Imreoirí Faoi-21 na Ceathrún Rua ag iarraidh Craobh an Chontae a bhuachan den chéad uair

Beidh ar an gCeathrú Rua an ceann is fearr a fháil ar fhoireann láidir Chora Finne má tá siad chun Craobh Faoi-21 A na Gaillimhe a bhuachan den chéad uair i bPáirc an Phiarsaigh inniu

INPHO/Dan Sheridan
INPHO/Dan Sheridan

Tar éis dó a bheith curtha ar athlá ar feadh breis agus mí, imreofar cluiche ceannais peile Faoi-21 A na Gaillimhe inniu idir An Cheathrú Rua agus Cora Finne.

Bhí na foirne ceaptha an cluiche seo a imirt i lár mhí na Nollag ach cuireadh siar é mar gheall ar an drochaimsir agus mar gheall ar an obair a bhí á déanamh ar Pháirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá. Is ar an bpáirc sin a imreofar cluiche an lae inniu agus é ag tosú ag 2 i.n.

Tar éis dóibh craobh an iarthair a bhuachan in aghaidh Bhóthar na Trá/Chnoc na Cathrach, i gcluiche den scoth, bhuaigh fir na Gaeltachta leis an scór 2-9 i gcoinne 3-5. Is í seo an chéad uair don Cheathrú Rua a bheith i gcluiche ceannais an chontae ag an ngrád seo. Chaill an fhoireann ó Chonamara cluiche ceannais B an chontae san aoisghrúpa seo i 2013 agus beidh na himreoirí ón bhfoireann sin atá fós ag imirt ag iarraidh an scéal sin a chur ina cheart.

Ní bheidh sé éasca acu, áfach, agus iad in aghaidh cumainn a bhfuil Craobh Faoi-21 na Gaillimhe buaite acu ceithre huaire le cúig bliana anuas, comórtais 2013 agus 2014 ina measc.

Tá roinnt imreoirí ag Cora Finne a d’imir d’fhoireann na sinsear nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an bhliain seo caite, agus, anuas air sin, tá scata imreoirí acu, Liam Silke, Martin Farragher agus Conor Cunningham ina measc, a bhí ar fhoireann Faoi-21 na Gaillimhe anuraidh nuair a bhain an fhoireann sin cluiche ceannais an chúige amach.

Bhí Jack Ó Gaoithín na Ceathrún Rua mar lánchúlaí ar fhoireann sin na Gaillimhe an lá céanna agus beidh buachaillí na Gaeltachta ag brath go mór air smacht a choinneáil ar thosaithe cumasacha Chora Finne. Mar sin féin, tá tosaithe maithe ag an gCeathrú Rua freisin, go háirithe leithéidí Oisín Uí Ghríofa agus Paudie Mhic Cormaic.

Ar deireadh thiar, áfach, seans go mbeidh Cora Finne róláidir agus an oiread sin taithí acu.

Fág freagra ar 'Imreoirí Faoi-21 na Ceathrún Rua ag iarraidh Craobh an Chontae a bhuachan den chéad uair'