Imní níos mó ar NPHET ná mar a bhí aon uair ó mhí Aibreáin agus cás Bhaile Átha Cliath le plé

Tá cruinniú inniu ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, mar a ndéanfar plé ar chás Bhaile Átha Cliath ach deir siad go bhfuil an cás ag dul in olcas ar fud na tíre

Imní níos mó ar NPHET ná mar a bhí aon uair ó mhí Aibreáin agus cás Bhaile Átha Cliath le plé

Beidh cruinniú inniu ag NPHET chun a bhfuil i ndán do Bhaile Átha Cliath a shocrú, tráth a bhfuil an fhainic is práinní ón earrach eisithe acu faoi scaipeadh an Covid-19.

Deir airí rialtais go bhfuil “gach seans” ann go gcuirfear Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3 den phlean Living With Covid-19 roimh dheireadh na seachtaine.

Dá mbogfaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal a Trí bheadh srianta taistil i gceist agus bheadh cosc iomlán ar theaghlaigh bualadh le chéile agus ar gach cineál ócáidí sóisialta agus teaghlaigh. Bheadh cosc ar chluichí agus imeachtaí spóirt seachas ag an leibhéal is airde.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET aréir go raibh “níos mó imní” air anois ná a bhí air “tráth ar bith ó dheireadh an Aibreáin”.

Idir 1.3 agus 1.7 atá ráta scaipthe an ghalair faoi láthair, a dúirt an tOllamh Nolan agus dúirt sé go rachadh cúrsaí in olcas go mór mura ndéanfaí é a laghdú.

“Mura seasann muid roimh an víreas seo anois agus an uimhir R a thabhairt anuas faoi 1 arís, is léir ón samhaltú go bhféadfadh idir 500-1,000 cás sa lá a bheith againn faoin 16 Deireadh Fómhair, agus is i mBaile Átha Cliath a bheadh idir 50-60% acu sin,” a deir an tOllamh Nolan.

Dá bhfanfadh sé ag 1.4, faoin 14 Deireadh Fómhair bheadh 500-600 cás gach lá ann. Dá mbeadh sé ag 1.8, faoin 14 Deireadh Fómhair bheadh 1,300 cás sa lá ann. Tá an galar ag scaipeadh “i bhfad róthapa”, arsa an tOllamh Nolan.

Thug an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE, rabhadh faoin ardú atá ar an ráta a bhfuil daoine a bhfuil Covid-19 orthu á gcur in ospidéil agus deir sé mura dtagann athrú ar chúrsaí, go mbeadh “brú nach bhféadfaidís a sheasamh” ar sheirbhísí cúram sláinte.

73 duine atá sna hospidéil agus é deimhnithe go bhfuil an Covid-19 tolgtha acu agus tá cúram criticiúil á chur ar fáil do 14 acusan. Sin an líon is airde in ospidéil de bharr an víris ó mhí an Mheithimh.

Cúpla seachtain ó shin ní bhíodh ach othar amháin gach aon chúig lá a mbíodh leaba in aonad dianchúraim uaidh ach othar sa lá a bhíonn amhlaidh anois, a dúrsadh.

D’fhógair an Roinn Sláinte go raibh triúr eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus deimhníodh 254 cás nua sa stát.

14 duine a fuair bás de dheasca an ghalair go dtí seo i Meán Fómhair.

Bhain 136 den 254 cás nua a fógraíodh aréir le Baile Átha Cliath, nó 54%.

Fógraíodh go raibh 20 cás nua deimhnithe i nDún na nGall, an líon is mó cásanna in aon chontae amháin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Bhain naoi gcinn de na cásanna nua le Port Láirge.

Dúirt an Príomhoifigeach Slainte Gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go raibh cúrsaí dulta in olcas i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre le seachtain. 

“Údar imní an treo a bhfuil cúrsaí ag dul i mBaile Átha Cliath ach tá an-imní orainn freisin faoi chúrsaí i gcontaetha Lú, Phort Láirge agus Dhún na nGall.”

Sé chás nua a bhí i nGaillimh, cúig cinn a bhí i gCiarraí agus bhí ar a laghad cás amháin i Maigh Eo.

D’fhoilsigh an Rialtas inniu na srianta breise a fógraíodh inné.

Deirtear nár chóir go mbeadh níos mó ná seisear ó dhá theaghlach ag aon teacht le chéile  i mBaile Átha Cliath, bíodh sin taobh amuigh nó taobh istigh. Ba cheart do mhuintir Bhaile Átha Cliath srian a chur le turasanna lasmuigh den chontae agus má fhágann siad an contae níor cheart dóibh bualadh ach le teaghlach amháin eile.

Ní bheidh cead oscailte an tseachtain seo chugainn ag na tithe tábhairne san ardchathair nach bhfuil bia ar fáil iontu. Níl cead ach ag 100 duine freastal ar ócáidí spóirt agus eile  i mBaile Átha Cliath is cuma cé chomh mór is atá an t-ionad. Ba chóir d’institiúidí ardoideachais agus tríú leibhéal Bhaile Átha Cliath cuimhneamh ar bheartais chosanta bhreise a thabhairt isteach.

Tá cáineadh déanta ag polaiteoirí ón bhfreasúra ar an “doiléire” a bhain le seoladh an phlean nua chun dul i ngleic leis an Covid-19 agus le teachtaireachtaí an Rialtais i dtaobh Bhaile Átha Cliath go háirithe.

40,051 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 31,549 cás ó dheas den teorainn agus 8,631 cás ó thuaidh di.

2,363 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,790 duine ó dheas agus 573 ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Imní níos mó ar NPHET ná mar a bhí aon uair ó mhí Aibreáin agus cás Bhaile Átha Cliath le plé'