‘Imní’ léirithe ag Bord Údarás na Gaeltachta faoi chás tuirbín Gaoithe Ghaoth Dobhair

Dúirt baill Bhord an Údaráis nach mbeadh siad ‘sásta seasamh le cinneadh ar bith a mbeadh drochthionchar aige ar chaighdeán maireachtála an phobail mórthimpeall’

‘Imní’ léirithe ag Bord Údarás na Gaeltachta faoi chás tuirbín Gaoithe Ghaoth Dobhair

Tá imní léirithe ag Bord Údarás na Gaeltachta faoi chás tuirbín Gaoithe Ghaoth Dobhair.

I ráiteas a eisíodh i ndiaidh chruinniú Bhord an Údaráis sna Forbacha inniu, dúradh gur cúis imní don Chathaoirleach agus do na comhaltaí boird eile an “próiseas atá curtha sa tsiúil maidir le tuirbín gaoithe a thógáil ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair”.

Dúradh nach mbeadh an Bord “sásta seasamh le cinneadh ar bith a mbeadh drochthionchar aige ar chaighdeán maireachtála an phobail mórthimpeall”.

Cé nach raibh cás an tuirbín ar chlár chruinniú an lae inniu, deineadh “mionphlé” faoin scéal le linn na míre ‘Ábhar ó Chomhaltaí’ ag deireadh an chruinnithe.

Bunaíodh Grúpa Oibre Stad an Tuirbín Gaoithe cúpla seachtain ó shin le cur in aghaidh an tuirbín gaoithe atá beartaithe ag an gcomhlacht Lir Energy do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc.ie ar maidin “nach gnáthchleachtas ná nós” leis an Údarás a ladar a chur isteach in iarratais phleanála a bhfuil baint dhíreach acu leis an eagraíocht féin.

“Is fiosrúchán atá sa togra ag an staid seo agus is féidir le comhlachtaí eile gur suim leo é iarratas a dhéanamh lena leithéid de thogra a fhiosrú. Is féidir a dhearbhú nach bhfuil aon iarratas tacaíochta faighte don togra de réir gnáthchláir infheistíochta an Údaráis,” a dúradh.

Dearbhaíodh nach bhfuil aon cheangal conartha idir an tÚdarás agus Lir Energy i dtaobh an togra, cé gur thoiligh an tÚdarás cead a thabhairt don chomhlacht iarratais phleanála a dhéanamh ar thalamh na heagraíochta.

Idir an dá linn, dúirt duine de stiúrthóirí Lir Energy le Tuairisc.ie go raibh “díomá” air faoin aiseolas atá ag teacht ó phobal Ghaoth Dobhair.

“Tá an-díomá orm, táimid ag obair air seo, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, le dhá bhliain anuas. D’fhéadfadh an tÚdarás treoir níos fearr a thabhairt dúinn maidir leis seo, is eagraíocht phobail iad sin, bheadh a fhios níos fearr acu faoi mheon an phobail. Níor chualamar ach rudaí dearfacha faoin togra ón Údarás go dtí cúpla seachtain ó shin,” a dúirt sé.

Dúirt an t-urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc.ie gur chuir an tÚdarás ar a súile don chomhlacht fuinneamh “go soiléir agus go láidir” an tábhacht a bhain le comhairliúchán poiblí “cuí agus forleathan” le pobal an cheantair. Dúirt sé gur “ábhar don chomhlacht féin a chinntiú go gcuirfí a leithéid i gcrích” sula ndéanfaí aon iarratas pleanála.

Dúirt an t-urlabhraí gur “ag Bord Údarás na Gaeltachta atá an cinneadh deireanach” i gcás go dtiocfadh moladh os a gcomhair.

Ag an gcruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu, ceadaíodh tograí a mhaítear a chruthóidh 33 post nua. Baineann 22 ceann de na poist sin le Gaeltacht Mhaigh Eo, a dúradh.

Ceadaíodh deontais de luach iomlán €688,398 do Thograí Ciste Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta i gcontaetha na Gaillimhe, Chorcaí agus Mhaigh Eo.

Ceadaíodh €144,634 faoin gClár ‘Scéim Dobharshaothrú Inmharthana’ do thograí i gcontaetha Dhún na nGall, Phort Láirge agus Mhaigh Eo.

Cinneadh chomh maith ag cruinniú an lae inniu athnuachan a dhéanamh ar cheadúnas Chomhar Creidmheasa an Chaisil an oifig atá acu i dTeach an Údaráis ansin a úsáid ar feadh tréimhse trí bliana.

Ceadaíodh i bprionsabail comhmhaoiniú a dhéanamh ar Scéim Scoláireachtaí Leighis i gcomhpháirt le Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte. €60,000 a chuirfear ar fáil thar trí bliana chun scoláireachtaí a bhronnadh ar mhic léinn Gaeltachta le tabhairt faoi chúrsaí éagsúla leighis.

Fág freagra ar '‘Imní’ léirithe ag Bord Údarás na Gaeltachta faoi chás tuirbín Gaoithe Ghaoth Dobhair'