Imní faoina bhfuil i ndán d’fhéile Traidphicnic an Spidéil agus gan aon láthair aici

Ní bheidh fáil feasta ag lucht an ‘Traidphicnic’ ar thalamh Stiúideo Cuan, atá suite ar chúl Cheardlann an Spidéil

Imní faoina bhfuil i ndán d’fhéile Traidphicnic an Spidéil agus gan aon láthair aici

Tá amhras ann faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh an fhéile Traidphicnic ar siúl ar shráidbhaile an Spidéil i gConamara ar an bhliain seo chugainn cheal áit fheiliúnach a bheith ar fáil.

Agus í ag caint ó ardán na féile ag an deireadh seachtaine, d’fhógair Bridget Barker, cathaoirleach choiste an ‘Traidphicnic’, go raibh éiginnteacht ann maidir le todhchaí na féile, atá á reáchtáil le seacht mbliana anuas sa sráidbhaile Gaeltachta.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Barker gur cuireadh an coiste ar an eolas roinnt seachtainí ó shin nach mbeadh fáil feasta ag lucht an ‘Traidphicnic’ ar thalamh Stiúideo Cuan atá suite ar chúl Cheardlann an Spidéil, rud a fhágann go mbeidh orthu áit nua a aimsiú d’fhéile na bliana seo chugainn.

Dúirt Barker gur ghá dóibh foirgneamh agus spás a aimsiú gar don Cheardlann mar gheall ar an himeachtaí a bhíonn ar siúl le linn na féile agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh an fhéile ag dul ar aghaidh mura dtagann siad ar áit fheiliúnach roimh mhí Mheán Fómhair.

Dúirt Barker gur iarracht phobail a bhíonn sa Traidphicnic atá ag dul “ó neart go neart” agus gur mhór an chailliúint í do phobal an Spidéil murar féidir teacht ar shocrú don bhliain seo chugainn.

“Bhí scoth an deireadh seachtaine ar fad againn agus bhí an sráidbhaile ar fad an-tógtha leis an fhéile agus an oiread cuairteoirí thart. Rith tábhairní as beoir, ní raibh gráinne plúir fágtha sa Pizzeria agus tá muid dóchasach go dtiocfaidh muid ar réiteach ar an fhadhb seo go luath,” arsa Barker.

Thug Barker le fios go mbeidh cruinniú ag coiste na féile le hÚdarás na Gaeltachta go luath maidir leis na deacrachtaí atá acu “foirgneamh cuí” a aimsiú.

Fág freagra ar 'Imní faoina bhfuil i ndán d’fhéile Traidphicnic an Spidéil agus gan aon láthair aici'

  • Gearóid Ó Murchú

    Mar dhuine de mhuintir na Ceardlainne, is breá liomsa an Traidphicnic a bheith ar an láthair againn gach bliain. Is é an cúpla lá is spleodraí den bhliain í an fhéile iontach pobail seo.
    Ard-mholadh ag dul d’úinéirí Stiúideo Chuan as an spàs breá a chur ar fáil don stáitse agus lucht éisteachta. Bhí an suíomh in
    a iomláine foirfe d’ócáid mar seo.
    Mór an trua nach bhfuil siad ag fáiltiú leis an bhféile níos mó. Bhfuil aon rud gur féidir a dhéanamh faoi?