Imní go mbeidh maoiniú breise Údarás na Gaeltachta ‘glanta amach ag an mboilsciú’

€1 milliún breise a ceadaíodh don Údarás i mBuiséad 2023 ach tá imní léirithe faoin tionchar a bheidh ag cúrsaí maoinithe ar obair na heagraíochta sa Ghaeltacht

Imní go mbeidh maoiniú breise Údarás na Gaeltachta ‘glanta amach ag an mboilsciú’

Tá imní léirithe faoin leibhéal maoinithe a chuirfear ar fáil d’Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn agus gan ach ardú beag i mbuiséad na heagraíochta do 2023.

Tá sé deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta do Tuairisc gur €1 milliún breise a ceadaíodh don Údarás i mBuiséad 2023 agus táthar buartha faoin tionchar a bheidh ag cúrsaí maoinithe ar obair na heagraíochta.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil tuilleadh airgid ag teastáil ón Údarás.

“Cé go n-aithníonn muid an dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas leis an gcáinaisnéis, táimid den tuairim go bhfuil gá a thuilleadh maoinithe a chur ar fáil, go háirithe le fostaíocht sa Ghaeltacht a threisiú,” a deir de Spáinn.

“Tá luach chiste caipitil an Údaráis thíos 30-35% le cúpla bliain anuas de réir figiúirí a tugadh mar chuid de phlé ar Raidió na Gaeltachta agus tá an maoiniú breise a thug an Rialtas roimhe seo don chiste céanna nach mór glanta amach ag an mboilsciú.”

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuair an tÚdarás €14.454 milliún in airgead caipitil anuraidh agus go bhfuil an méid sin coinnithe arís do 2023.

Deir de Spáinn, áfach, gur gá tuilleadh a dhéanamh chun teacht i gcabhair ar phobal na Gaeltachta.

“Mura dtabharfar na hacmhainní don Údarás le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht tá baol mór ann nach mbeidh daoine óga in ann fanacht sa Ghaeltacht, rud a chuirfidh le meath na Gaeltachta.”

Deir de Spáinn go bhfuil Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas athmhachnamh a dhéanamh ar chás bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta agus maoiniú sa bhreis a chur ar fáil don Údarás sna meastacháin athbhreithnithe agus an Buiséad ag dul trí Tithe an Oireachtais.

Ina ráiteas féin, chuir Údarás na Gaeltachta failte roimh an maoiniú atá ceadaithe don eagraíocht do 2023.

“Rachaidh an maoiniú chun tairbhe na Gaeltachta, idir fhostóirí, eagraíochtaí agus ghrúpaí pobail, agus cuideoidh sé le hiarrachtaí an Údaráis an pobal a chumasú agus an teanga a neartú i chuile cheantar Gaeltachta.”

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, go raibh an t-airgead breise atá le cur ar fáil don Údarás agus d’Fhoras na Gaeilge “maslach amach is amach” agus dúirt go raibh an Ghaeltacht “fágtha ar lár” ag an Rialtas sa Bhuiséad.

Ardú €300,000 a bheidh á fháil ag Foras na Gaeilge in 2023 agus é deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta gur do Chlár na Leabhar Gaeilge an t-airgead sin.

“Cuideoidh sé go mór le hearnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, idir scríbhneoirí, foilsitheoirí agus an pobal léitheoireachta,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne.

Thart ar €1 milliún sa bhliain a chuireann an Rialtas ar fáil do Foras na Gaeilge don scéim foilsitheoireachta i láthair na huaire.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, le gairid go raibh €1,000,000 eile ag teastáil chun feabhas a chur ar an tseirbhís dáileacháin leabhar a chuireann an foras teanga ar fáil.

Fág freagra ar 'Imní go mbeidh maoiniú breise Údarás na Gaeltachta ‘glanta amach ag an mboilsciú’'