Imní léirithe ag Bord Fhoras na Gaeilge faoi chaighdeán na Gaeilge i bhfógraí ag comhlachtaí poiblí

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na bhfógraí Gaeilge sna meáin ó dheas ach léiríodh imní go raibh Gaeilge lochtach in úsáid ar chuid acu

Imní léirithe ag Bord Fhoras na Gaeilge faoi chaighdeán na Gaeilge i bhfógraí ag comhlachtaí poiblí

Moladh ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge gur aistritheoirí creidiúnaithe a chuirfeadh an Ghaeilge ar fáil d’fhógraí ag comhlachtaí stáit agus imní á léiriú faoi chaighdeán na Gaeilge a bhíonn acu.

Tháinig méadú suntasach ar líon na bhfógraí Gaeilge sna meáin ó dheas ó cuireadh dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar ranna stáit agus comhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

De réir miontuairiscí cruinnithe boird, a bhfuil scagadh déanta ag Tuairisc orthu, léiríodh imní faoi chaighdeán na teanga sna fógraí poiblí ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge anuraidh.

Dúradh gur chun caighdeán na Gaeilge a úsáidtear sa saol poiblí a fheabhsú a bhunaigh Foras na Gaeilge Séala an Aistriúcháin agus gur chóir aistritheoirí creidiúnaithe a úsáid i gcónaí nuair a bhíonn ábhar á aistriú.

Fiosraíodh ag an gcruinniú boird an mbeadh an eagraíocht trasteorann in ann dul i ngleic le ceist chaighdeán na Gaeilge sna fógraí agus an bhféadfaí an cheist sin a phlé ag cruinniú den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, an coiste atá ag ullmhú plean náisiúnta le feabhas a chur ar ar an tseirbhís phoiblí a chuirtear ar fáil i nGaeilge.

Cuireadh 54 iarrthóir faoi scrúdú do Shéala an Aistriúcháin in 2022 ach níor éirigh ach le naonúr acu. Tá an séala faighte ag 230 duine ó cuireadh tús leis an scéim.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus ní mór do gach comhlacht poiblí 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh sna meáin Ghaeilge.

Léiríodh imní ag an gcruinniú céanna de bhord an Fhorais faoi na nithe éagsúla a measadh a bhí ag cur as do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ó dheas, ina measc an laghdú a bhí le déanamh ar an am a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna agus córas na ndíolúintí.

Dúradh go mbeadh an Rialtas ag brath ar éifeacht an chórais oideachais leis an sprioc earcaíochta 20% a chomhlíonadh agus gur léir nach raibh an cheist sin á cur san áireamh ag an Roinn Oideachais.

Dúradh go raibh ag teip cheana féin ar an gcóras oideachais líon na nGaeilgeoirí a bhí ag teastáil san Aontas Eorpach a sholáthar agus go raibh taighde ann a léirigh líon na n-uaireanta teagaisc a bhí de dhíth le caighdeán ar leith a bhaint amach.

Iarradh go scríobhfaí litir chuig an Aire Oideachais Norma Foley chun imní an bhoird a chur in iúl.

Ag an gcruinniú ina dhiaidh sin, tugadh le fios gur sheol Cathaoirleach an bhoird litir chuig an Aire maidir leis na huaireanta foghlama Gaeilge i mbunscoileanna agus go raibh cruinniú iarrtha leis an Aire Foley.

Fág freagra ar 'Imní léirithe ag Bord Fhoras na Gaeilge faoi chaighdeán na Gaeilge i bhfógraí ag comhlachtaí poiblí'

  • Colm

    Ní féidir sibh a shásamh! Ait nár moladh camchuairt á thabhairt ag an Aire Oideachais fud fad na tíre ag profáil na bhfograí!

  • Bairbre

    ‘Ná bí an duine sin!’ ag an “Irish Foreign Ministry” (i.e. An Roinn Gnóthaí Eachtracha) faoi láthair

  • Donncha Ó hEallaithe

    Táimse ag ceapadh gur airgead amú an t-airgead atá á chaitheamh ar an bhfógraíocht trí Ghaeilge atá ar na eagraíochtaí stáit a dhéanamh sna nuachtáin Bhéarla. Seo aríst airgead á chur amú, im thuairimse, nó á chaitheamh ar bhealach nach bhfuil ciallmhar ná stáitéiseach. Feicim fógra dhátheangach ar an gCuradh Chonnacht an tseachtain seo ó Waterways Ireland faoi ‘Comhairliúchán Poiblí ar na Dréacht-Fhodhlíthe – Céim 2’. Tá mé cinnte go mbíonn míle fáilte ag na nuachtáin áitiúla roimh fhógraíocht i nGaeilge nó dhá-theangach agus ioncam breise dá barra. Ach b’fhéidir go bhfuil bealach níos fearr le ábhar i nGaeilge a chur sna nuachtáin áitiúla. Nach mbeadh sé i bhfad níos tairbhí dá mbeadh scéim ann faoi a n-íocfaí deontas le aon nuachtán áitiúil a chuirfeadh leathanach spéisiúil trí Ghaeilge ar fáil do léitheoirí, in áit a bheith ag caitheamh airgid leo le haghaidh fógraíocht nach léifidh mórán?

  • Indrek

    Abair go mbeadh píopa uisce le deisiú i gceann de na comhlachtaí poiblí céanna, nach gcuirfidís fios ar phluiméir gairimiúil lena dhéanamh …? Má tá airgead poiblí á chaitheamh ar a leithéid d’obair, nach mbeifí freagrach as mí-úsáid acmainní an Stáit?

  • Liam

    “Socraigh Dúin Achar” in áit SET DOWN AREA, feicthe ar an bhFaiche Mhór, 22 Nolaig.

  • Liam

    Do té a dhéanann tagairt thuas do chaiteachas ar fheasacht fógraíochta as Gaeilge. Déantar an dá rud agus stoptar an tseafóid faoi chur amú airgid; sin an mheoin a d’fhág an teanga sna fataí lofa! Leagtar as an diúltachas agus fáiltítear roimh chuile iarracht feasacht i leith na Gaeilge a chothú. Níl aon ghníomh dhearfach mí-cheart. Staon as a bheith ag luaigh na pinginí i leith na teanga! Mion theanga! Níl aon náisiún eile ar an gcéipéar sin!

  • sorcha

    Tá sé deacair éisteacht le cuid acu, cé gur breá an rud é go bhfuil siad á gcraoladh as Gaeilge faoi dheireadh. S’én trua go bhfuil siad chomh lochtach. Ba mhaith liomsa dá mbeadh siad cruinn agus intuigthe ar a laghad.

  • jpmorley0@gmail.com

    Tagaim le Donncha sa méid sin thuas. Is é atá sa diomailt airgid náireach seo ar chomharthaíocht bhaoth i nuachtáin ná léiriú amadántúil, neafaiseach eile ar easpa samhlaíochta, ionspioráide agus cúraim an Státchórais in Éirinn. Agus is dealbh dearóil mar státchóras é. Tá’s againn go mbeidh na fógraí céanna sin foirgthe le hearraídí den uile shaghas, ceann níos measa ná a chéile, chomh cinnte le bás. Agus is cuma leo sa foc.
    Sampla amháin de sin i bhfógra le déanaí;
    “…Contae an Chabháin, cuirfeadh sé iontas ort.” Ar cuireadh é sin fé bhráid aon duine go mbeadh eolas bunúsach faoin teanga air, sular cuireadh amach é??
    Buaileadh an mana seo leanas isteach ‘nár gcloigeann agus sinn ag éirí suas;
    ‘Más fiú leat rud éigin a dhéanamh is fiú é a dhéanamh i gceart’. Chuige sin níor mhór duit bheith sásta dua a chur ort féin, aga a chaitheamh leis agus do mheabhair a dhíriú i gceart air. Tá cur chuige éagsúil ar fad inniu ann áfach .i. sraimleáil agus méiseáil….is leor an tic a chur sa bhoiscín ansin agus dearmad a dhéanamh de. Fógra a ghreanadh in iarann lena chur in áit phoiblí, fógra a bheidh ann go ceann 100 bliain nó níos mó b’fhéidir, agus gan bun ná barr leis! Faraoir, tá an meon ainnis sin le brath i ngach áit sa ré phoiblí in Éirinn, ní hamháin ó thaobh na fógraíochta i nGaeilge de. Os a choinne sin, tóg mar shampla an obair iomráiteach ealaíona sin i Valentia na Spáinne, mar atá, an fathach Gullivar ceangailte den talamh, é sínte ar a fhad is ar a leithead agus na páistí beaga (ó lilliput, cad eile?) imithe glan as a meabhair le háthas ag dreapadh, ag léimnigh, ag liúraigh agus ag lamhncán i ngach treo baill in airde air, faoina bhun, timpeall air nó siar síos trína phutóga agus amach an taobh eile!!! Ó cad é lúcháir, cad é gleáchas, cad é neameabhair ag óg agus aosta! I Valentia na Spáinne, má tá páistí óga agat, bain amach é, beidh cuimhne go deo acu (agus agat féin) air!

  • Siobhán

    Só bíodh fógraíocht Bhéarla ag na Béarlóirí ach déantar dearmad ar na dúchasaigh agus ar na cainteoirí gníomhacha chun seirbhíse fógraíochta as Gaeilge a bheith ar fáil dá bpobal siúd. Is ait é an ráiteas thuas! Sin meoin an choilíneachais beo. Tá obair le déanamh go fóill ar mheoin chúing daoine áirithe. Tá an fhógraíocht díríthe ar sprioc aois ghrúpa a aithníonn a dtábhacht! Tádar an-tógha leo agus tá feasacht ardaithe acu i measc an aos óg ar a gcearta tranga. Maith hiad cibé dream a bhí taobh thiar den choinceap. An bhfuil moladh déanta ag an duine thuas go mbeadh leathanach Ghaeilge sa Sunday World agus sa Daily Mirror? Bheadh An Cadhnach agus an Direánach maslaithe lena leithéide de mholadh. Moladh faoi Scéim Labhairt na Gaeilge gurb fhiú a phléigh anois.

  • Mícheál Ó hUanacháin

    Tá leibhéal breise feabhais de dhíth ar aistritheoirí a thugann faoi fhógraíocht a aistriú. Ní cruinneas teanga a theastaíonn go minic, ach cruinneas agus mealltacht teachtaireachta. Ní scil é sin a éilítear don Séala.

  • Pádraig

    Rud eile nach dtuigim: cén fáth nach féidir cainteoirí maithe Gaeilge a fháil chun na fógraí raidió agus teilifíse a thaifeadadh? Bíonn an fhoghraíocht go dona go minic. Chuirfeadh sé pian i do chluais a bheith ag éisteacht leo.
    Nach bhféadfaí lucht RnaG agus TG4 agus aisteoirí Gaeilge a fháil lena aghaidh? Thabharfadh sé teacht isteach breise dóibh agus iad thíos le héagothramaíocht pá!