Ba iad buntáistí an dátheangachais, ceist mhúineadh an Bhéarla, amscála an athraithe, acmhainní breise agus an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a fháil ó mhúinteoirí na ceisteanna is mó a tháinig chun cinn aréir ag cruinniú poiblí sa Ghaillimh faoin bPolasaí nua don Oideachas Gaeltachta.
Léirigh ionadaithe as scoileanna i gceantair laga Ghaeltachta, go háirithe, imní faoin amscála a bhaineann le cur i bhfeidhm ghné an tumoideachais den pholasaí nua agus moladh go mbunófaí dhá chatagóir do na scoileanna atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltachta faoin bpolasaí nua.
Gaeloideachas (Gaelscoileanna mar a bhíodh) a d’eagraigh an ócáid agus bhí suas le 90 duine bailithe isteach in Óstán an Clayton oíche aréir faoin tráth gur thosaigh aithisc na n-aíonna speisialta. Ba i nGaeilge a reáchtáladh an cruinniú ar fad agus bhí aistriú comhuaineach go Béarla ar fáil d’aon duine a bhí á iarraidh.
Ba í Máire Bean Uí Mhurcú, Príomhoide bunscoile ón Fhairche, ba thúisce a labhair. Thug sí éachtaint ar an bpróiseas a thosaigh siad siúd in 2010 leis an mbunscoil a bhogadh go hiomlán i dtreo an tumoideachais. Thrácht sí ar an tábhacht a bhain le tacaíocht a fháil ón bhfoireann teagaisc agus muinín an phobail a ghnóthú. Dar léi gur thóg sé seacht mbliana orthu féin an múnla nua a bhaint amach.
Labhair Máire Ní Mhurchadha, múinteoir iarbhunscoile agus saineolaí ar riachtanais speisialta, faoin múnla nua atá ann don tacaíocht foghlama agus an tábhacht a bhaineann le díriú ar riachtanais teanga na scoláirí uile i scoileanna Gaeltachta.
Ina dhiaidh sin, dhein an Dr. Conchúr Ó Brolcháin cur síos ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas agus an tumoideachas maidir le scrúduithe caighdeánacha, smaointeoireacht iltreoch a chothú agus cumas teangacha eile a fhoghlaim a neartú agus.
Ba í Anna Ní Chartúir, Leas-Uachtarán Gaeloideachas, a bhí mar bhean an tí agus dhein sí na píosaí cainte a chniotáil le chéile.
I ndiaidh na n-óráidí fáiltíodh roimh cheisteanna ón lucht féachana agus ba phríomhoidí bunscoile formhór acu siúd a labhair. Thrácht Seán Breathnach, (Na Forbacha), agus Dairíona Nic Con Iomaire, (Gaelscoil Mhic Amhlaigh) ar an imní atá ar thuismitheoirí faoi gan aon Bhéarla a bheith á mhúineadh go rang 1. D’aontaigh Príomhoidí ó scoileanna eile ar imeall na Gaeltachta leis an tuairim sin.
Luadh an rogha atá ag tuismitheoirí ó thaobh scoileanna agus go bhféadfadh uimhreacha scoileanna titim de bharr an pholasaí. Maíodh gur cheart go mbeadh an cead ag scoileanna tosú ag múineadh an Bhéarla tar éis na Nollag sna naíonáin mhóra (faoi mar atá á dhéanamh sna Gaelscoileanna). Ina theannta sin luadh go mbeadh dhá chatagóir ann maidir leis an bpolasaí, le freastal ar na scoileanna seo atá ar imeall na Gaeltachta. Cuireadh béim ar an “obair mhór” agus an “dea-thoil” atá ar bun faoi láthair ó thaobh na Gaeilge sna scoileanna seo agus dúradh nár cheart dochar a dhéanamh de sin.
Luadh arís agus arís eile ceist achrannach na n-acmhainní breise. B’údar díomá do mhórán nár cuireadh sonraí ar fáil go fóill faoi na hacmhainní sin agus dúradh go rabhthas agus ‘ag díol muc i mála’ leis an bpobal dá gceal. Cuireadh in iúl don chruinniú go raibh cuireadh tugtha don Aonad Gaeltactha sa Roinn a bheith i láthair ach nach raibh éinne ar fáil. Dúradh go gcuirfí na nithe ar fad a pléadh faoi bhráid lucht an Aonaid.
Labhair roinnt tuismitheoirí, i mBéarla agus i nGaeilge, faoina ndearcadh féin ar an bpolasaí nua. Chuir tuismitheoirí ó cheantair láidre Gaeltachta a dtacaíocht in iúl don pholasaí tumoideachais agus deineadh trácht ar an lagmhisneach a bhaineann leis an mBéarla a bheith á bhrú ar chainteoirí dúchais óga.
Bhí roinnt tuismitheoirí eile, buartha faoin amscála a bhaineann leis na hathruithe agus le cur i bhfeidhm an tumoideachais go háirithe. Bhí imní orthu chomh maith faoi na himpleachtaí a bheadh ann do scoláirí atá ag freastal ar na scoileanna faoi láthair agus faoin gcabhair a bheadh ar fáil.
Mánus
An riachtanas teanga is mó atá sna scoileanna “Gaeltachta” ná stop a chur le páistí le pearsantachtaí láidre do bheith ag brú labhairt an Bhéarla ar a gcomhscoláirí atá toilteanach an Ghaeilge a labhairt. Níl an Polasaí Oideachais Gaeltachta chun dúshlán dáįríre a tabhairt don phiarbhrú sin toisc an pobal comh measctha sin maidir le teanga an teallaigh. Ach ar aon nós; céard is brí le scoil “Gaeltachta” ? Céard is brí leis an coincheap sin i 2017? Go leor des na scoileanna “Gaeltachta” seo ag feidhmiú i gceantracha gur ar éigean a bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu a thuilleadh.