Imní gur níos lú cainteoirí is scríbhneoirí ‘cumasacha’ Gaeilge an toradh a bheadh ar athrú ar scrúdú Ardteiste

Tá litir seolta ag 11 eagraíocht go dtí an tAire Oideachais lena n-imní a chur in iúl faoin bplean go dtabharfadh daltaí Ardteiste faoi Pháipéar a hAon ag deireadh bhliain a cúig

Imní gur níos lú cainteoirí is scríbhneoirí ‘cumasacha’ Gaeilge an toradh a bheadh ar athrú ar scrúdú Ardteiste

D’fhéadfadh gur lú “cainteoirí agus scríbhneoirí cumasacha Gaeilge” a bheidh ann amach anseo má leantar ar aghaidh le plean nua na Roinne Oideachais do chúrsa Gaeilge na hArdteiste.

Sin ceann de na hargóintí atá déanta i litir atá seolta ag 11 eagraíocht go dtí an tAire Oideachais lena n-imní a chur in iúl faoin bplean go dtabharfadh na daltaí sin faoi Pháipéar a hAon ag deireadh bhliain a cúig.

Deirtear sa litir ó na heagraíochtaí teanga agus oideachais go bhfuil na plean sin ag teacht salach ar an “dea-chleachtas” san oideachas, gur glacadh an cinneadh gan aon taighde a dhéanamh faoi agus gan tuairimí lucht teagaisc na Gaeilge a lorg.

“Níor cheart aon athrú mór a chur i bhfeidhm ar an gcóras scrúdaithe sin, gan tuiscint iomlán a bheith againn ar thionchar agus ar impleachtaí na n-athruithe sin,” a scríobhtar.

Dá scrúdófaí Páipéar 1 ag deireadh an cúigiú bliain, is amhlaidh go gcaillfeadh daltaí spéis i scríobh na teanga sa séú bliain, a deirtear. 

Mura ndéantar aon leasú ar pháipéir na Gaeilge, d’fhágfadh an t-athrú go bhféadfadh go mbeadh deireadh déanta ag an dalta Ardteiste leis na scileanna teanga a fhoghlaimítear sa chluastuiscint agus sa cheapadóireacht ag deireadh an cúigiú bliain, údar imní eile ag lucht scríofa na litreach.

“Ní bheidh aon spreagadh ann do scoláirí scileanna i scríobh na teanga a shealbhú sa dara bliain den tsraith shinsearach. 

“Is sa bhliain seo a thagann forbairt mhór ar na scileanna sin agus tacaíonn siad leis an dul chun cinn i labhairt na teanga,” a deirtear sa litir.

Maítear chomh maith nach mbeadh sé “indéanta na topaicí ar fad atá leagtha amach sa siollabas reatha agus na feidhmeanna i scríobh na teanga atá ag gabháil leo a chlúdach i mbliain amháin.” 

Deirtear go bhfuil sé “tábhachtach” go dtabharfar faoi aon athrú i mbealach a chinnteoidh go mbeidh “cainteoirí agus scríbhneoirí cumasacha Gaeilge ann” amach anseo. 

Bheadh gá lena leithéid go háirithe má táthar chun príomhsprioc na reachtaíochta teanga nua a bhaint amach, is é sin gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030. 

I mí an Mhárta a fógraíodh gur ag deireadh bhliain a cúig a dhéanfaidh daltaí Páipéir 1 na Gaeilge agus an Bhéarla an bhliain seo chugainn. Daltaí a thabharfaidh faoin gcéad bhliain den tSraith Shinsearach i Meán Fómhair na bliana seo chugainn, 2023, an chéad dream a fheicfidh an  t-athrú ar an seanchóras.

Dúradh go raibh an cinneadh á dhéanamh d’fhonn an brú a bhíonn ag deireadh an séú bliain a laghdú.

Deir na heagraíochtaí oideachais agus teanga, áfach, go mbíonn 40% de na marcanna i scrúdú Gaeilge na hArdteiste ag dul don Bhéaltriail, scrúdú a reáchtáiltear dhá mhí roimh scrúduithe scríofa na hArdteiste. 

“Laghdaíonn sé seo an brú a bhaineann leis an dá pháipéar scríofa sa Ghaeilge. Ní hionann cás na Gaeilge agus cás an Bhéarla, áit a bhfuil 100% de na marcanna ag brath ar scrúduithe scríofa,” a deirtear.

Deir na heagraíochtaí oideachais agus teanga más gá athrú ar bith a dhéanamh ar an Ardteist leis an mbrú ar dhaltaí a laghdú, gur chóir sin a dhéanamh mar chuid de na hathbhreithnithe atá idir lámha cheana féin ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim. 

“Go bhfios dúinn níor cuireadh tuairimí múinteoirí san áireamh agus an cinneadh seo á ghlacadh. Níl An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, an eagraíocht atá ionadaíoch ar mhúinteoirí Gaeilge, i bhfabhar an athraithe seo. Ní léir mar sin cén bunús eolaíoch ná oideachasúil atá leis an gcinneadh.”

Is iad na heagraíochtaí a shínigh an litir chuig an Aire Oideachais Norma Foley; An Foras Pátrúnachta; An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge; Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn; Conradh na Gaeilge; Gael Linn; Gaeloideachas; Ógras; Oireachtas na Gaeilge; Sealbhú; Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Tá cruinniú á lorg ag na heagraíochtaí leis an Aire Oideachais leis an scéal a phlé.

Fág freagra ar 'Imní gur níos lú cainteoirí is scríbhneoirí ‘cumasacha’ Gaeilge an toradh a bheadh ar athrú ar scrúdú Ardteiste'

  • Eimear

    Eagraíochtaí nach dtuigeann an brú a bhaineann le 2 pháipéar a shuí. Eagraíochtaí nach bhfuil cur amach acu ar fholláine an óige.
    Déantar neamhaird dóibh. Tá leasaithe chun feabhais ag teastáil.

  • Amergín Ó Caoindealbháin

    B’fhéidir gur chóir Páipéar II a bhogadh go deireadh an 5ú bliain ionas go mbeidh an staidéar ar an litríocht thart ansin – bheidís in ann an 6ú bliain a chaitheamh ansin agus iad ag díriú go huile is go hiomlán ar fhorbairt na scileanna labhartha, cruinneas agus rudaí níos tábhachtaí dá leithéid