Imní faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach léirithe i dTithe an Oireachtais

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais buartha go mbeidh drochthionchar ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar stádas na teanga san Aontas

Imní faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach léirithe i dTithe an Oireachtais

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá imní léirithe ag an gCoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfianaise cinneadh mhuintir na Breataine tarraingt amach as an Aontas anuraidh.

Tá a n-imní curtha in iúl ag an gCoiste i dtuarascáil faoi thionchar an Bhreatimeachta ar an nGaeilge a d’fhoilsigh siad inné. Tá an Coiste buartha go mbeidh drochthionchar ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar stádas na teanga san Aontas toisc gurb iad Éire agus Málta an dá thír a bheidh fágtha san AE a bhfuil an Béarla mar theanga oifigiúil acu.

Maíonn an Coiste gur “fíric fhíor-íorónta é sin” i gcomhthéacs stair na hÉireann. Tá imní ar an gCoiste go gcuirfear brú ar an tír seo “tacaíocht oifigiúil agus príomha” a thabhairt don Bhéarla san Aontas Eorpach i ndiaidh imeacht na Breataine.

Tá iarrtha ag an gCoiste ar an Rialtas a chinntiú nach ndéanfar aon laghdú ar stádas oifigiúil na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach agus “go leanfar ar aghaidh leis an aitheantas don Ghaeilge mar phríomhtheanga na hÉireann sa bhaile agus thar lear”.

Léiríodh imní cheana i dTithe an Oireachtas faoi dhán na Gaeilge san Aontas Eorpach. Luaigh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, ó Fhianna Fáil, cás na Gaeilge ag cruinniú de chuid Phainéal Cultúir agus Oideachais an tSeanaid.

“Tá faitíos ann go gcuirfidh ballstáit eile brú ar Éirinn ár dteanga oifigiúil [san Aontas Eorpach] a athrú ó Ghaeilge go Béarla lena chinntiú go leanfar le húsáid an Bhéarla in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Thug Cathaoirleach Choiste Gnóthaí Thoghcheantair Pharlaimint an AE, Danuta Hübner, rabhadh maidir leis sin le deireanas.

“Is léir go mbeidh Éire faoi bhrú mór ár dteanga dhúchais a thréigean le húsáid an Bhéarla a chinntiú, ach caithfimid stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chosaint go docht,” a dúirt sí.

Mhol an t-eacnamaí mór le rá John Fitzgerald an bhliain seo caite go mbainfí an stádas oifigiúil den Ghaeilge agus é a thabhairt don Bhéarla i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dúirt FitzGerald nach mbeidh “aon tír ina labhraítear Béarla, chomh fada is a bhaineann sé leis an AE” fágtha san Aontas nuair a fhágfaidh an Bhreatain agus gur cheart d’Éirinn a chur in iúl “gurbh fhearr linn dá ndéanfaí an obair i mBéarla”.

Mhaígh sé go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh fáil ar cháipéisí de chuid an Aontais Eorpaigh i mBéarla i ndiaidh an Bhreatimeachta agus go mbeifí ag súil go mbeadh na hÉireannaigh atá ag obair in institiúidí éagsúla na Roinne ag plé leis na cáipéisí i nGaeilge nó i mórtheanga eile de chuid na hEorpa, seachas an Béarla.

Dúirt an saineolaí ar chúrsaí Gaeilge san Aontas Eorpach, Pádraig B Ó Laighin, áfach, gur “aineolas” is cúis leis an imní go léir faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

“Mar is eol dúinne a chaith stró le stádas a bhaint amach don Ghaeilge, bíonn próiseas fada i gceist sula dtiocfadh ceist dá leithéid faoi bhráid na Comhairle. Ba ghá do bhallstát éigin rialachán a dhréachtú a raibh sé mar aidhm aige an stádas a bhaint den Bhéarla, ansin dul timpeall ar na 26 ballstát eile (tar éis an Bhreatimeachta) agus a gcomhaontú a iarraidh, agus ansin an rialachán a mholadh ag cruinniú a mbeadh na 27 ballstát i láthair ann, agus vóta d’aon toil a fháil dó, gan aon stát, Éire ná eile, ag vótáil ina choinne,” a scríobh Ó Laighin i gcolún ar Tuairisc.ie anuraidh.

Fág freagra ar 'Imní faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach léirithe i dTithe an Oireachtais'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “go leanfar ar aghaidh leis an aitheantas don Ghaeilge mar phríomhtheanga na hÉireann sa bhaile agus thar lear” atá iarrta ag Coiste na Gaeilge. An bhfuil siad i ndáiríre? Is fada ó bhí an Ghaeilge ‘mar phríomhtheanga na hÉireann’ sa mbaile, ar aon chaoi. Beidh ár ndóthain le déanamh againn í a choinneál mar phríomhtheanga sa mhéidín bheag den tír ina úsáidtear í faoi láthair!

  • Mánus

    Dá mba rud é go raibh an Ghaeilge cláraithe mar mhionteanga leis an AE bheadh mionscrúdú á chur ón taobh amuigh ar soláthar seirbhísí Stáit tré mheán na Gaeilge. Is mionteanga de facto í an Ghaeilge ach toisc an stádas teoiriciúil atá aici mar theanga náisiúnta sa mbunreacht bhí an mí-ádh ar Ghaeilgeoirí an Deiscirt nach bhfuil súil fuarchúiseach á chaitheamh ag an AE ar sorcas na Gaeilge sa státchóras.

  • Harriet P.

    An ceart ar fad agat, a Mhánus. Bheimis níos fearr as dá mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar mhionteanga agus dá gcosnófaí ón stát í dá réir. Nach truamhéalach cas na Gaeilge sa tír seo!

  • Sean

    An Ghaeilge; is measa an cara fallsa na an namhaid follasach.