Imreoirí in easnamh ar Chúige Laighean ach a ndeacrachtaí féin ag Cúige Mumhan

Is ar an RDS a bheidh aird lucht rugbaí na hÉireann amárach agus Cúige Laighean ag tabhairt aghaidh ar Chúige Mumhan i gcluiche leathcheannais an Pro 14

Imreoirí in easnamh ar Chúige Laighean ach a ndeacrachtaí féin ag Cúige Mumhan

Níl ach coicís fágtha anois i séasúr rugbaí 2017-18 agus gan fágtha ach na cluichí leathcheannais sa Pro 14 atá á n-imirt an deireadh seachtaine seo agus an cluiche ceannais Dé Sathairn seo chugainn. Tá dhá chúige, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan fós sa gcomórtas ar ndóigh, agus tabharfaidh Scarlets na Breataine Bige aghaidh ar fhoireann Ghlaschú anocht sa gcluiche ceannais eile.

Dé bhrí gur éirigh le Cúige Laighean agus le Glaschú barr an tábla a bhaint amach i ngrúpaí A agus B is acu sin a bheas an buntáiste imirt sa mbaile.

Agus Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag tabhairt aghaidh ar a chéile tráthnóna amárach, is léir go mbeidh fir Chúige Laighean ar a míle dícheall ag iarraidh cur leis an mbua stairiúil a bhí acu i gcraobh na hEorpa in Bilbao an Satharn seo caite. Is cinnte freisin go mbeidh fonn mór ar Chúige Mumhan stop a chur lena rás.

Cé go raibh chuile dhuine sásta le bua Chúige Laighean seachtain ó shin, d’íoc siad go daor as. Níl fáil acu ar imreoirí ar nós Robbie Henshaw agus Jonathan Sexton de bharr gortuithe sa gcluiche crua sin i gcoinne Racing 92 agus naoi gcinn d’athruithe ar fad atá déanta ar an bhfoireann a thug an corn leo an tseachtain seo caite. Is dúshlán ann féin é ag aon fhoireann a bheith d’uireasa imreoirí den chaighdeán sin agus cé go bhfuil neart roghanna eile ag Leo Cullen, tá mórcheist amháin le freagairt amárach, sin an mbeidh Cúige Laighean in ann an t-ardchaighdeán imeartha céanna a bhaint amach seacht lá tar éis an dianchluiche sin?

Is cinnte go bhfuil an t-ádh ar Chúige Laighean gur san RDS atá an cluiche seo á imirt.  Is léir go gceapann go leor de lucht leanta Chúige Mumhan é sin freisin, mar gur theip orthu os cionn 1,000 ticéad a dhíol don choimhlint seo.  Sin nó tá leathshúil acu ar an gcluiche ceannais, ach ní dóigh liom gurb é sin an cás.

Tá a gcuid deacrachtaí féin ag Cúige Mumhan.  Tá neart imreoirí gortaithe ag deireadh an tséasúir, agus níl ceachtar den dá leathchúlaí amuigh (Keatley agus Hanrahan) atá ag imirt dóibh compordach faoi láthair agus geansaí uimhir 10 á chaitheamh acu.

Mar sin féin, bíonn teannas mór ag baint le haon chluiche idir na foirne seo.  Ní bheidh athrú scéil sa gcoimhlint áirithe seo. Bhí an bua ag Cúige Laighean an dá bhabhta a chas siad ar Chúige Mumhan sna réamhbhabhtaí.  Seans maith go mbeidh an toradh céanna againn arís an babhta seo.

Maidir leis an gcéad chluiche leathcheannais a bheas á imirt anocht,  ní bheidh tada idir Glaschú, foireann a bheas sa mbaile i gcoinne na Scarlets, curaidh an chomórtais, agus is deacair toradh a thuar.

Pé cás é is ar Staid Aviva in Áth Cliath a bheas triail an bhuaiteora le himirt i gcoinne foireann ón tír seo sa chluiche ceannais seachtain ón lá amárach.

Idir an dá linn, beidh na hUltaigh ag cur chun páirce i mBéal Feirste ar an Domhnach agus iadsan ag cur fáilte roimh na hOspreys. Tá áit i gCorn na gCuradh ar fáil don fhoireann a mbeidh an lámh in uachtar acu sa gcoimhlint seo. Ach an oiread le Cúige Laighean a bheas ag imirt san RDS, seans maith go mbeidh tionchar mór ag buntáiste an bhaile ar an gcluiche seo.

Fág freagra ar 'Imreoirí in easnamh ar Chúige Laighean ach a ndeacrachtaí féin ag Cúige Mumhan'