Imreoirí ban á lorg don chéad sraith eile den chlár teilifíse clúiteach ‘Underdogs’

Beidh trialacha don tsraith ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus an tsraith nua á craoladh an bhliain seo chugainn

Imreoirí ban á lorg don chéad sraith eile den chlár teilifíse clúiteach ‘Underdogs’

Tá sraith nua Underdogs le craoladh an bhliain seo chugainn agus foireann ban á cur le chéile ag lucht an chláir teilifíse chlúitigh.

Tugann an tsraith deis d’imreoirí nár imir peil idirchontae cheana teacht le chéile faoi stiúir traenálaithe mór le rá agus cluiche a imirt i gcoinne ceann de na foirne is fearr sa tír.

Rinne TG4 athbheochan ar an tsraith in 2018 nuair a thug foireann fear aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann, Baile Átha Cliath, ach is peileadóirí ban atá á lorg an uair seo.

Cé nach bhfuil an freasúra deimhnithe do chluiche na Underdogs go fóill, deir lucht léirithe an chláir go mbeidh siad ag tabhairt aghaidh ar cheann de na foirne peile is fearr sa tír.

Deir Helen O’Rourke, Príomhfheidhmeannach Pheil na mBan go bhfuil ríméad ar Chumann Pheil na mBan a bheith rannpháirteach arís sa tsraith.

“Táimid ag súil leis na daoine breátha a thiocfaidh chun cinn de bharr na sraithe seo a fheiceáil agus is ardán den scoth eile é chun na sárpheileadóirí ban seo a chur os comhair an phobail. Is í seo an 20ú bliain againn ag obair i gcomhar le TG4.”

Bhain Kieran Donaghy Chiarraí agus Pearse O’Neill Chorcaí cáil amach tar éis dóibh páirt a ghlacadh sa tsraith agus chuaigh an beirt ar aghaidh chun boinn Uile-Éireann a bhuachan lena gcontaetha féin.

Paul Galvin, Ray Silke agus Valerie Mulcahy a bhí i gceannas ar fhoireann na bhfear dhá bhliain ó shin ach deirtear go bhfuil sé i gceist duine nua a thabhairt isteach ar an bhfoireann bhainistíochta.

Tá TG4 agus an comhlacht léiriúcháin Adare Productions ag lorg iarratas do shraith 2021 faoi láthair.

Aon bhean nach raibh ar phainéal aon chraobh idirchontae i bPeil na mBan ag leibhéal daoine fásta (sóisir, idirmheánach nó sinsir) le cúig bliana anuas, is féidir léi iarratas a dhéanamh ar ionad le Underdogs TG4. Ar ndóigh aon bhean a bhfuil Craobh na hÉireann i bPeil na mBan (sóisir, idirmheánach nó sinsir) buaite aici, ní haon Underdog í.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina mbaill chláraithe de Chumann Pheil na mBan (LGFA) agus ní mór dóibh a bheith 18 bliain d’aois ar a laghad an 16 Meán Fómhair 2020.

Beidh trialacha don tsraith ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2020.

Is féidir le himreoirí iarratas a dhéanamh anseo.

Fág freagra ar 'Imreoirí ban á lorg don chéad sraith eile den chlár teilifíse clúiteach ‘Underdogs’'