go deimhin maraíodh i gCogadh na Saoirse beirt de na himreoirí a d’imir do chontae an Chláir i gCraobh na Mumhan i 1917. Ba iad sin Michael MacNamara agus Michael McMahon.
Ní raibh muintir Loch Garman ag géilleadh an-éasca do rialacha oifigiúla na linne ach an oiread. Bhí bac curtha ar thaisteal fada i ngluaisteáin ach níor thug lucht Chumann Lúthchleas Gael an chontae aird ar bith air.
Chuaigh na himreoirí agus a lucht tacaíochta go Baile Átha Cliath i scuaidrín carranna. Cúig scilleacha fíneála a cuireadh orthu agus ní raibh níos mó faoi.
Ba iad foireann Loch Garman rogha na coitiantachta an lá sin, an 9ú lá de Nollaig 1917. Is acu a bhí an bua sa deireadh, naoi gcúilín in aghaidh cúig chúilín.
Maidir leis an aimsir lá an chluiche, thuairiscigh an Irish Independent nach bhféadfaí lá níba fheiliúnaí a fháil i gcomhair cluiche faoin aer. Dúirt siad go raibh an ghrian ag scaladh go breá.
Tá súil agam gur lá mar sin a bheas i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo chugainn nuair a rachas Baile Átha Cliath agus Maigh Eo chun páirce. Rud ar bith ach an ceo gránna sin a bhí ann an lá a raibh Maigh Eo agus Tiobraid Árann ag imirt.
‘Hammer Horror fog’ a thug tuairisceoir spóirt amháin air. Tagairt a bhí ansin don bhrat ceo a bhíodh le feiceáil i scannáin uafáis a rinne an Hammer Film Productions Company faoi Dracula, faoi Frankenstein agus faoi arrachtaí eile.
Níor oibrigh Súile an tSeabhaic sa gceo a bhí i bPáirc an Chrócaigh. D’oibrigh na ceamaraí teilifíse a bheag nó a mhór.
Murach cluichí ar an teilifís is rímhór m’fhaitíos go n-imeodh lucht leanúna na gcluichí as a meabhair ar fad ó choinnigh an víreas sa mbaile iad.
Dála an scéil, léirigh Cumann Lúthchleas Gael aríst go bhfuil ómós acu don dream a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse. Ba dheas mar a leag imreoirí Thiobraid Árann bláthfhleasc i gcuimhne ar na daoine a maraíodh i bPáirc an Chrócaigh Domhnach na Fola.
Bí cinnte go raibh na heolaithe ar mian leo an stair a lúbadh ag gearradh na bhfiacla mar gheall air.
An tAthair Ó Murchú
Nach ait mar d’iompaigh peileadóirí Loch Garman a gcló agus iad ag dul thar teorainn is gur ar son Chill Mhantáin a chuireadar chun páirce ar deireadh. An iomad W-anna in oirthear na tíre….