Ciarraí v Baile Átha Cliath agus na cluichí móra eile an deireadh seachtaine seo

Beidh an dá chontae is láidre sa tír á fhéachaint le chéile an deireadh seachtaine seo i gCill Airne. Beidh Éamonn Fitzmaurice agus Ciarraí ag lorg a gcéad bhua i gcoinne Bhaile Átha Cliath sa tsraith ó 2012.

Players compete for the ball 1/9/2013
Imreoirí ón dá fhoireann ag triall ar an liathróid i gcraobhchomórtas 2013. INPHO/Donall Farmer

Ó bhuail Ciarraí foireann na príomhchathrach i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann i 2009, tá an bua faighte ag Baile Átha Cliath i sé cinn den seacht gcluiche atá imeartha eatarthu ó shin, idir chluichí sraithe agus chluichí craoibhe.

Bua amháin agus cailliúint amháin atá an dá thaobh sa tsraith go dtí seo. Chaill an dá fhoireann i mBabhta 1, Ciarraí i gcoinne Mhaigh Eo agus Baile Átha Cliath in aghaidh Chorcaí ach d’éirigh leo an bua a fháil ar fhoirne Ultacha i mBabhta 2, le foireann Jim Gavin ag bualadh Dhún na nGall agus na Ciarraígh ag fáil an ceann is fearr ar Dhoire.

Tá Kieran Donaghy ar ais ag traenáil le foireann Éamon Fitzmaurice ó tháinig deireadh le feachtas na Stacach i gCraobh Chlub na hÉireann coicís ó shin, agus beidh sé ag tosú ar an Domhnach. Beidh taithí an fhir mhóir ag teastáil mar go bhfuil imreoir na bliana anuraidh, James O’Donoghue, ar lár don tsraith uile de dheasca gortú gualainne agus mar go ndealraíonn sé nach bhfuil Colm Cooper tagtha chuige féin fós.

Bhain Jim Gavin úsáid as an dá chluiche go dtí seo chun deis a thabhairt d’imreoirí nár roghnaíodh i measc an 15 imreoirí anuraidh; imreoirí óga ar nós Eoin Culligan, John Small agus Emmet O’Conghaile. D’éirigh réasúnta maith leis na fir óga sin sa chluiche i gcoinne Dhún na nGall agus mar sin, ní dócha go mbeidh Gavin ag déanamh mórán athruithe agus a chriú imreoirí ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann.

An uair dheireanach a bhuail na foirne seo le chéile i gCill Airne, níor scóráil an fhoireann baile ach ceithre phointe, muintir Átha Cliath ag buachan 1-11 in aghaidh 0-4. Tá Craobh na hÉireann buaite ag an dá bhainisteoir ó shin agus, cé go mb’fhéidir go dtiocfaidh athrú ar na foirne idir an t-earrach agus an fómhar, is cinnte go mbeidh an dá chontae fós sa treis nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne i gcraobh na bliana seo.

I Roinn 2 an deireadh seachtaine seo, tá cluiche mór idir Gaillimh agus Laois. Tá an dá chluiche go dtí seo buaite ag fir an Iarthair agus beidh deis iontach acu ardú céime a fháíl má éirionn leo ar an Domhnach. Foireann Thomáis Uí Fhlatharta a bheidh rompu agus iad fós ag lorg a gcéad phointí sa tsraith. Mura mbuafaidh siad i dTuaim, beidh leathchois acu i Roinn 3 cheana féin. Níor chaill Laois i gcoinne na Gaillimhe le sé chluiche anuas agus beidh an méid sin mar ábhar gríosaigh ag Ó Flatharta, a thug seal é féin mar bhainisteoir ar na Gaillimhigh.

Dé Sathairn, 28 Feabhra

Corn Uí Mhuirí – Cluiche Ceannais

Pobalscoil Chorca Dhuibhne (Ciarraí) v Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh (Corcaigh), Cill Airne, 3i.n.

Corn Mhic Giobúin – Cluiche Ceannais

WIT v UL, Páirc na nGael, 7.30i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Tír Eoghan v Doire, An Ómaigh, 7i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

An Cabhán v An Dún, Páirc Breffni, 7i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Londain v An Longfort, Ruislip, 2i.n.

Port Láirge v Ceatharlach, Páirc Uí Fhearchair, 7i.n.

Dé Domhnaigh, 1 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Ciarraí v Baile Átha Cliath, Cill Airne, 2i.n.

Dún na nGall v Corcaigh, Béal Átha Seanaidh, 2i.n.

Maigh Eo v Muineachán, Páirc Mhic Éil, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

Ros Comáin v An Mhí, Páirc de hÍde, 1i.n.

Gaillimh v Laois, Tuaim, 2i.n.

Cill Dara v An Iarmhí, An Droichead Nua, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

An Clár v Sligeach, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Fear Manach v Tiobraid Árann, Páirc Brewster, 2i.n.

Luimneach v Ard Mhacha, Cill Mocheallóg, 2i.n.

An Lú v Loch Garman, Droichead Átha, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Cill Mhantáin v Uíbh Fhailí, Eachroim, 2i.n.

Liatroim v Aontroim, Páirc Seán Mac Diarmada, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2A

Londain v Doire, Ruislip, 2i.n.

Fág freagra ar 'Ciarraí v Baile Átha Cliath agus na cluichí móra eile an deireadh seachtaine seo'