Imní léirithe ag Bord Údarás na Gaeltachta faoin ‘moill’ a bhaineann le haontú pleananna teanga

Dúradh ag cruinniú de Bhord an Údaráis anuraidh go bhféadfaí ‘creidiúint a chailliúint’ i measc an phobail ‘de bharr na moille’ a dúradh a bhain le faomhadh na bpleananna teanga don Ghaeltacht

Imní léirithe ag Bord Údarás na Gaeltachta faoin ‘moill’ a bhaineann le haontú pleananna teanga

Léirigh Bord Údarás na Gaeltachta a n-imní anuraidh faoin moill, dar leo, a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Ag cruinniú de chuid an Bhoird anuraidh, tugadh le fios gur údar “imní” é go bhféadfadh an mhoill a bhain le faomhadh pleananna teanga dochar a dhéanamh do sheasamh an phróisis i measc an phobail.

Aontaíodh ag cruinniú den bhord i mí Iúil seo caite go bhféadfaí “creidiúint a chailliúint” i measc an phobail agus na n-eagraíochtaí pobail “de bharr na moille” a dúradh a bhain le faomhadh na bpleananna teanga don Ghaeltacht.

Léiríonn miontuairiscí ó chruinnithe an Údaráis, atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go rabhthas ag súil go mbeadh 9 gcinn de phleananna teanga faofa ag Roinn na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana seo caite. Trí phlean a bhí aontaithe ag an Roinn roimh dheireadh 2017 agus aontaíodh dhá phlean eile ó shin.

Tá ceithre cinn eile de phleananna curtha faoi bhráid na Roinne ag an Údarás, ach gan iad aontaithe fós.

Aontaíodh ag an gcruinniú den Bhord a reáchtáladh i mí Iúil 2017 go raibh “achar fada ama ann ón am a seoladh ar aghaidh na pleananna go dtí an t-am ina bhfaightear cinneadh”.

Tugadh le fios ag an gcruinniú go raibh pleananna oibre á réiteach d’fheidhmiú pleananna nach raibh aontaithe fós le go mbeadh eagraíochtaí pleanála teanga “réidh le tosú” a luaithe is bheadh beannacht na Roinne faighte ag a bpleananna.

Dúradh ag an gcruinniú go mbíonn “go leor leor oibre” déanta ag an Údarás ar na pleananna sular gcuirtear ar aghaidh iad go dtí an Roinn le faomhadh. Luadh mar mhíniú ar an moill le faomhadh na bpleananna go raibh athruithe foirne déanta sa Roinn le tamall.

Ag an gcruinniú a bhí ag Bord an Údaráis i mí na Samhna anuraidh, pléadh na scéalta a bhí sna meáin an uair sin faoin gconspóid a bhain leis an maoiniú atá ar fáil do lucht na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Dúradh ag an gcruinniú sin “go gcaithfeadh” an tÚdarás “seasamh a thógáil faoin gceist” agus dúradh gurbh údar imní é go mbeadh “roinnt coistí den tuairim nach raibh an tacaíocht mar is ceart á fáil acu ón Údarás”.

Dúradh go gcaithfí tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na pleananna trí scéimeanna a bhí ann cheana féin.

Faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le réiteach ag coistí deonacha i 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht. Nuair atá plean ullmhaithe ag coiste pleanála teanga, cuirtear ar aghaidh é go dtí Údarás na Gaeltachta agus nuair atá an plean sin aontaithe ag an Údarás cuirtear ar aghaidh go dtí Roinn na Gaeltachta é chun go ndéanfadh Aire Stáit na Gaeltachta é a fhaomhadh.

Léirigh tuairisc a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite nach bhfuil caite ar phleananna teanga na Gaeltachta ach €654,000 den €5.9 milliún a dúradh a bhí curtha ar fáil don phleanáil teanga ó 2014.

Cúig phlean atá aontaithe go dtí seo ag Aire Stáit na Gaeltachta – Múscraí, Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

Tá ceithre cinn eile de phleananna teanga curtha ag Údarás na Gaeltachta faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta le haontú – Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, An Cheathrú Rua, Ciarraí Theas agus Maigh Eo Thuaidh.

Fág freagra ar 'Imní léirithe ag Bord Údarás na Gaeltachta faoin ‘moill’ a bhaineann le haontú pleananna teanga'