Imreoir peile as Gaillimh ceaptha ina Ambasadóir Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael

Beidh baint ag Paul Conroy le hócáidí Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn, Comórtas Peile na Gaeltachta ina measc

Imreoir peile as Gaillimh ceaptha ina Ambasadóir Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael

Tá an t-imreoir peile de chuid na Gaillimhe Paul Conroy fógartha mar Ambasadóir Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael.

Fógraíodh an cinneadh i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo agus cuideoidh Conroy le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge na heagraíochta a chur chun cinn.

Múinteoir Gaeilge é Conroy i gColáiste Bhaile Chláir na Gaillimhe. Is as cathair na Gaillimhe dó ach tá ceangal láidir ag Conroy le Gaeltacht Chonamara, fód dúchais a bheirt tuismitheoirí.

“Fógraíodh gurb é Paul Conroy a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2022, ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inniu. Tá Paul sáite i saol na Gaeilge ó rugadh é agus is de bhunadh Ghaeltacht Chonamara a bheirt tuismitheoirí. Tá an Ghaeilge fite fuaite i saol oibre agus pearsanta Paul agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge de chuid an Chumainn. Mar a dúirt sé féin;

“Is mór an onóir dom an ról seo a fháil agus tá mé ag tnúth go mór leis an mbliain atá amach romhainn,” a dúirt Conroy.

Ambasadóir na Gaeilge Paul Conroy le Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG Gráinne McElwain, Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG Jamie Ó Tuama agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy. Pictiúr: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

“Rugadh agus tógadh mé le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, ar an Rinn Mhór. Is as Conamara do mo thuismitheoirí agus tá páirt lárnach ag an nGaeilge i mo shaol. Bím ag labhairt Gaeilge chuile lá agus bím ag múineadh Gaeilge. 

“Is páirt mhór de mo shaol í an Ghaeilge agus tá mé ag tnúth go mór leis an ról seo.”

Beidh baint ag Conroy le cur chun cinn ócáidí ar nós Chomórtas Peile na Gaeltachta, Lá Mór na Gaeilge agus na #GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do Cuaille, iris Ghaeilge ar líne an Chumainn.

Chuir Uachtarán CLG, Labhrás Mac Cárthaigh, fáilte roimh cheapachán Conroy agus dúirt go rabhthas i gcónaí ag cur le hiarrachtaí an Chumainn an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Tá an-áthas orainn a fhógairt gurb é Paul Conroy na Gaillimhe a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag an gCumann do 2022. Tá muid ag cur lenár gclár oibre don Ghaeilge i gcónaí agus céim mhór eile í an ceapachán seo don obair sin. Guíonn muid gach rath ar Paul sa ról seo.”

Tá Conroy ag imirt le foireann shinsir na Gaillimhe ó 2008 i leith. Tá trí cinn de Chraobhacha Chonnacht buaite aige le linn an ama sin agus d’imir sé le foireann na hÉireann in aghaidh na hAstráile sa bhliain 2013.

Fág freagra ar 'Imreoir peile as Gaillimh ceaptha ina Ambasadóir Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael'

  • An Teanga Bheo

    Maith thú a Phaul go néirí go brea leat i gconaí