Imreoir óg ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair le conradh a shíniú le foireann Príomhroinne – i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh

Tá cinneadh déanta ag Marc Walsh conradh a shíniú le Swansea City i bPríomhroinn Shasana, chomh luath agus atá an Teastas Sóisearach déanta aige!

Imreoir óg ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair le conradh a shíniú le foireann Príomhroinne – i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh

Deir cumann sacair Cheiltigh Ghaoth Dobhair gur cúis mhór bhróid dóibh é go bhfuil deis á fáil le foireann i bPríomhroinn Shasana ag imreoir a tháinig tríd acadamh an chumainn.

Léirigh an-chuid foirne suim i Marc Walsh, ach le Swansea City a shíneoidh an fear óg conradh chomh luath agus atá an Teastas Sóisearach críochnaithe aige an mhí seo. Is é Walsh, arb as Loch an Iúir i nGaeltacht Dhún na nGall é, an chéad imreoir ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair le tabhairt faoin gcluiche go gairmiúil.

Deir Cathaoirleach an chumainn, Hughie ‘Rua’ Ó Gallchóir, go bhfuil sé iontach go bhfuil an t-aitheantas seo á fháil ag Marc agus a mhuintir.

“Onóir don chlub atá ann agus tá muid sásta dá theaghlach agus do Mharc ar ndóigh. Bhí a fhios againn le tamall go raibh sé ag dul sall ag cúpla club, i Sasana go háirithe. Is iad Swansea City an club is mó a chuir suim ann, ní hamháin ina chuid ábaltachta agus a chuid peile, ach ina chuid oideachais fosta,” a deir Ó Gallchóir.

Is ar an gcliathán den chuid is mó a imríonn Walsh, a bhfuil cluichí imeartha aige d’fhoirne faoi aois na hÉireann, agus cé nach bhfuil sé iontach mór, fiú d’fhear 16 bliain d’aois, deir Ó Gallchóir go bhfuil buanna ar leith aige a sheasfaidh leis amach anseo.

“Lúthchleasaí iontach maith agus aclaí atá ann. Tá smacht iontach aige ar an liathróid agus tá léamh maith aige ar an gcluiche. An rud is tábhachtaí uile ná go n-éisteann sé lena chuid bainisteoirí. Sin an rud is tábhachtaí d’imreoir ar bith, bíodh sé cúig bliana déag nó fiche sé bliana d’aois,” a deir Ó Gallchóir.

Is é an meon sin ag Walsh is mó a thugann Ó Gallchóir suntas dó agus tá aithne mhaith aige ar an imreoir óg mar bhíodh Hughie ‘Rua’ ina phríomhoide ar an meánscoil ar fhreastail Walsh uirthi, Scoil Naomh Dúigh in Anagaire. Bíonn na mílte gasúir ag iarraidh imirt do chlub i bPríomhroinn Shasana agus bíonn meon aigne an imreora óig chomh tábhachtach lena chumas peile dá bharr.

“Caithfidh meon iontach oscailte a bheith agat chun éisteacht le tuairimí daoine eile agus leis an gcomhairle a chuirtear ort. Bhí Marc agam féin ar scoil agus tá sé iontach múinte, iontach macánta, iontach stuama,” a mhínigh Ó Gallchóir.

“Céim mhór atá ann, níl dabht ar bith faoi sin – gasúr ag fágáil an bhaile, a mhuintir agus a chairde agus é sé bliana déag d’aois. Mar sin féin, is é seo a bhí uaidh le tamall fada. Anois, tá sé ar thairseach an dorais aige agus thig le Marc céim mhór a ghlacadh.”

Thosaigh Walsh amach le Ceiltigh Ghaoth Dobhair nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus is é an chéad imreoir a d’imir leo atá imithe chomh fada seo sa spórt. Bunaíodh acadamh an chumainn in 2012.

“Tá cuid mhór obair déanta ag an Acadamh,” a deir Ó Gallchóir.

“Obair dheonach uile atá i gceist, mar atá sna clubanna uile ar fud na tíre, agus caithimid cuid mhór ama leis na hógánaigh.

“Tá cuid mhór cóitseálaithe againn. Bíonn beirt nó triúir le gach foireann, idir fhir agus mhná, rud nach bhfeictear go minic. Bíonn muid ag dul dó sé lá in aghaidh na seachtaine.”

Fág freagra ar 'Imreoir óg ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair le conradh a shíniú le foireann Príomhroinne – i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh'