Imreoirí na ríochta ag teacht chun aibíochta, anonn is anall i gcúl na Gaillimhe agus conspóid GAAGo

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta is mó ón gCraobh Iomána agus ón gCraobh Peile

Imreoirí na ríochta ag teacht chun aibíochta, anonn is anall i gcúl na Gaillimhe agus conspóid GAAGo

Imreoirí na ríochta ag teacht chun aibíochta…

Misneach agus máistreacht mhuintir Clifford ar uair a mbris an t-ábhar cainte ba mhó a bhí ann i ndiaidh chluiche ceannais na Mumhan agus b’oiriúnach an comhartha ómóis dá máthair Ellen sárthaispeántais David agus Paudie.

Bua bog a bhí ann do Chiarraí agus cé go raibh géarú goile don samhradh ag baint leis an gcomhimirt shlachtmhar i measc na dtosaithe, tabharfaidh taispeántais imreoirí áirithe eile ugach do lucht leanta na Ríochta chomh maith.

Imreoir é Diarmuid O’Connor lár an ghoirt ar léir do chách a mhianach agus bheifeá ag súil go dtiocfaidh sé in aibíocht i mbliana, go háirithe agus Ciarraí d’uireasa cheannaireacht David Moran.

Bhí an-chluiche aige Dé Domhnaigh mar a bhí ag Tony Brosnan, fear cumasach eile a bhfuil an chuma air go dtí seo i mbliana go mb’fhéidir go bhfuil áit bhuan i measc na dtosaithe i ndán dó faoi dheireadh.

Údar misnigh chomh maith an scil agus an stuaim a léirigh Dylan Casey agus é ag tosnú sa chraobh den chéad uair.

In am an ghátair anuraidh, bhláthaigh leithéidí Jason Foley agus Bhrian Uí Bheaglaoich mar imreoirí craoibhe agus tá grúpa imreoirí eile ann a chaithfidh déanamh amhlaidh i mbliana má tá Ciarraí chun an chraobh a thabhairt leo don dara bliain as a chéile.

Bhí na comharthaí go maith an lá eile i gcás cuid acu ach is déine an tástáil a chuirfear orthu i gcoinne Mhaigh Eo i gceann coicíse.

Gaillimh ag dul anonn is anall sa chúl

Cé nár spreag an cluiche mórán suime aon áit eile, lá breá a bhí ann ar an Domhnach d’imreoirí agus lucht tacaíochta na Gaillimhe agus Craobh Chonnacht buaite acu don dara bliain as a chéile, an chéad uair le scór bliain a bhfuil an gaisce sin déanta ag an gcontae.

Ní raibh mórán le foghlaim ón mbua cuimsitheach a bhí ag na Gaillmhigh ach is dea-thuar é chomh héasca is a bhuaigh siad ar Shligeach. An t-aon rud a bheidh ina ábhar machnaimh ag lucht peile na Gaillimhe, b’fhéidir, ná an anonn is anall atá ann leis an gcúl báire.

Thosaigh Connor Gleeson, a bhí mar chéad rogha i gcraobh na bliana seo caite, an cluiche in aghaidh Shligigh Dé Domhnaigh ach is léir nach bhfuil Pádraic Joyce go hiomlán cinnte cé hé an cúl báire is fearr atá aige.

D’imir Gleeson sa chéad sé bhabhta den tsraith i mbliana ach sa bhabhta deireanach in aghaidh Chiarraí, bheartaigh Joyce deis a thabhairt do Bernard Power sa chúl. Bhí Gaillimh cáilithe don chluiche ceannais cheana féin agus bhí ciall le seans a thabhairt do Power. Cé gur éirigh réasúnta maith le fear Chora Finne, dúirt an Seoigeach i ndiaidh an chluiche gurb é Gleeson an chéad rogha a bhí aige mar chúl báire agus ba é a bhí sa chúl do chluiche ceannais na sraithe in aghaidh Mhaigh Eo nuair a thug Gleeson ceann de na taispeántais is fearr aige do Ghaillimh.

B’in deireadh an scéil, cheapfá, ach nuair a tháinig tús na craoibhe, bhí Power ainmnithe sa chúl in aghaidh Ros Comáin. I measc na n-ionadaithe a bhí Power arís don chéad chluiche eile, áfach, agus Gleeson ar ais sa chúl ar an Domhnach.

Tar éis an bhua ar Shligeach, dúirt Joyce le Tuairisc nach raibh aon chinneadh déanta maidir le cé acu a chéad rogha sa chúl agus go bhféadfadh Power a bheith ar ais ann don chéad chluiche eile in aghaidh Thír Eoghain dá n-éireodh níos fearr leis ag traenáil idir seo agus sin.

Dúirt Joyce gur imreoirí maithe iad beirt agus nach raibh sé buartha faoi dhuine amháin acu a roghnú seachas an duine eile. Mar sin féin, ní minic a fheictear na foirne is fearr sa tír ag malartú cúl báire cluiche i ndiaidh cluiche. Má bhuann Gaillimh Craobh na hÉireann agus an cúl báire athraithe aige i nach mór chuile chluiche, scríobhfar na mílte focal faoi chlisteacht Joyce ach idir an dá linn beidh ceist mhór ann an chun leas na foirne na hathruithe uile.

Ní bheidh deireadh leis na gearáin faoi GAAGo

Beidh deis ag lucht na peile clamhsán a dhéanamh faoi GAAGo as seo go ceann coicíse agus é fógartha anois nach mbeidh an dá chluiche is mó sa chéad bhabhta de bhabhta nua na ngrúpaí le feiceáil ar RTÉ.

Bhí an-chuid cainte ann le seachtain anuas nuair nach raibh péire de na cluichí ba shuimiúla i gCraobh Shinsir Iomána na Mumhan, bua an Chláir ar Luimneach cúpla seachtain ó shin agus an comhscór idir Corcaigh agus Tiobraid Árann oíche Dé Sathairn, le feiceáil ach ar an tseirbhís íoc ar amharc ar líne, GAAGo.

Tarraingíodh an Tánaiste isteach sa scéal an tseachtain seo agus beidh tamall eile ann sula dtiocfaidh deireadh leis an gcasaoid agus é fógartha anois nach mbeidh na cluichí idir Ciarraí agus Maigh Eo agus idir Gaillimh agus Tír Eoghain, atá le himirt i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann ar an 20 Bealtaine, á gcraoladh ach ar GAAGO amháin.

Bhí raic ann nuair nach raibh cluiche Luimnigh, curaidh na hÉireann, le feiceáil ar RTÉ ach anois tá an dá fhoireann a d’imir i gcluiche ceannais peile na hÉireann anuraidh, Ciarraí agus Gaillimh, ag dul chun páirce in aghaidh péire eile de na foirne is fearr sa tír agus íocaíocht bhreise ag teastáil chun féachaint orthu.

Déanfar tuilleadh gearán nuair a fheicfidh daoine gurb é cluiche ceannais Chorn na gCuradh sa rugbaí idir Cúige Laighean agus La Rochelle a bheidh á thaispeáint ar RTÉ seachas an choimhlint idir Gaillimh agus Tír Eoghain. Ar a laghad beidh trí chluiche ó Craobhacha Iomána Laighean agus na Mumhan á gcraoladh ar RTÉ an deireadh seachtaine céanna, rud a choinneoidh Dónal Óg Cusack sásta.

Fág freagra ar 'Imreoirí na ríochta ag teacht chun aibíochta, anonn is anall i gcúl na Gaillimhe agus conspóid GAAGo'