Imní léirithe faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i ndiaidh Brexit

Dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee go bhfuil sé tábhachtach ‘féiniúlacht chultúir’ na hÉireann a chosaint san Aontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta

Imní léirithe faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i ndiaidh Brexit

Tá imní léirithe ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, ó Fhianna Fáil, faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Luaigh an Seanadóir, atá ar Phainéal Cultúir agus Oideachais an tSeanaid, cás na Gaeilge agus í ag labhairt i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo.

Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go nglacfadh Éire seasamh láidir agus í ag iarraidh a féiniúlacht chultúir a chosaint agus a chothú a fhad is atá sí ina “ball bródúil den Aontas Eorpach”.

“Tá faitíos ann go gcuirfidh ballstáit eile brú ar Éirinn ár dteanga oifigiúil [san Aontas Eorpach] a athrú ó Ghaeilge go Béarla lena chinntiú go leanfar le húsáid an Bhéarla in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Thug Cathaoirleach Choiste Gnóthaí Thoghcheantair Pharlaimint an AE, Danuta Hübner, rabhadh maidir leis sin le deireanas.

“Is léir go mbeidh Éire faoi bhrú mór ár dteanga dhúchais a thréigean le húsáid an Bhéarla a chinntiú, ach caithfimid stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chosaint go docht,” a dúirt sí.

Dúirt sí go mbeidh sí ag iarraidh geallúint ón Rialtas nach ndéanfar maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil na hÉireann san Aontas Eorpach le géilleadh do bhallstáit eile.

Ba í an Bhreatain an t-aon tír san Aontas a roghnaigh Béarla mar theanga oifigiúil agus bhí go leor cainte ann anuraidh faoin stádas a bheadh ag an teanga sin in institiúidí an Aontais i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Tá 24 teanga oifigiúil in úsáid san Aontas Eorpach i láthair na huaire agus is é an Béarla an teanga is mó úsáid ann. Labhraítear go leor Fraincise agus Gearmáinise ann freisin. Is beag obair a dhéantar sna teangacha eile, ach foilsítear eolas, foirmeacha, fógraí agus cáipéisí eile sna teangacha sin.

Anuraidh, mhol an t-eacnamaí mór le rá, John Fitzgerald, go mbainfí an stádas oifigiúil den Ghaeilge agus go gcuirfí an Béarla ina háit i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dúirt FitzGerald nach mbeidh “aon tír ina labhraítear Béarla, chomh fada is a bhaineann sé leis an AE” fágtha san Aontas nuair a fhágfaidh an Bhreatain agus gur cheart d’Éirinn a chur in iúl “gurbh fhearr linn dá ndéanfaí an obair i mBéarla”.

Dúirt sé le Tuairisc.ie go measann sé go mbeadh sé “thar a bheith deacair” ar Éireannaigh dul i mbun cainte agus plé san Aontas Eorpach dá bhfaighfí réidh le stádas oifigiúil an Bhéarla san Aontas.

Dúirt an saineolaí ar chúrsaí Gaeilge san Aontas Eorpach, an Dochtúir Pádraig B. Ó Laighin, áfach, go raibh go leor tuairimí a nochtar faoin stádas a bheadh ag an nGaeilge san AE i ndiaidh imeacht na Breataine “lán le haineolas” .

Dúirt sé nach féidir stádas oifigiúil san Aontas a bhaint den Bhéarla gan vóta d’aon toil a bheith ann i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Fágann sé sin gur féidir le hÉirinn, nó le Málta, ceart crosta a úsáid chun bac a chur le díbirt an Bhéarla ón Aontas.

“Fraincis a bhí i réim sa Choimisiún sular tháinig na Béarlóirí isteach. Ach mar thoradh ar chinseal an Bhéarla, is sa teanga sin atá na cainteanna atá ar siúl faoi láthair leis na tíortha gur mian leo teacht in aontachas leis an AE, agus is dóigh liom go mbeidh an nós céanna á leanúint, a bheag nó a mhór, maidir le himeacht na Breataine as an aontas.

“Is dóigh liom go dtiocfaidh meath áirithe, de réir a chéile, ar fhorlámhas an Bhéarla san Aontas, cé nach dóigh liom go bhféadfadh aon bhallstát toil na mballstát ar fad a fháil chun Béarla a bhaint ó liosta na dteangacha oifigiúla go ceann i bhfad,” a dúirt Ó Laighin.

Dúirt sé gurbh í an phríomhchúis le hísliú thionchar an Bhéarla san AE ná go mbeadh cainteoirí Béarla i bpoist thábhachta ag dul ar scor de réir a chéile, agus nach mbeadh saoránaigh na Breataine i dteideal cur isteach ar aon phost oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Imní léirithe faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i ndiaidh Brexit'

  • M

    Nach throid muid ar son stádas Gaeilge san AE roimhe seo ?? cén fath an meath ar ár dteanga

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá faitíos ann go gcuirfidh ballstáit eile brú ar Éirinn ár dteanga oifigiúil [san Aontas Eorpach] a athrú ó Ghaeilge go Béarla lena chinntiú go leanfar le húsáid an Bhéarla in institiúidí an Aontais Eorpaigh.” a deireann an tSeanadóir Clifford- Lee. Is deas é go bhfuil sí buartha faoi stádas na Gaeilge san Eoraip sa tseachtain chéanna a bhfuil amhras ann faoin stádas na Gaeilge mar theanga oibre ar Choistí an Oireachtais.

    Ach i gcead di, caithfidh gur ábhar magaidh ag tíortha eile na hEorpa go mbeadh Éire, ag roghnú an Ghaeilge seachas Béarla mar ár dteanga oifigiúil, mar is cúis magaidh é. Go praicticiúil ní thugann cuid mhaith den státchóras aitheantas don Ghaeilge sa Ghaeltacht fiú amháin, san áit a mbíonn sí in usáid go laethúil ag formhór an phobail ach tá sé de dhánaíocht ionann a mhaíomh le tíortha na hEorpa gurb í ár rogha theanga oifigiúil ag déileáil leis an Eoraip! An toradh ar an seafóid sin, (i) go leor airgid poiblí á chaitheamh amú ag aistriú doiciméidí go Gaeilge nach léifear go deo agus (ii) talann á chur amú a fhéadfaí a usáid sa mbaile. Tá sé seo mí-cheart.

    B’fhéidir go bhfaighfeadh muid níos mó éisteachta ón Eoraip i dtaobh cúnamh praicticiúil a chur ar fáil leis an nGaeilge a neartú mar theanga mionlaigh, ar chuid thabháchtach í de oidhreacht na hEorpa, dá néireodh muid as an cur i gcéill san Eoraip faoin nGaeilge. Íontach má tá tíortha eile na hEorpa le brú a chur orainn ár dteanga oifigiúil a athrú go Béarla, mar go dtugann sin deis dhúinn ciste fóirithinte ón Eoraip a bhunú don mhionteangacha na hEorpa mar quid pro quo. D’fhéadfaí an ciste a usáid le scéimeanna fiúntacha pleanála teanga a chur ar bun le mionteangacha i mbaol a láidriú sna háiteacha ina labhartar iad. Is as an gciste sin a fhéadfaí airgeadú a dhéanamh ar feidhmiú na bpleananna teanga atá á réiteach sa Ghaeltacht agus cuid de na daoine atá ag caitheamh a dtalann amú san Eoraip le aistriúcháin nach léifear, a mhealladh abhaile le dul ag obair leis na áisínteachtaí a bheas i bhfeidhil na bpleananna teanga.

  • Meon Dearfach

    Ara beidh sé alright. Níl ann ach scéal.

  • Seán Ó Riain

    Tá an ceart ag Pádraig Ó Laighin. Os dochreidte an méid truflaise a labhraítear faoin ábhar seo.

  • Lillis Ó Laoire

    Sin ‘b’fhéidir’ an-mhór. Dhá ‘bh’fhéidir’ nach bhfaigheadh.