Impleachtaí ag cinneadh Eorpach do mhuintir na Gaeltachta atá ag lorg cead pleanála

Mar a chéile muid sa gcóras pleanála, de réir breithiúnas a rinneadh san Eoraip, agus d’fhéadfadh go mbeadh ar údaráis áitiúla in Éirinn polasaithe pleanála a thugann buntáiste do mhuintir na háite a chaitheamh in aer

Impleachtaí ag cinneadh Eorpach do mhuintir na Gaeltachta atá ag lorg cead pleanála

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar údaráis áitiúla in Éirinn polasaithe pleanála a thugann buntáiste do dhaoine ina gceantar dúchais féin faoin tuath a chaitheamh in aer.  Ciallaíonn na polasaithe pleanála seo, atá i bhfeidhm faoi láthair, gur féidir go bhfaigheadh duine as an áit – nó duine a bheadh ag obair go buan sa gceantar a bheadh i gceist   – cead pleanála ach nach bhféadfadh duine ón taobh amuigh teach nua a thógáil sa gceantar tuaithe céanna.  Tá na polasaithe claonta i dtreo daoine ón áit ar an mbun gur daoine as an gceantar iad.  Tá na coinníollacha seo i bhfeidhm go láidir i gcontaetha Gaeltachta, go háirithe ar an gcósta thiar.

Ach táthar san amhras go mór anois faoin stádas dlí atá ag na polasaithe seo de bharr cinneadh a rinneadh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá go leor Comhairlí Contae ag fanacht go bhfeicfear cén bhrí a bhainfidh an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil anseo as an gcinneadh atá i gceist.  Shocraigh an Chúirt Eorpach go sáraíonn coinníollacha mar seo cearta an tsaoránaigh Eorpaigh i gcás a bhain le córas áitiúil pleanála i gcuid den Bheilg.

Cás Fhoraithne na Pléimeannaise a thugtar ar an gcás sin. Tháinig an cás sin chun cinn i bhFlóndras, réigiún Pléimeannach na Beilge.  Bhí coinníoll curtha i bhfeidhm ansin ag na húdaráis a chuir cosc ar dhaoine ón taobh amuigh tithe, árasáin agus maoin a cheannach nó a thógáil ar léas fadtéarmach sa réigiún sin.   Sula bhféadfá ceannach nó socrú  a dhéanamh faoi léas fadtéarmach, bheadh ar dhuine a chruthú go raibh sé bliana a caite aige ina chónaí i bhFlóndras, go raibh sé ag cuidiú le forbairt eacnamaíochta an cheantair agus, go raibh ar a laghad, leath na seachtaine á chaitheamh aige ina chónaí ansin.

Dá bhféadfá cruthúnas a chur ar fáil go raibh ceangal teaghlaigh agat sa gceantar – sin nó ceangal fadtéarmach a bhain le do ghairim, thabharfadh sin seans duit freisin.

Ach ba é bun agus barr an scéal go raibh an córas claonta go láidir i dtreo mhuintir na háite.

Chuir lucht forbartha cás os comhair Chúirt Bhunreachtúil na Beilge agus iad ag maíomh go raibh an buntáiste a bhí ag daoine áitiúla i bhFlóndras mídhleathach agus míbhunreachtúil.  Shocraigh lucht na Cúirte sa mBeilg go gcuirfidís an cás ar aghaidh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Rinne an Chúirt Eorpach measúnú ar an gcás bunaithe ar chearta an tsaoránaigh san Aontas Eorpach. Cuireadh san áireamh na bunchearta ar nós saoirse taistil agus cónaithe ar fud an Aontais.  Rialaíodh go raibh na ceangail a bhí i bhfeidhm i bhfabhar an phobail dhúchasaigh agus mhuintir na háite san Fhlóndras ag sárú cearta bunúsacha shaoránaigh na hEorpa.

Ar an gcéad amharc is cosúil go bhfágfadh an cinneadh sin go mbeadh ceist mhór ann anois faoin stádas dlí a bheadh ag srianta pleanála a thabharfadh buntáiste do dhaoine áitiúla in Éirinn.  Tá Comhairlí Contae ag fanacht le reachtaíocht nó treoir ón Roinn Comhshaoil agus iad idir dhá chomhairle faoin gcaoi a ndéanfar cinneadh Chúirt na hEorpa a láimhseáil in Éirinn.  Tá Comhairlí Contae éagsúla idir dhá chomhairle.

Cé nach mbeadh sé ar an gcontae is mó a mbeadh srianta pleanála ann faoin tuath, táthar ag cíoradh na ceiste i gComhairle Chontae Laoise.  Beidh Plean Contae le réiteach acusan go gairid agus tá siad ag fanacht nó go bhfaighfear soiléiriú as Baile Átha Cliath faoin láimhsiú a dhéanfar in Éirinn ar chinneadh na Cúirte Eorpaí.

Táthar ag cíoradh na ceiste cheana féin freisin i gComhairle Chontae Shligigh.  Dúirt feidhmeannach sinsearach pleanála ansin le Tuairisc.ie go bhfuil roinnt athruithe déanta acu i bhfianaise a bhfuil tarlaithe san Eoraip.  Mar shampla, roimhe seo bhíodh sé leagtha síos go raibh ‘cáilíocht áitiúil’ ag duine má bhí cónaí air i bhfoisceacht cúig chiliméadar don suíomh a raibh sé i gceist aige teach a thógáil air ach níl achar ciliméadair i gceist anois. Dhúiseodh an méid sin ceist faoin mbrí atá le ‘áitiúil’ anois i Sligeach cé go bhfuiltear fós ag coinneáil leis an bpolasaí go mbeadh buntáiste ag an duine áitiúil fad is atáthar ag fanacht le soiléiriú as Baile Átha Cliath.

I nGaillimh, contae a bhfuil cuimse conspóide tarraingthe ag cúrsaí pleanála ann – i gConamara atá na conspóidí seo tarlaithe den chuid is mó – tá an Chomhairle Contae tar éis treoir a lorg ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil faoin lorg a fhágfaidh cás Fhlóndras ar an bpleanáil.

Tá eireabaill go leor ar an ábhar seo i nGaillimh.  Mar shampla, níl aon chosc – mura bhfuil cásanna eisceachtúla ann – ar dhuine a theach a thógáil faoin tuath sna pobail ar imeall thoir chontae na Gaillimhe.

An t-údar atá leis seo ná go bhfuiltear ag tabhairt ugaigh do dhaoine lonnú sna pobail sin de bharr go bhfuil an daonra ag laghdú iontu.  Ach, cé go bhfuil an polasaí céanna ann go teoiriciúil i gConamara, ní oibríonn sé mar go bhfuil stádas ard timpeallachta ansin.   Mar sin féin, tá na coinníollacha ag an gComhairle Contae go dtugtar deis níos fearr do mhuintir na háite teach a thógáil, fiú agus go mbíonn tuairimí éagsúla faoi sin scaití.  Go deimhin, mura bhfuil cásanna áirithe ann – seanfhothracha, mar shampla – ní cheadaítear do dhuine ar bith as taobh amuigh (sin daoine gan ceangal áitiúil) teach nua a thógáil in iarthar Chonamara.

Tá tuairimíocht ann go mbeidh sé i bhfad níos deacra do dhaoine áitiúla féin cead pleanála a fháil faoin tuath i gConamara má bhíonn ar an gComhairle Contae chuile iarratas a mheas beag beann ar chúinsí áitiúla.  Níl a fhios an dtiocfaidh ceisteanna chun cinn faoi shrianta a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras pleanála mar thoradh ar seo uilig. D’fhéadfadh go mbeadh an cheist sin difriúil mar gur cúrsaí teanga atá luaite leis na coinníollacha agus leis na srianta cónaithe sa gcás sin.

Fág freagra ar 'Impleachtaí ag cinneadh Eorpach do mhuintir na Gaeltachta atá ag lorg cead pleanála'