Imní i Roinn na Gaeltachta gurb iad na hoileáin eile a bheadh thíos le conspóid aersheirbhís Árann

Cuireadh in iúl sa cháipéis chéanna go raibh €5.9m ar fáil do na hoileáin i 2015 agus go raibh €1.85m de sin le híoc as an tseirbhís aeir, idir eitiltí agus seirbhís bhainistíochta na n-aeradróm

aerarann15-0073

Ba iad ‘na hoileáin eile’ a bheadh thíos leis mura bhféadfaí costais na seirbhíse aeir d’Oileáin Árann a laghdú mar a bhí beartaithe sa phróiseas tairsceana conspóideach ar cuireadh deireadh leis ar an 25 Meán Fómhair.

B’shin an imní a bhí ar lucht Rannóg na nOileán i Roinn na Gaeltachta an lá sular fógraíodh go raibh deireadh á chur le próiseas tairisceana na haersheirbhíse, de réir cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Léirítear sna cáipéisí céanna chomh maith gur trí cinn de chomhlachtaí a bhí istigh ar an bpróiseas tairisceana, seachas dhá cheann, mar a ceapadh go dtí seo.

I gcáipéis a ullmhaíodh don Aire Stáit, Joe McHugh, agus a cuireadh os a chomhair ar an 24 Meán Fómhair 2015, dúradh leis an Aire go bhfágfadh an cinneadh deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana ganntanas airgid sa Roinn agus nach mbeadh de rogha ann ach airgead breise a aimsiú “nó tosú ag gearradh siar ar sheirbhísí ar na hoileáin eile”.

“Taobh amuigh de na ceisteanna a d’ardaigh EY [Ernst & Young] maidir le luach ar airgead, ní mór don Roinn freisin cúrsaí buiséid a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh anseo,” a dúradh.

Cuireadh in iúl sa cháipéis chéanna go raibh €5.9m ar fáil do na hoileáin i 2015 agus go raibh €1.85m de sin le híoc as an tseirbhís aeir, idir eitiltí agus seirbhís bhainistíochta na n-aeradróm.

Dúradh sa cháipéis chéanna nach raibh ach €530,000 ar fad ar fáil d’oileáin eile seachas na hoileáin Ghaeltachta do 2015 agus go “mbeadh sé deacair dul siar ar an bhfigiúr sin in 2016”. Chiallaigh an méid sin, a dúradh, go mbeadh gá le hairgead breise taobh istigh de bhuiséad na Roinne agus go mbeadh soláthar breise – tá an tsuim airgid féin faoi cheilt sa cháipéis – ag teastáil le “freastal ar na héilimh ar fad”.

Chaithfí a chur san áireamh freisin, a dúradh, go raibh ardú ar na bacáin i gcás roinnt mhaith conarthaí farantóireachta a bhí le hathnuachan ag an Roinn.

Faoin tráth seo, bhí litir scríofa ag an Roinn chuig Aer Arann Islands maidir le síneadh ceithre mhí a chur leis an “gconradh reatha”, ach gan aon fhreagra faighte ag an Roinn ón gcomhlacht i leith na tairisceana sin.

Ar an 13 Deireadh Fómhair, d’aontaigh an Roinn dhá chonradh le Aer Arann Islands arbh fhiú €3.48m san iomlán iad. B’fhiú 1.62 milliún an conradh chun aersheirbhís a chur ar fáil d’Oileáin Árann, a mhairfidh go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2016; agus b’fhiú €1.86 milliún an conradh ceithre bliana a shínigh Galway Aviation Services Ltd, ainm trádála Aer Arann Islands, chun seirbhísí bainistíochta aeradróim a chur ar fáil ar Oileáin Árann, ag an gCloigeann, agus ar Inis Bó Finne.

Is ar an 30 Meán Fómhair 2019 a rachaidh an dara conradh in éag.

I gcáipéis eile atá faighte ag Tuairisc.ie, chuir duine de bhaill foirne Roinn na Gaeltachta in iúl do chomhghleacaí leis gur mhínigh sé don Aire Stáit “nár cheart PR [preasráiteas] a chur amach go dtí go mbeadh na litreacha faighte ag an 3 chomhlacht”.

I measc na gcáipéisí chomh maith, tá cóipeanna de thrí cinn de litreacha a seoladh chuig trí chomhlacht éagsúla a bhí san iomaíocht don chonradh. Measadh roimhe seo nach raibh i gceist ach dhá chomhlacht – Aer Arann Islands agus Executive Helicopters.

Baineann na trí litir leis an gcinneadh deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana ach tá ainmneacha na gcomhlachtaí agus sonraí na litreacha faoi cheilt ag cló dubh sna cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise.

Ní heol dúinn, mar sin, cérbh é an tríú comhlacht a bhí istigh ar an bpróiseas tairisceana ná cé chomh fada is a chuaigh siad sa chomórtas don chonradh.

Tá sé i gceist tús a chur le próiseas tairisceana nua san athbhliain.

Fág freagra ar 'Imní i Roinn na Gaeltachta gurb iad na hoileáin eile a bheadh thíos le conspóid aersheirbhís Árann'

  • Tadhg O Suilleabháin

    Roinn agus cloí – ach caithfidh na hoileánaigh uile seasamh let chéile – ‘ní neart go chur le chéile’