Imní nach bhfaighfear duine ar bith d’oifig an phoist Charna

Rinne An Post na hiarratais a mheas arú inné agus socraíodh go bhfógrófaí folúntas Charna arís

Imní nach bhfaighfear duine ar bith d’oifig an phoist Charna

Tá sé ina imní i bpobal Charna i nGaeltacht Chonamara nach bhfaighfear duine ar bith a mbeadh An Post sásta leis le dul i mbun chúraimí oifig an phoist an tsráidbhaile.  D’fhógair An Post inné go bhfuil siad leis an bhfolúntas a fhógairt arís.  Dúirt An Post gur chuir roinnt daoine iarratas isteach ar dhualgais an mháistir poist i gCarna nuair a cuireadh an chéad fhógra amach i mí Lúnasa ach ní dhearnadh aon cheapachán bunaithe ar an bhfógra sin.

Tá an oifig phoist a bhí i gCarna leis na scórtha bliain dúnta ón 3 Bealtaine seo caite. Dúirt An Post tráth ar dúnadh an oifig gur de bharr cúinsí nach raibh aon neart acu féin orthu a tharla sin.  D’fhógair An Post i mí Lúnasa go raibh deireadh curtha acu leis an gconradh a bhí acu leis an máistreás poist i gCarna agus fógraíodh an folúntas go poiblí.

Rinneadh na hiarratais a mheas arú inné agus socraíodh ina dhiaidh sin go bhfógrófaí an folúntas arís.  Beidh go dtí an 16 de Dheireadh Fómhair ag daoine le hiarratais a chur chuig An Post.  Ach, ó tharla nár roghnaíodh duine éigin ar an gcéad iarraidh, táthar imníoch i gceantar Charna nach dtiocfaidh aon duine eile chun cinn faoin tráth seo a shásódh na coinníollacha atá leagtha síos. 

Go hiondúil tugtar bun-íocaíocht thart €2,000 sa mhí do dhuine a bheadh ag plé le hoifig phoist i mbaile tuaithe.  Tugtar luach saothair le cois as aon ghnó a dhéantar san oifig ina dhiaidh sin – stampaí a dhíol,  íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ceadúnais éagsúla agus a leithéidí.  Ach tá cúraimí troma ar an máistir/máistreás poist maidir le láimhsiú airgid agus cúrsaí slándála a bheith sásúil san oifig féin agus in aon fhoirgneamh a bheadh in aice láimhe.

Dúirt fear labhartha ó An Post gur dóigh gur foirgneamh a mbeadh gnó ar nós siopa ann is fearr a d’fheilfeadh d’oifig phoist áitiúil anois ach nach raibh aon stop ar dhuine iarratas a dhéanamh chun an tseirbhís phoist aisti féin a rith.

Dúirt fear amháin a bhfuil eolas aige ar reáchtáil oifig phoist i gConamara gur iondúil go gcaitear duine a fhostú leis an tseirbhís a láimhsiú.  “Bíonn an bun-airgead a fhaigheann tú caite agat ar an bpost breise sin. Is deacair mórán a shaothrú ar ghnó breise san oifig i gceantar tuaithe,” a dúirt sé.

Ach glactar leis go bhfuil buntáiste gnó ag baint le hoifig an phoist a bheith agat má bhíonn sí suite in ionad a bhfuil gnó siopadóireachta nó a leithéid ar siúl ann chomh maith.

Tá ceithre bhunriachtanas leagtha síos ag An Post leis an iarratas a bhaineann le dualgais an mháistir/mháistreás poist i gCarna:

• Cuntas a thabhairt ar do chúrsaí airgeadais phearsanta agus ghnó – má tá gnó agat

• Plean gnó faoin gcaoi a reáchtálfaí gnó oifig an phoist

• Líníocht agus grianghrafanna den fhoirgneamh

• Deimhniú imréitigh cánach idir phearsanta agus ghnó.   

Táthar ag súil sa gceantar go dtiocfaidh duine nó daoine chun cinn as seo go ceann  coicíse a shásóidh na coinníollacha atá ag An Post.  Ach, tá sé ina imní nach mar sin a bheidh ó tharla nach ndearnadh ceapachán tar éis an chéad fhógra.

Fág freagra ar 'Imní nach bhfaighfear duine ar bith d’oifig an phoist Charna'