‘Impím oraibh, roghnaígí an cine daonna a shábháil’ – tús curtha le COP26 i nGlaschú

Cuireadh tús i nGlaschú ar maidin le COP26 mar a bpléifear conas is féidir dul i ngleic leis an éigeandáil a bhaineann leis an athrú aeráide

‘Impím oraibh, roghnaígí an cine daonna a shábháil’ – tús curtha le COP26 i nGlaschú

António Guterres le Boris Johnson

Tá breis is 120 ceannaire ó gach cearn den domhan tagtha go dtí Glaschú chun plé a dhéanamh faoi conas is féidir dul i ngleic leis an éigeandáil a bhaineann leis an athrú aeráide.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson gurb í comhdháil COP26 an t-aon deis a bhí fágtha ag an gcine daonna chun sprioc an téamh domhanda a choinneáil ag 1.5 céim Celsius a bhaint amach.

“Má theipeann ar Ghlaschú teipfidh ar an rud go léir,” a dúirt Johnson.

“Tá an t-am istigh ar an gcine daonna le fada maidir leis an athrú aeráide. Tá sé nóiméad amháin chun meán oíche agus caithfimid gníomhú anois,” arsa Príomh-Aire na Breataine.

Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, gur bhain 80% d’astaíochtaí carbóin an domhain le tíortha an G20. Ba chóir gealltanais nua a dhéanamh gach bliain seachas gach cúig bliana, a dúirt Guterres.

“Ná bíodh aon dul amú orainn, murar leor na gealltanais faoi dheireadh an Cop seo, ní foláir do thíortha filleadh arís ar a bpleananna agus a bpolasaithe náisiúnta don athrú aeráide.

“Ní gach cúig bliana. Gach bliain nó go mbeimid cinnte go bhfanfar ag 1.5 céim Celsius. Go dtí go bhfuil deireadh le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, go dtí go bhfuil praghas le híoc ar charbón, go dtí go mbeidh deireadh le húsáid guail.”

Dúirt Guterres go gcaithfí cloí leis an ngealltanas a rinneadh i bPáras in 2015 go gcuirfí €100 billiún sa bhliain ar fáil do na tíortha is measa atá buailte ag an athrú aeráide.

Dúirt sé go raibh an t-athrú aeráide ar an gceist is mó a bhí ag cur as do dhaoine ar fud an domhain.

“Caithfear éisteacht, caithfear gníomh a dhéanamh agus caithfear cinneadh stuama a dhéanamh. Don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht, impím oraibh, roghnaígí a bheith uaillmhianach, roghnaígí seasamh le chéile, roghnaígí an todhchaí a thabhairt slán agus an cine daonna a shábháil.”

Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur 2.7 céim Celsius a bheidh ann faoi 2100 agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.

Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.

Tá brú á chur go háirithe ar thíortha amhail an tSín, an India agus an Bhrasaíl níos mó a dhéanamh chun astaíochtaí carbóin a laghdú agus chun cur i gcoinne  an dífhoraoisithe.

Ní Xi Jinping, uachtarán na Síne, an tír leis an ráta astaíochtaí carbóin is airde ar domhan, ná Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, i láthair ag an gcomhdháil i nGlaschú. Tharraing uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan amach as an gcomhdháil.

Roimh an COP26 d’aontaigh ceannairí na dtíortha G20 go leagfaí síos sprioc go mbeifí neodrach ó thaobh carbóin de faoi lár an chéid seo.

Beidh an COP26, comhdháil na Náisiún Aontaithe. ar siúl go dtí an 12 Samhain.

Ciallaíonn COP Comhdháil na bPáirtithe agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.  Seo an 26ú huair gur tháinig na tíortha le chéile don chomhdháil.

Fág freagra ar '‘Impím oraibh, roghnaígí an cine daonna a shábháil’ – tús curtha le COP26 i nGlaschú'

  • Antóin

    Nach ar na ceannairí agus ar na daoine a shíleann gur ceannairí iad atá an straois mhór! Ag seanmóireacht faoi astaíochtaí carbóin agus ag an am céanna ag eitilt ar fud an domhain ina gcuid scairdeitleán – suas le 400 scairdeitleán príobhaideach a thuirling ag aerfort Ghlaschú roimh an chomhdháil.